Seolann an tAire Sláinte Phoiblí comhpháirtíocht idirnáisiúnta sláinte agus aeráide ag Comhdháil na hEagraíochta Domhanda Sláinte

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Sláinte Phoiblí comhpháirtíocht idirnáisiúnta sláinte agus aeráide ag Comhdháil na hEagraíochta Domhanda Sláinte

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 6 Iúil 2023
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Seolann an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí comhpháirtíocht idirnáisiúnta sláinte agus aeráide ag Comhdháil na hEagraíochta Domhanda Sláinte

Inniu sheol an tAire Sláinte Phoiblí, Folláine agus an Straitéis Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton TD, comhpháirtíocht idirnáisiúnta a chuireann gníomhaíocht aeráide na hearnála sláinte chun cinn ag Seachtú Comhdháil na nAirí Comhshaoil agus Sláinte i mBúdaipeist, arna heagrú ag Oifig Réigiúnach na hEorpa de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte.

Tá Éire mar cheannasaí ar an gcomhpháirtíocht leis an RA, an Ísiltír, an Ostair agus an Bheilg.

Dearadh é chun foghlaim chomhroinnte a éascú i measc na mBallstát agus cabhróidh sé cur le cumas na n-earnálacha sláinte i Réigiún Eorpach EDS tabhairt faoi ghníomhaíochtaí uaillmhianacha oiriúnaithe aeráide agus maolaithe.

Dúirt an tAire Naughton:

“Ag tógáil ar an obair faoi Phlean Gníomhaíochta Aeráide na hÉireann agus faoi Straitéis Gníomhaíochta Aeráide an FSS araon, feicim gur deis luachmhar í an chomhpháirtíocht seo dúinn chun ár gcuid foghlama a roinnt agus le cur lenár n-acmhainn chomhchoiteann chun an dá chuspóir seo a bhaint amach.

“Tá an-suim agam foghlaim faoi thionscnaimh oiriúnaithe agus maolaithe ón Réigiúin Eorpaigh agus iad a chur ar ais inár bhforbairt beartais intíre, agus chun ár dtaithí in Éirinn a roinnt le Ballstáit eile freisin.”

Mar chuid den chomhdháil dhá lá, síneofar Dearbhú Aireachta a thacaíonn le gníomhaíocht a bhaineann leis an tsláinte chun aghaidh a thabhairt ar athrú aeráide, caillteanas bithéagsúlachta agus truailliú comhshaoil.

Roimh di an fhógairt a shíniú, dúirt an tAire Naughton:

“Go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, tá níos mó aitheantais á thabhairt do na naisc idir ár sláinte agus an chaoi a dtugann muid aire don chomhshaol timpeall orainn.

"Is onóir dom an fhógairt seo a shíniú thar ceann na hÉireann agus tá súil agam go neartóidh sé an tiomantas coiteann atá againn chun ualach na drochshláinte de dheasca fachtóirí riosca comhshaoil a laghdú.

“Tágann Éire le cuspóirí na 53 Ballstát de Réigiún Eorpach an EDS cheana féin i dtaobh ár mbeartas comhshaoil, aeráide agus sláinte, agus táim sásta go neartóidh an dearbhú comhoibríoch seo ár gcomhoibriú chun ár gcomhspriocanna a bhaint amach.

“Cruthaíonn na trí bhagairtí a bhaineann le hathrú aeráide, truailliú comhshaoil agus caillteanas bithéagsúlachta bagairt ollmhór dár saol agus dár bplainéad, agus is iad na gníomhartha a ghlacfaimid anois a shocróidh sláinte dhaonra an domhain amach anseo.”

  • Scaipfear grianghrafadóireacht chuig deasc na bpictiúr um thráthnóna

Nótaí:

Reáchtáil Réigiún Eorpach an EDS Comhdhálacha Aireachta ar shaincheisteanna a nascann ábhair imní sláinte agus comhshaoil gach 5-6 bliana ó 1989 i leith. Seolta ag Uachtarán na hUngáire, tá sé mar aidhm ag Seachtú Comhdháil na nAirí na rudaí seo a leanas a bhaint amach:

  • Gníomhaíocht agus comhoibriú nithiúil a spreagadh ar fud na dtíortha agus na n-earnálacha chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí práinneacha comhshaoil don tsláinte a bhaineann le teacht aniar ón bpaindéim agus leis an ngéarchéim fuinnimh
  • Deis a chur ar fáil dea-chleachtais a chur i láthair agus taithí agus eolas a roinnt
  • Comhpháirtíochtaí nua a sheoladh a thabharfaidh aghaidh ar mhórcheisteanna comhshaoil agus sláinte
  • Rannpháirtíocht na hóige a chur chun cinn i mbeartas agus i ngníomh comhshaoil agus sláinte; agus
  • Críochnú le glacadh le dearbhú comhaontaithe ón Aire le gealltanais nithiúla ann chun aghaidh a thabhairt ar ghníomhartha ar ghnéithe sláinte an athraithe aeráide, truailliú comhshaoil agus caillteanas bithéagsúlachta, agus ar theacht anair ón bpaindéim trí aistriú sláintiúil agus cóir a chur chun cinn.

Comhpháirtíocht an EHP ar Ghníomhú ar son na hAeráide san Earnáil Sláinte

Ar cheann de shraith comhpháirtíochtaí neamhfhoirmiúla atá á seoladh ag Comhdháil na nAirí Comhshaoil agus Sláinte, díríonn cuspóirí na comhpháirtíochta seo ar fhoghlaim a roinnt agus ar chumas na n-earnálacha sláinte a thógáil i Réigiún Eorpach an EDS chun tabhairt faoi ghníomhaíochtaí uaillmhianacha oiriúnaithe aeráide agus maolaithe.

Nascann sé go dlúth le Clár Sláinte COP26 a sheoladh san RA in 2021 agus tá sé mar aidhm aige na Ballstáit a chumasú chun a dtuiscint ar an raon nasc idir an tsláinte agus an aeráid a mhéadú trí shraith tobsmaointeoireachta fíorúla.

Roinnfidh comhpháirtithe raon taithí ar shaincheisteanna maolaithe lena n-áirítear an timpeallacht thógtha, soláthar inbhuanaithe, cúram sláinte níos glaise, agus saincheisteanna oiriúnaithe amhail tonnta teasa, tuilte, galair zónóiseacha agus veicteoir-iompartha. Cé go bhféadfadh éagsúlacht shuntasach a bheith ag baint le cumais agus struchtúir na gcóras cúram sláinte ar fud an Réigiúin, cabhróidh an chomhpháirtíocht seo le forbairt polasaithe baile eolacha a threorú.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat