Ráiteas ón Aire Sláinte maidir le ceapacháin do Bhord Sláinte Leanaí Éireann
- Foilsithe: 29 Bealtaine 2025
- An t-eolas is déanaí: 30 Bealtaine 2025
Tá an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill tar éis na baill ó Bhord FSS a leanas a cheapadh do Bhord Sláinte Leanaí Éireann (CHI), Dr Yvonne Traynor agus Anne Carrigy. Tugann an bheirt saineolas fairsing don Bhord agus tá an tAire buíoch díobh as tabhairt faoi na róil seo.
Ag labhairt faoina gceapacháin, dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill:
"Tacóidh neartú rialachais agus maoirseachta ag CHI tuilleadh leis an gclár athraitheach leathan, faoin cheannasaíocht an phríomhoifigigh feidhmiúcháin CHI Lucy Nugent agus a foireann, agus muid ag druidim le hOspidéal na Leanaí úrscothach nua a oscailt, a bheidh mar an chéad ospidéal poiblí digiteach in Éirinn.”
Déanfar tuilleadh ceapachán maidir le folúntais ar an mbord CHI in am trátha.
Dr Yvonne Traynor
Bhí an Dr Yvonne Traynor ina leasuachtarán ar Ghnóthaí Rialála agus Eolaíocha le Grúpa Chiarraí. Roimhe sin, bhí roinnt poist cheannaireachta dhomhanda agus réigiúnacha aici le Henkel, cuideachta Ghearmánach earraí tomhaltais.
Tá spéis ar leith aici i mbunathrú eagraíochta chun feabhais, i mbainistíocht riosca agus i sáreispéireas a sholáthar do chustaiméirí. Tá céim PhD i gCeimic aici ó Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus go háirithe, bhí an paitinn don Phaiste Nicitín mar thoradh air seo,a bhí mar áis le haghaidh scor den tobac. Ina dhiaidh sin, ghnóthaigh sí Dioplóma Deimhnithe i gCuntasaíocht agus Airgeadas agus céim MSc i gCeannaireacht Feidhmiúcháin. Is stiúrthóir cairte í freisin agus tá taithí roinnt blianta aici a bheith ar bhoird, lena n-áirítear ról an chathaoirligh ar choiste iniúchóireachta, riosca agus comhlíonta Sheirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann.
Bhí Yvonne mar bhall de Bhord na Seirbhíse Sláinte (HSE) ó 28 Meitheamh 2019.
Anne Carrigy
Is altra í, agus tar éis di speisialtóireacht agus obair a dhéanamh ar Dhianchúraim, chuaigh sí isteach sa bhainistíocht altranais mar Stiúrthóir Altranais agus Ceann Gnóthaí Corparáideacha ag Ospidéal Ollscoile an Mater Misericordiae, Baile Átha Cliath. Ansin chuaigh sí isteach san FSS mar Stiúrthóir ar an bhFoireann Bainistíochta um Theagmhais Thromchúiseacha agus ina dhiaidh sin mar Cheannaire Náisiúnta ar Sheirbhísí Ospidéil Ghéarchúraim FSS.
Bhí sí ar Bhoird agus ar Choistí Náisiúnta agus Idirnáisiúnta araon ar feadh blianta fada agus lena linn sin, bhí sí ina hUachtarán ar Bhord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann; comhalta de Bhord ENDA (Cumann na Stiúrthóirí Altra Eorpacha); Uachtarán FEPI (Cónaidhm Eorpach na nGairmeacha Altranais); Ball Comhairle de Chomhairle Leighis na hÉireann; Ball Boird de HIQA (An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte); agus Ball de Bhord Rialaithe Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn.
Tá sí paiseanta faoi othair agus thacaigh sí le cúram otharláraithe, tar éis di a saol a thiomnú do sheirbhísí cúraim othar a fheabhsú.
Tá Anne ina comhalta de Bhord an FSS ó 12 Márta 2021 i leith.