Seolann na hAirí Sláinte agus an CMO feachtas Naisc Shóisialta chun aghaidh a thabhairt ar uaigneas agus aonrú i measc daoine scothaosta
- Foilsithe: 1 Márta 2023
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
Tá feachtas nua ilmheánach dar teideal “Dia duit arís, a Dhomhain Mhóie”, fógartha ag an Aire Sláinte, Stephan Donnelly; an Aire um Mheabhairsláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler; an Aire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton; agus an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth, a bheidh mar aidhm aige dul i ngleic leis an uaigneas agus an iargúltacht i measc daoine aosta.
Is é “Dia Duit, a Dhomhain Mhóir” an teideal atá ar an bhfeachtas. Cruthaíodh é chun dul i ngleic leis an bhfadhb atá ann leis an uaigneas, fadhb atá ag dul i méid. Tá an tsaincheist seo tar éis dul in olcas de bharr na paindéime COVID-19 mar tá an-chuid daoine aosta ann nach bhfuil a gcuid ceangail shóisialta athbhunaithe acu ó iarradh orthu cocúnú a dhéanamh sa bhaile ar mhaithe lena gcuid sábháilteachta.
Tá tionchar suntasach ag an uaigneas ar an tsláinte fhisiciúil agus mheabhrach agus tá baint aige le riochtaí sláinte ainsealacha.
Tá an feachtas “Dia Duit, a Dhomhain Mhóir” á thacú ag Éire Shláintiúil agus tá sé mar aidhm aige daoine aosta a chumasú agus iad a spreagach chun rud éigin dearfach a dhéanamh don tsláinte trí dhul amach arís i measc an phobail agus na naisc shóisialta atá acu a mhéadú.
Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly:
“Tá sé fíorthábhachtach don tsláinte agus don fholláine i gcoitinne dul i dteagmháil arís le daoine. Is maith is eol dom gur fhulaing daoine aosta, go háirithe, mar sin an chéad grúpa a iarradh orthu cocúnú a dhéanamh. Ní hionadh ar bith é go mbraitheann roinnt mhaith díobh neirbhíseach faoin teagmháil shóisialta, ach is céim an-dearfach í don tsláinte mar téann sé i ngleic leis an uaigneas.
“Is iomaí gníomhaíocht iontach atá á tairiscint ag pobail ar fud na tíre do dhaoine aosta. Tá taithí phearsanta agam ar an atmaisféar beomhar a chuidíonn leis an aosú folláin. Inniu táim ag moladh dóibh cinneadh sláintiúil a dhéanamh agus dul amach arís i measc an phobail agus ceangal a dhéanamh leo.”
Dúirt an tAire um Mheabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler:
“Is ar dhaoine aosta inár sochaí atá an feachtas seo dírithe, daoine atá i mbaol uaignis agus iargúltachta le cúpla bliain anuas. Ní gá bheith uaigneach a thuilleadh mar is iomaí deis atá ann athcheangail le daoine ar fud na tíre.
“ Is féidir linn go léir páirt a ghlacadh chun cabhrú le daoine aosta ceangail a dhéanamh agus iad a spreagadh páirt a ghlacadh i ngíomhaíochtaí taitneamhacha a chuireann an tsláinte chun cinn.”
Dúirt an tAire Sláinte Poiblí, Folláine agus na Straitéise Náisiúnta Frithdhrugaí, Hildegarde Naughton:
“Bíonn tionchar ag an uaigneas agus ag an iargúltacht ar dhaoine de gach aois agus as gach aicme. Tá sé deacair a thuiscint an drochthionchar a bhíonn ar an tsláinte fhisiciúil agus mheabhrach.
“Chomh maith céanna, ní mór tuiscint a fháil ar an dea-thionchar a bhíonn ag an gceangal sóisialta ionas gur féidir linn an scéal a scaipeadh gurb é an rud is fearr is féidir leat a dhéanamh do do shláinte inniu.”
Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth:
“Is iomaí iompraíocht a théann i bhfeidhm ar na dúshláin sláinte atá romhainn, agus má ghníomhaímid chun an t-uaigneas a mhaolú, is féidir linn difríocht mhór a dhéanamh dár sláinte fhisiciúil agus mheabhrach chun an baol ó riochtaí ainsealacha a laghdú.
“Déanann sé maitheas dúinn bheith i measc daoine agus ba mhaith liom daoine a chur ar a suaimhneas agus a rá leo go bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh fad is atá siad cúramach.
“Má tá tú vaicsínithe go hiomlán i gcoinne COVID-19 agus má dhéanann tú réamhchúram, is féidir leat a bheith cinnte go bhfuil ard leibhéal cosanta agat, agus is féidir leat taitneamh a bhaint as ócáidí sóisialta agus as gníomhaíochtaí le do phobal áitiúil.”
Eiseoidh Grianghrafadóireacht Maxwell grianghraif inniu.
Nótaí don Eagarthóir
- Chun seoladh an fheachtais “Dia Duit, a Dhomhain Mhóir” a cheiriúradh, tá litir oscailte scríofa ag an bPríomhoifigeach Leighis, an tOllamh Breda Smyth, atá faoi iamh leis an bpreasráiteas seo, chuig daoine aosta in Éirinn.
- Roimh an phaindéim COVID-19, léirigh an suirbhé domhanda is mó ar an uaigneas go ndúirt 29% de dhaoine aosta idir 65-74 agus 27% dóibh siúd os cionn 75 gur mhothaigh siad uaigneach go minic. The Anatomy of Loneliness - Who feels lonely? The results of the world’s largest loneliness study
- Sa bhliain 2020, tháinig méadú faoi dhó ar líon na ndaoine a bhí uaigneach an t-am ar fad nó an chuid is mó den am in Éirinn idir Aibreán agus Samhain. Bhí beagnach leath de dhaoine 70 bliain d’aois agus os a chionn buartha nó an-bhuartha faoi naisc shóisialta a choimeád beo le linn na paindéime. Social Impact of COVID-19 by Age Group April 2020 - CSO - Central Statistics Office
- Tá sé léirithe ag mórán staidéir go bhfuil nasc láidir idir an uaigneas agus riochtaí leighis ainsealacha, lena n-áirítear galar croí, galar scamhóige, hipirtheannas, aitéiriscléaróis, stróc, agus neamhord meitibileach ar nós murtall agus galar meitibileach. Tá sé nasctha freisin le drochshláinte mheabhrach. The complexity of loneliness - PMC (nih.gov)
- Cuirfear tús leis an bhfeachtas “Dia Duit, a Dhomhain Mhóir” Dé Céadaoin 1 Márta 2023 le fógra teilifíse agus raidió, agus postálfar fógraí ar na meáin shóisialta.