An bhfuair tú an méid a bhí á lorg agat?
An bhfuair tú a raibh á lorg agat?
Cabhraigh linn torthaí an chuardaigh IS a fheabhsú trí d'aiseolas a thabhairt anseo (3-5 nóim).
Ráiteas ón Aire Mary Butler maidir le hAthbhreithniú Siardhíreach ar Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí
- Foilsithe:
- An t-eolas is déanaí:
Thug an tAire Meabhairshláinte, Mary Butler, nuashonrú inniu dá comhghleacaithe Rialtais ar thuarascáil an Athbhreithnithe Siardhírigh ar Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí. Tá tuarascáil na hathbhreithnithe ar fáil anois ar shuíomh gréasáin Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS).
Chuir an tAire Butler tús leis an Athbhreithniú Siardhíreach tar éis fhoilsiú Athbhreithniú Siardhíreach Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Limistéar A / Ciarraí Theas (Tuarascáil Maskey) in 2022. Bhain athbhreithniú Thuaisceart Chiarraí le scrúdú a dhéanamh ar gach comhad cliniciúil (374) de leanaí agus de dhaoine óga a bhí ag freastal ar Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí an 21 Samhain 2022. As na 374 comhad a ndearnadh athbhreithniú orthu, sainaithníodh féidearthacht díobhála i 209 gcomhad, agus chomhlíon 197 díobh an tairseach le haghaidh Nochtadh Oscailte. Rinne an FSS teagmháil leis na 197 leanbh agus daoine óga uile, agus lena dteaghlaigh; tairgeadh cruinnithe Nochtadh Oscailte dóibh, agus cuireadh tacaíochtaí ar fáil dóibh ó fhoireann idirchaidrimh chliniciúil chun freastal ar a riachtanais.
Ag labhairt di tar éis fhoilsiú na tuarascála, dúirt an tAire Butler:
“Is é mo thosaíocht inniu, mar a bhí ó chuir mé tús leis an Athbhreithniú Siardhíreach seo in 2022, ná na leanaí, na daoine óga agus a dteaghlaigh. Beidh an lá inniu deacair dóibh, agus iad ag lorg freagraí ar cheisteanna atá acu le roinnt blianta anuas. Le linn an phróisis seo bhí rún daingean agam go ndéanfaí cumarsáid leis na teaghlaigh ar dtús agus go dtacófaí leo chomh fada agus ab fhéidir.
“Fuair na teaghlaigh an tuarascáil níos luaithe inniu agus thug mé tuairisc ar an tuarascáil do chomhghleacaithe Rialtais ag cruinniú an Chomh-Aireachta tráthnóna, lena n-áirítear leithscéal ón FSS as an díobháil a rinneadh do na leanaí agus na daoine óga seo.”
Fuair an tAire Butler tuarascáil an Athbhreithnithe Siardhíreach an 6 Feabhra 2026. Ardaítear saincheisteanna tromchúiseacha imní sa tuarascáil atá scrúdaithe ag an Aire, ag an Roinn Sláinte agus ag an FSS ar bhonn réigiúnach agus náisiúnta. Glacann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Iardheiscirt le moltaí uile na tuarascála agus, i gcomhar le hOifig Náisiúnta Meabhairshláinte Leanaí agus Óige Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, tá cinntithe aici go bhfuil siad á gcur i bhfeidhm cheana féin ar fud na seirbhísí i dTuaisceart Chiarraí. Tá an tAire Butler sásta gur tugadh aghaidh, mar ábhar tosaíochta, ar gach imní láithreach a ardaíodh sa tuarascáil.
Dúirt an tAire Butler chomh maith:
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an Dr Halpin agus lena foireann as tabhairt faoin Athbhreithniú Siardhíreach seo, rud a chinntigh go ndearnadh measúnú cuimsitheach, comhsheasmhach agus láidir ar chúram agus ar chóireáil gach linbh agus duine óig i Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí. Tuigim gur thóg an próiseas athbhreithnithe níos faide ná mar a bhíothas ag súil leis, ach bhí sé tábhachtach am agus cúram a ghlacadh lena chinntiú gur éisteadh le heispéiris na ndaoine óga agus a dteaghlaigh, gur tugadh san áireamh iad, agus gur glacadh gníomh orthu.
“Is mór an imní dom gur easnamh suntasach ar chaighdeáin i Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí a bhí i gceist, rud a chruthaigh baol díobhála do leanaí. Mar sin féin, táim sásta gur ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an Iardheiscirt na céimeanna riachtanacha, le linn an phróisis athbhreithnithe agus i bhfianaise thorthaí agus mholtaí athbhreithniú Chiarraí Theas, chun aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sa chúram a cuireadh ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga mar a leagtar amach sa tuarascáil seo agus sa tuarascáil Maskey. Tá sé tábhachtach a rá, le rialachas feabhsaithe, iniúchtaí rialta ar chúram agus ar fhorordú, cleachtas caighdeánaithe agus lucht saothair tiomnaithe, go bhfuil feabhas suntasach tagtha anois ar an tseirbhís.
“Táim sásta freisin go bhfuil na cosaintí riachtanacha curtha i bhfeidhm chun a chinntiú nach dtarlóidh rioscaí den chineál céanna arís. Le linn an phróisis Athbhreithnithe Siardhíreach bhí rochtain ag gach duine óg agus teaghlach ar thacaíocht leanúnach, lena n-áirítear líne chabhrach Nochtadh Oscailte agus Foireann Tacaíochta Idirchaidrimh Chliniciúil. Ba é mo chuspóir iomlán leis an athbhreithniú seo a chur i gcrích agus a fhoilsiú ná leas is fearr na ndaoine óga agus a dteaghlaigh a chur chun cinn i gcónaí.”
Ó 2022 i leith tá nósanna imeachta caighdeánacha oibriúcháin, beartais phleanála cúraim, córais chomhad, treoirlínte forordaithe agus monatóireacht fhisiciúil sláinte neartaithe tugtha isteach ag Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí, rud a chinntíonn ailíniú iomlán le caighdeáin náisiúnta. Níor sainaithníodh aon imní den chineál céanna maidir le cleachtais forordaithe i seirbhísí meabhairshláinte leanaí agus ógánach lasmuigh de Chiarraí san iniúchadh neamhspleách náisiúnta ar fhorordú ná san athbhreithniú téamach 2023 a rinne Príomhchigire an Choimisiúin Meabhairshláinte.
Dúirt an tAire Butler:
“D’aithin an tuarascáil seo easnaimh bhunúsacha sa chúram i dTuaisceart Chiarraí. Níor sainaithníodh na heasnaimh seo in aon áit eile inár seirbhísí meabhairshláinte leanaí agus ógánach ar fud na tíre, mar a leagtar amach san iniúchadh neamhspleách náisiúnta ar fhorordú agus san athbhreithniú a rinne an Coimisiún Meabhairshláinte i ndiaidh thuarascáil Maskey.
“Ba mhaith liom a chur in iúl do na daoine óga agus dá dteaghlaigh i dTuaisceart Chiarraí ar cuireadh isteach orthu leis an athbhreithniú seo go bhfuil sé i gceist agam an scéim chúitimh neamhsháraíoch atá i bhfeidhm do theaghlaigh i gCiarraí Theas a leathnú chucu freisin. Labhair mé go díreach leis an Ard-Aighne maidir leis seo agus cuirfidh an Roinn Sláinte an t-ábhar chun cinn anois in éineacht le hOifig an Ard-Aighne agus leis an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát.
“Aithním freisin rún Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte athbhreithniú cliniciúil a dhéanamh ar chomhaid daoine óga a bhain leas as Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach Thuaisceart Chiarraí thar thréimhse atá sainithe go cliniciúil, ar a bhfuil diagnóis míchumais intleachta, nó ar forordaíodh cógais fhrithshíciteacha dóibh, nó ar cuireadh dáileoga arda cógas síceatrópach orthu le linn a gcúraim agus a gcóireála.”
