Ráiteas ón Aire Sláinte agus ó Phríomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Ráiteas ón Aire Sláinte agus ó Phríomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 10 Aibreán 2026
  • An t-eolas is déanaí: 10 Aibreán 2026

D’iarr an tAire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD, agus Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, Anne O’Connor, inniu go gcoimeádfaí gach bealach isteach chuig saoráidí leighis saor, chun rochtain ar sheirbhísí éigeandála a chinntiú, do dhaoine atá ag freastal ar choinne leighis agus chun a chinntiú gur féidir le foireann - lena n-áirítear iad siúd a oibríonn in ospidéil agus iad siúd a chuireann cóireáil ar dhaoine ina dtithe féin nó i suíomhanna pobail - dul chun na hoibre agus a gcuid othar a chóireáil.

Is tráth leochaileach é freastal ar ospidéal nó cóireáil a fháil sa phobal, cibé acu i gcás éigeandála nó do ghnáthchoinne, don othar agus dá theaghlach. Iarraimid oraibh meas a léiriú ar an riachtanas criticiúil atá ann do rochtain shoiléir agus shábháilte ar gach seirbhís cúram sláinte, chun a chinntiú nach gcuirtear rochtain ar chúram i mbaol riamh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat