Ráiteas ón Aire Sláinte
- Foilsithe: 12 Nollaig 2025
- An t-eolas is déanaí: 17 Nollaig 2025
Cuirim fáilte roimh thoradh na hidirbheartaíochta idir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Aontas Cógaisíochta na hÉireann agus oifigigh mo Roinne féin.
Táim aireach faoin leibhéal brú atá ar chógaiseoirí, go háirithe ag an am seo, maidir le vacsaíní, séasúr an fhliú agus ullmhúcháin don tseirbhís nua um riochtaí coitianta.
Beidh tuilleadh ama ag an IPU agus a bhaill anois teagmháil a dhéanamh le hothair ar bhealach struchtúrtha agus aonair sa trí mhí atá amach romhainn. Is saineolaithe iad cógaiseoirí maidir le riachtanais chógais a n-othar agus a gcúram.
Bhí mé féin agus an rialtas tiomanta i gcónaí do sheachadadh d’othair, ag cinntiú go bhfuil gairmithe cúram sláinte ag obair ar bharr a n-oiliúna agus luach ar airgead a bhaint amach do cháiníocóirí. Tá an Comhaontú Cógaisíochta Pobail go maith d’othair, ina mbeidh rochtain níos tráthúla acu ar chúram ina bpobail féin, chomh maith le bheith go maith do chógaiseoirí trí shruth ioncaim nua a chruthú a chiallaíonn gur féidir leo níos mó seirbhísí a sholáthar d’othair, go háirithe tríd an tSeirbhís um Riochtaí Coitianta nua.
Tá rannpháirtíocht le hothair agus seirbhísí níos fearr agus níos trédhearcaí a sholáthar i gcroílár mo chuid oibre. Sin é an fáth, ón 1 Nollaig, go bhfuil sé de dhualgas ar chógaslanna faisnéis faoi chostas na seirbhísí gairmiúla go léir a thaispeáint ar fhógra soiléir atá feiceálach d’othair. Ó Eanáir 2026, gheobhaidh othair admháil mhionsonraithe d’aon idirbheart ina leagtar amach na costais ar tháillí dáilte (má oireann) agus costas ar aon seirbhís gairmiúil eile a thairgeann an cógaiseoir, lena n-áirítear aon táille don chóras um mhonatóireacht dáileoige, a fhanann ina tháille phríobháideach a d’fhéadfaí a bheith gearrtha.