Seolann na hAirí O’Gorman agus Rabbitte Comórtas Cruthaitheachta Pearsanta d’úsáideoirí seirbhíse an mhíchumais agus nochtann siad pictiúr le healaíontóirí ón tSeirbhís Tacaíochta um Míchumas de chuid Iníonacha na Carthanachta i mBaile Átha Cliath
- Foilsithe: 22 Iúil 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Sheol an tAire Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Comhtháthú agus an Óige, Roderic O’Gorman TD, agus an tAire Stáit do Mhíchumas, Anne Rabbitte TD, inniu ‘Comórtas Cruthaitheachta Pearsanta’ d’aosaigh faoi mhíchumas. Mar chuid de na tacaíochtaí a chuirtear ar fáil d’aosaigh faoi mhíchumas trí sheirbhís na sláinte agus an chúraim sóisialta pearsanta, tugtar an deis do dhaoine faoi mhíchumas a gcuid cruthaitheachta féin a iniúchadh agus na modhanna féinléirithe is fearr leo a fháil amach. Taispeánfaidh an comórtas seo go leor samplaí den chruthaitheacht agus den léiriú pearsanta i measc aosaigh faoi mhíchumas.
Tugtar cuireadh d'aosaigh atá tacaíocht á fáil acu o sheirbhísí an mhíchumais torthaí a gcuid iniúchta ina léiriú pearsanta agus ina gcruthaitheacht a chur isteach. D’fhéadfadh sé seo a bheith ina phictiúr, ina phíosa dealbhóra, ina dhán, ina scéal scríofa, ina chuid éadaigh nó réad fite/cniotáilte/fuaite, nó ina ghearrthóg físe a thaispeánann iniúchadh ar an rince, ar an gceol nó ar an drámaíocht. Roghnófar trí iontráil ó gach Eagraíocht Cúraim Sláinte an Phobail (ECSP/CHO) le dul ar aghaidh lena mbreithniú ar leibhéal Náisiúnta. Fógróidh an tAire Rabbitte na príomhthaispeántáin ag fáiltiú sa Roinn an bhliain seo chugainn, nuair a thabharfar duaiseanna do na trí thaispeántán is fearr. Scaipfear sonraí iomlána an chomórtais ar gach soláthraí seirbhíse an mhíchumais d'aosaigh nuair a atosóidh na seirbhísí lae níos déanaí sa bliain.
Nocht na hAirí píosa ealaíne inniu i bPlaza Miesach a chruthaigh 9 úsáideoir na seirbhíse de chuid Iníonacha na Carthanachta i mBaile Átha Cliath. Crochfar an pictiúr, atá cosúil le ‘Hellelil and Hildebrand, The Meeting of the Turret Stairs’ (Casadh Hellelil agus Hildebrand ar a chéile ag Staighre an Túirín) (1864) le Frederic William Burton, i bhforhalla Bloic 1 Plaza Miesach, ceanncheathrú na Roinne Sláinte agus na Roinne Leanaí, Comhionannas, Míchumas, Comhtháthú agus an Óige don bhliain amach romhainn.
Agus í ag labhairt ag seoladh an lae inniu, dúirt an tAire Rabbitte:
“Tá sé thar a beith tábhachtach tacú le léiriú agus cruthaitheacht de chuid aosaigh faoi mhíchumas agus caithfidh na deiseanna a chuirtear ar fáil dóibh chun a gcuid buanna agus cumas a iniúchadh a bheith i gcroílár na seirbhísí atá dírithe ar an duine féin. Tá an-áthas orm an ‘Comórtas Cruthaitheachta Pearsanta’ seo a sheoladh d’aosaigh faoi mhíchumas, chun a gcuid oibre a thaispeáint agus táim ag tnúth le hiontrálacha uile an chomórtais seo a fheiceáil sa bhliain seo chugainn”.
CRÍOCH