Mar chuid de chur chun cinn reachtaíochta nua meabhairshláinte ag an Aire Butler, tá an Bille Meabhairshláinte ag druidim le críochnú san Oireachtas. Tá scríofa cheana féin ag an Aire chuig an gCoimisiún Meabhairshláinte á iarraidh air tús a chur leis an bpróiseas chun caighdeáin cháilíochta a fhorbairt chun Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach a rialáil roimh achtú na reachtaíochta. Tá sé treoraithe anois ag an Aire Butler go roinnfear an tuarascáil seo leis an gCoimisiún Meabhairshláinte lena chinntiú go gcuirfear na moltaí san áireamh agus na caighdeáin á bhforbairt.
Dúirt an tAire Butler chomh maith:
“Táim meáite go ndéanfaimid ár ndícheall i gcónaí feabhsuithe a bhaint amach chun cúram meabhairshláinte den chaighdeán is airde a chur ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga. Cinnteoidh Plean Gníomhaíochta Oifig Náisiúnta Meabhairshláinte Leanaí agus Óige 2025–2027 go leanfaimid orainn ag cur feabhsuithe i bhfeidhm i dTuaisceart Chiarraí agus ar fud na tíre.
“Ó 2022 i leith, tá Ceannaire Cliniciúil Náisiúnta agus Ceannairí Cliniciúla Réigiúnacha do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach maoinithe agus tosaíochta agam, agus i mí na Nollag foilsíodh sraith athbhreithnithe de threoirlínte oibriúcháin cliniciúla. Táim meáite go mbeidh an rialachas cliniciúil is fearr is féidir i bhfeidhm agus go ndéanfar athbhreithniú agus nuashonrú leanúnach air chun a chinntiú nach dtarlóidh teipeanna sa chúram arís.”
Leanfaidh an Rialtas, faoi cheannaireacht an Aire Butler, de thosaíocht a thabhairt do cháilíocht agus d’fheabhsú seirbhísí meabhairshláinte do dhaoine óga. Tá infheistíocht i seirbhísí meabhairshláinte méadaithe níos mó ná 50% ó 2020, go dtí beagnach €1.6 billiún i mbliana. Leithdháileadh 300 comhalta foirne breise coibhéis lánaimseartha ar sheirbhísí meabhairshláinte in 2026. Cuirtear €190 milliún ar fáil gach bliain do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach, leibhéal nach bhfacthas riamh roimhe seo. Is ionann é sin agus méadú beagnach 40% ó 2023 i leith. Ina theannta sin, tá thart ar €127 milliún á chur ar fáil i mbliana d’eagraíochtaí meabhairshláinte pobail-bhunaithe, agus cuid shuntasach den mhaoiniú sin dírithe ar thacaíocht do leanaí agus do dhaoine óga.
Mar fhocal scoir, dúirt an tAire Butler:
“Beidh mé i gCiarraí amárach chun bualadh le cuid de na leanaí agus lena dteaghlaigh a fuair leithscéal Nochtadh Oscailte. Buailfidh mé freisin le foireann dhícheallach na Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach i dTuaisceart Chiarraí, cuid mhaith acu nua sa tseirbhís, a chuir go mór leis na feabhsuithe suntasacha ar an tseirbhís ó 2022 i leith. Ba mhaith liom a chur i bhfios go láidir gur cheart do dhuine óg ar bith nó dá theaghlach i gCiarraí, nó in áit ar bith eile, leanúint de chabhair a lorg gan mhoill ónár seirbhís speisialaithe meabhairshláinte leanaí agus ógánach, a théann chun tairbhe do líon mór daoine óga agus dá dteaghlaigh gach bliain.
Tuigim go hiomlán an obair mhór atá ar siúl gach lá ag foireann uile na seirbhísí meabhairshláinte leanaí agus ógánach ar fud na tíre chun a chinntiú go bhfuil an tseirbhís ríthábhachtach seo sábháilte, inrochtana, dírithe ar an leanbh, agus á soláthar de réir na gcaighdeán is airde is féidir. Ba é seo, mar aon leis an ngá rochtain ar chúram a fheabhsú agus liostaí feithimh a laghdú, príomhchuspóir na bhfeabhsuithe iomadúla seirbhíse a thionscain mise agus an Rialtas le blianta beaga anuas.”
