Ráiteas ón Aire Sláinte, Jennifer Carroll MacNeill TD
- Foilsithe: 13 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 13 Bealtaine 2025
“Ba mhaith liom mo bhuíochas mór a ghabháil le Bernard, fostaí iontach sa tseirbhís phoiblí, a bhí dírithe ar an tseirbhís sláinte a fheabhsú do chách in Éirinn, seacht lá na seachtaine.
“Ón am a ghlac sé an ról i 2023, tá breis is 30 bliain de thaithí sa tseirbhís phoiblí tugtha ag Bernard, chun feabhas a chur ar an gceannaireacht ar fud na heagraíochta FSS, agus tá mé an-bhuíoch as a chuid oibre, a shaineolas agus a chairdeas i mo thréimhse ghairid mar Aire. Táim ag tnúth le comhoibriú leis sna míonna amach romhainn agus muid ag leanúint orainn leis an obair mhaith chun córas sláinte a chur chun cinn, a fhreastalaíonn níos fearr ar chách.”