Seolann an tAire Sláinte Glao Bliantúil den Choiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh ar Aighneachtaí 2023
- Foilsithe: 16 Nollaig 2023
- An t-eolas is déanaí: 15 Aibreán 2025
Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly, Glao Bliantúil 2023 den Choiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh (NSAC) inniu.
Is coiste neamhspleách é NSAC a dhéanann moltaí don Aire Sláinte maidir le cláir scagthástála nua daonra-bhunaithe a thabhairt isteach nó le hathruithe ar chláir atá ann cheana féin.
Tugann an Glao Bliantúil cuireadh do dhaoine den phobal agus do ghairmithe sláinte aighneachtaí a dhéanamh maidir le cláir scagthástála in Éirinn. Tá na haighneachtaí seo tábhachtach chun bonn eolais a chur faoi chlár oibre an Choiste, agus tá trí mholadh curtha faoi bhráid an Aire cheana féin, bunaithe ar na haighneachtaí a fuarthas ó na Glaonna Bliantúla in 2021 agus 2022. Ba é an ceann is déanaí dóibh ná an moladh chun Seargadh Matánach Dromlaigh (SMD) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota Naíonna (NBS).
Dúirt an tAire Donnelly:
"Tacaím go láidir leis an leathnú leanúnach ar chláir scagthástála na hÉireann. Mar is eol dúinn go léir, sábhálann an scagadh beatha daoine, agus táim ag súil le tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh sa réimse seo.
"Mar Aire Sláinte, tá sé tábhachtach domsa go mbeadh deis ag daoine cead cainte a bheith acu i dtodhchaí na scagthástála in Éirinn agus molaim go mór do dhaoine é sin a dhéanamh trí aighneachtaí a dhéanamh."
Dúirt Cathaoirleach an NSAC, an Dr Suzanne Crowe:
"Is próisis thábhachtacha iad glaonna ar aighneachtaí a chabhraíonn le bonn eolais a chur faoi obair den Choiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh. Bhí tionchar láidir ag aighneachtaí a fuarthas trí ghlaonna 2021 agus 2022 ar an dul chun cinn suntasach atá déanta go dtí seo ar athruithe a rinneadh ar ár gcláir náisiúnta scagthástála sláinte daonra.
"Tá áthas orainn ár nglao ar aighneachtaí 2023 a sheoladh, agus molaim do dhaoine a gcuid moltaí agus smaointe a chur isteach."
Fanfaidh an Glao Bliantúil ar oscailt go dtí 5i.n. Dé hAoine an 1 Márta 2024. Tá na sonraí ar fad maidir le conas aighneacht a dhéanamh ar fáil ag www.nsacommittee.gov.ie
Nótaí
Is coiste comhairleach neamhspleách é NSAC a chuireann comhairle ar an Aire agus ar an Roinn Sláinte maidir le gach togra nua do chláir scagthástála daonrabhunaithe agus athruithe ar chláir reatha. Féach ar gov.ie/NSAC le haghaidh tuilleadh eolais. Tá Tuarascáil Bhliantúil 2022 an NSAC ar fáil ar an láithreán gréasáin freisin.
Tá nuashonruithe ar thograí Ghlao 2021 agus 2022 ar fáil ar www.nsacommittee.gov.ie.
Tá na moltaí don Aire ó NSAC a rinneadh roimhe seo ar fáil anseo freisin.
1: Easnamh Deaminase Adenosine a chur leis- Dian-Easpa Imdhíonachta Comhcheangailte (ADA-SCID) mar an naoú riocht don Chlár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota Naíonna
2: An Clár Náisiúnta Scagthástála Díaibéitis RetinaScreen a athrú, chun an t-eatramh idir scagthástálacha a mhéadú ó bhliain amháin go dhá bhliain do dhaoine a bhfuil diaibéiteas orthu atá i mbaol íseal retinopathy.
3: An Clár Náisiúnta BowelScreen a athrú, chun treoirlínte a ghlacadh chun a chinntiú go bhfuil BowelScreen ailínithe le cleachtas cliniciúil reatha ar fud na seirbhíse siomptómach i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.
4: An grúpa de riochtaí Dian-Easpa Imdhíonachta Comhcheangailte (SCID) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota Naíonna
5: Seargadh Matánach Dromlaigh (SMD) a chur leis an gClár Náisiúnta Scagthástála Fuilspota Naíonna.
Déanann an Coiste Comhairleach Náisiúnta um Scagadh athbhreithniú leanúnach ar struchtúr an phróisis de Ghlao ar Aighneachtaí, lena n-áirítear minicíocht agus formáid na nglaonna amach anseo.