Nótaí do heagarthóirí:
Tugann an tAire Butler faoi deara gur tugadh an deis do gach duine ar mhian leo páirt a ghlacadh sa phróiseas Nochtadh Oscailte é sin a dhéanamh agus go bhfuil na cruinnithe sin críochnaithe anois. Le linn gach cruinniú Nochtadh Oscailte, cuireadh leithscéal ar fáil thar ceann Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte do na daoine óga agus dá dteaghlaigh as an gcrá agus an bhuairt a d’eascair as torthaí a n-athbhreithnithe aonair. Chun tacú le teaghlaigh le linn an phróisis Nochtadh Oscailte, bhunaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Foireann Tiomnaithe Tacaíochta Idirchaidrimh Chliniciúil chun treoir chliniciúil neamhspleách, treorú chuig seirbhísí cuí agus obair leantach chomhordaithe a chur ar fáil. Bunaíodh líne faisnéise teileafóin do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach freisin agus tá sí fós i bhfeidhm. Tá an Roinn i mbun plé leis an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát faoi láthair chun na chéad chéimeanna eile a theastaíonn i ndáil le scéim chúitimh a shoiléiriú.
Áirítear ar na bearta spriocdhírithe atá curtha chun cinn go sonrach i dTuaisceart Chiarraí:
- Earcú Comhairleora Bhuain mar Cheannaire Cliniciúil chun rialachas agus ceannaireacht chliniciúil chobhsaí a chur ar fáil.
- Ceapachán poist Shíceolaí Shinsearaigh agus Shíceolaí Chúnta chun acmhainn theiripeach speisialaithe a atógáil.
- Earcú foirne breise ildisciplíní chun bearnaí sa mheascán scileanna a líonadh agus spleáchas ar mhúnlaí cúraim atá bunaithe ar chógas amháin a laghdú.
- Forbairt chreataí foirmiúla ionduchtaithe, maoirseachta agus inniúlachta do dhochtúirí neamhchomhairleacha ospidéil agus d’fhoireann ildisciplíní, ag tacú le forbairt ghairmiúil agus coinneáil foirne.
- Struchtúir rialachais neartaithe agus línte tuairiscithe níos soiléire, ag cruthú timpeallacht oibre níos tacúla agus níos cuntasacha.
- Cumarsáid fheabhsaithe leis an bhFoireann Líonra Míchumais Leanaí, go háirithe i gcás daoine óga a bhfuil míchumas intleachta agus néara-éagsúlacht acu.
- Cur i bhfeidhm Bheartas an Phlean Cúraim Aonair.
- I mí an Mheithimh 2025, tar éis roinnt míonna forbartha, d’ordaigh Bernard Gloster, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go gcuirfí an pointe rochtana aonair i bhfeidhm ar fud gach réigiúin den Fheidhmeannacht.
Ar leibhéal náisiúnta Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, áirítear ar an dul chun cinn chun Seirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach a fheabhsú:
- Iniúchadh náisiúnta ar fhorordú i seirbhísí meabhairshláinte leanaí agus ógánach.
- Forbairt prótacal agus treoirlínte náisiúnta forordaithe.
- Athbhreithniú ar an Treoirlíne Oibriúcháin do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Ógánach i mí na Nollag 2025 chun cleachtas oibriúcháin foirne na seirbhíse a fheabhsú, comhsheasmhacht i soláthar seirbhíse ar fud na tíre a threisiú, agus cur leis na dea-chleachtais atá i bhfeidhm cheana.
- Cur i bhfeidhm córas tiomnaithe taifead sláinte leictreonach ar fud gach seirbhís meabhairshláinte leanaí agus ógánach pobail agus othar cónaithe.
- Tá obair ar siúl freisin i dtreo fhoilsiú agus sheoladh na Samhla Comhtháite Cúraim do Sheirbhísí Meabhairshláinte Leanaí agus Óige in Éirinn faoi R2 2026. Cinnteoidh sé seo cúram níos comhtháite, níos comhoibríche agus níos cuimsithí.