Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Seolann an tAire Sláinte Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2022 ar fiú €350 milliún é

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 25 Feabhra 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Sheol an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, an Plean Gníomhaíochta um Liosta Feithimh 2022 inniu, an chéad bhliain de chlár athchóirithe ilbhliantúil chun liostaí feithimh agus amanna feithimh do chúram roghnach in Éirinn a chobhsú agus a laghdú, rud a chuirfeadh athrú suntasach agus marthanach i bhfeidhm ar uimhreacha liostaí feithimh

Léiríonn réamh-mheastacháin do 2022 go gcuirfear os cionn 1.5 milliún othar ar liostaí feithimh gníomhacha i mbliana. D'fhan go leor daoine ar shiúl ón tseirbhís sláinte le linn na paindéime agus níor tháinig siad chun cinn don chúram a bhí de dhíth orthu. Ní raibh daoine eile in ann rochtain a fháil ar chúram neamhphráinneach. De réir mar a thagann na daoine seo chun cinn cuirfidh sé éileamh mór breise ar ár seirbhís sláinte.

Sonraíonn an Plean seo conas atá sé i gceist ag an Roinn Sláinte, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála (NTPF) a chinntiú go ndéantar cóireáil ar líon níos airde fós, 1.7 milliún, agus go mbaintear iad de liostaí feithimh. Tabharfaidh sé seo ár bhfigiúirí liosta feithimh go dtí an líon is ísle le cúig bliana anuas.

Aithníonn an Plean uaillmhianach seo 45 gníomh mar chuid de chur chuige cuimsitheach dé rian infheistíochta chun liostaí feithimh a laghdú agus a athchóiriú. Tá sé mar aidhm ag infheistíocht spriocdhírithe cóireáil a chur ar i bhfad níos mó daoine chomh tapa agus is féidir. Ag an am céanna, scriosfar an bhearna idir éileamh agus acmhainn bhuan trí athchóiriú agus infheistíocht a dhéanamh inár seirbhís sláinte poiblí trí aghaidh a thabhairt ar athchóirithe fadtéarmacha amhail bealaí cúraim othar a fheabhsú, bailiú sonraí agus comhroinnt faisnéise a fheabhsú, agus prótacail bhainistíochta liostaí feithimh a athbhreithniú.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an tAire Donnelly:

“Tá áthas orm Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2022 a sheoladh, cur chuige uaillmhianach, cuimsitheach agus spriocdhírithe chun liostaí feithimh agus amanna feithimh a laghdú go suntasach. Is eol dúinn go raibh líon na ndaoine ar liostaí feithimh ró-ard cheana féin roimh an bpaindéim agus anois, tar éis míonna de chur isteach ar sheirbhísí, tá os cionn 730,000 ag fanacht ar chúram in Éirinn.

“Leithdháileann an Plean seo €350 milliún ar FSS agus NTPF chun liostaí feithimh a laghdú 18 faoin gcéad i mbliana, rud a thabharfaidh líon na ndaoine atá ag fanacht go dtí an pointe is ísle le cúig bliana.

Cé go ndíríonn an Plean seo ar líon suntasach agus spriocanna, baineann sé go bunúsach lena chinntiú go bhfaigheann daoine an cúram ceart san áit cheart, ag an am ceart - ár seirbhís sláinte a athchóiriú trí bhunphrionsabail Sláinte Care.”

