English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Meabhairshláinte maidir le foilsiú den athbhreithniú téamach an Choimisiúin Meabhairshláinte ar chúram meabhairshláinte i Rannóga Éigeandála in ospidéil

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Aibreán 2025
  • An t-eolas is déanaí: 23 Aibreán 2025

Dúirt an tAire Meabhairshláinte Mary Butler:

"Cuirim fáilte roimh thuarascáil Phríomhchigire an Choimisiúin Meabhairshláinte maidir le cúram géarmhíochaine meabhairshláinte i Rannóga Éigeandála ospidéil. Is í mo thosaíocht ná go gcuirtear measúnú agus tacaíocht thráthúil ar fáil do dhaoine, atá ag streachailt le géarchéim meabhairshláinte, i dtimpeallacht chuí a choinníonn slán iad.

"Is minic a shíleann daoine, atá ag fulaingt le tinneas meabhairshláinte, go bhfuil Rannóga Éigeandála gnóthacha - go háirithe lasmuigh d'uaireanta oibre - mícheart dá gcuid riachtanas, agus tá a fhios againn gurb é seo an fáth go n-imíonn roinnt daoine sula mbuaileann siad le cliniceoir ann.

"Is í ár n-uaillmhian ná fíor-bhealaí cúraim malartacha agus timpeallachtaí teiripeacha a fhorbairt chun líon na ndaoine a chaithfidh freastal ar Rannóga Éigeandála le haghaidh géarchúraim a laghdú. Áirítear leis seo forbairt na bhFoirne um Réiteach Géarchéime agus bunú Caiféanna Géarchéime a oibríonn lasmuigh d'uaireanta oibre agus sa phobal chun téarnamh a chumasú.

Tá mo mhífhoighne curtha in iúl agam d'Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte faoi luas an athraithe agus mar sin is treisiú tráthúil é an tuarascáil seo ón gCoimisiún Meabhairshláinte ar an ngá atá ag mo Roinn agus ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) dlús a chur leis na hiarrachtaí chun rochtain ar na roghanna malartacha seo ar Rannóga Éigeandála a leathnú.

"D'iarr mé ar oifigigh i mo Roinn comhoibriú a dhéanamh le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte chun a chinntiú go ndéanfar gníomhú go tapa ar na moltaí sa tuarascáil seo, go háirithe iad siúd a bhaineann le hidirchaidreamh níos fearr idir foirne, measúnuithe tráthúla, agus rochtain fheabhsaithe ar thacaíocht lasmuigh d'uaireanta oibre do leanaí i gcásanna éigeandála."