Díreofar go háirithe ar 15 gnáthamh cásanna lae d’othair chónaitheacha ard-toirte ionas go bhfaighidh gach duine atá ag fanacht le breis agus 6 mhí agus atá réidh go cliniciúil tairiscint cóireála. Is iad sin:

  • Cataracht
  • Cisteascópacht
  • Athchur cromáin
  • Athchur glúine
  • Lot craicinn (Máinliacht Ghinearálta agus Máinliacht Phlaisteach)
  • Féitheacha borrtha
  • Angagraim
  • Céislíneachtóimí
  • Colaicisteachtóime Laparascópach
  • Seipteaplaiste
  • Fiaclóireachta
  • Histireascópacht
  • Laparascópacht (Gínéiceolaíocht)
  • Histireachtóime iomlán bhoilg
  • Deisiúchán maidhm sheicne bhléineach

Tógann an Plean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2022 ar rath an Phlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh gearrthéarmach a bhí ar siúl ó Mheán Fómhair go Nollaig na bliana seo caite agus a sholáthair laghdú 5 faoin gcéad ar liostaí feithimh, le linn na tréimhse ama sin, arb ionann é agus 40,000 duine breise nach bhfuil ar liostaí feithimh a thuilleadh.


Nótaí

Tá 45 gníomh i bPlean Gníomhaíochta um Liostaí Feithimh 2022 thar cheithre réimse:

  • Acmhainn a Sheachadadh in 2022: Seachadadh láithreach ar ghníomhaíocht bhreise laistigh den chóras príobháideach agus poiblí chun aghaidh a thabhairt ar riaráiste reatha na liostaí feithimh.
  • Leasú ar Chúram Sceidealta: Bearta leasaithe meántéarmach go fadtéarmach chun cnstaicí ar chúram a sheachadadh go tráthúil a réiteach. Áirítear leis seo feabhas a chur ar bhealaí cúraim othar, agus thart ar 37 cosán cúraim sceidealaithe tosaíochta thar 16 speisialtacht le cur i bhfeidhm in 2022. Cinnteoidh siad seo go mbeidh rochtain níos tráthúla ar chúram ar fáil do dhaoine i suíomhanna níos gaire dá bpobail agus dá dtithe.
  • Leasú ar Chúram Sceidealta a Chumasú: Príomhchumasóirí próisis / beartais agus teicneolaíochta / sonraí ríthábhachtach chun tacú leis an athchóiriú córais uile a theastaíonn chun rochtain ar chúram sceidealta a fheabhsú agus chun spriocanna uasta feithimh an Rialtais a bhaint amach.
  • Aghaidh a thabhairt ar Rochtain ar Chúram Pobail agus ar Liostaí Feithimh: Gníomhaíochtaí breise 'táiscéalacha agus bunúsacha' chun tuiscint níos fearr a fháil ar agus gníomh gearrthéarmach, meántéarmach agus fadtéarmach a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar rochtain agus ar liostaí feithimh sa phobal.

Áirítear leis an €350 milliún maoiniú reatha de €100 milliún arna leithdháileadh ar an NTPF do 2022 chomh maith le maoiniú breise de €50 milliún, rud a sholáthraíonn buiséad iomlán de €150 milliún don bhliain dó. Leis an maoiniú seo, réamh-mheastar go mbainfidh gníomhaíocht NTPF 273,000 othar ó liostaí feithimh, le gníomhaíocht a chuimsíonn tacaíocht d’ospidéil phoiblí chun cóireáil a chur ar níos mó othar, cúram a choimisiúnú in ospidéil phríobháideacha, bailíochtú, cáilíocht sonraí, athchóiriú agus forbairt córais agus próisis.

Chomh maith le gníomhaíocht an NTPF, úsáidtear cuid shuntasach den mhaoiniú breise de €200 milliún chun gníomhaíocht a mhéadú tuilleadh chun glanlaghdú ar liostaí feithimh a bhaint amach faoi dheireadh 2022. Áiríonn sé seo €15 milliún tiomnaithe do réimsí tosaíochta gínéiceolaíochta, ortaipéidic phéidiatraiceach (le fócas sonrach ar mháinliacht dhromlaigh) agus cóireálacha bairiatracha/otrachta, chomh maith le €20 milliún do thionscnaimh a laghdóidh liostaí feithimh cúram pobail ar leith (lena n-áirítear ortódóntaic, síceolaíocht/comhairleoireacht leanaí cúram príomhúil, CAMHS agus uathachas).