Statement from the National Public Health Emergency Team - Tuesday 11 February ga
- Foilsithe: 11 Feabhra 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Feabhra 2020
Tástáladh 65 cinn de chásanna amhrasta Covid-19 (Coróinvíreas) in Éirinn.
Ní raibh aon chásanna deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas) ann in Éirinn go dtí seo.
Tabhair faoi deara: Dheimhnigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gurb é ‘Covid-19’ an t-ainm oifigiúil ar an gcineál seo de ghalar Coróinvíris. Tagrófar do ‘Covid-19’ i ngach cumarsáid a bhaineann le ‘Coróinvíreas (2019-nCov)’ as seo amach.
Dúirt an Dr Tony Holohan, Príomhoifigeach Míochaine sa Roinn Sláinte:
“Táimid fós ullamh do chás deimhnithe Covid-19 (Coróinvíreas).
“Tá straitéis um shrianadh á hoibriú ag córas sláinte na hÉireann faoi láthair, rud atá ar aon dul leis an gcleachtas domhanda, agus táimid ag déanamh ár ndíchill chun cásanna amhrasta a shainaithint de réir mar a thagann siad chun cinn agus ar bhearta a thionscnamh ar mhaithe le tarchur an víris a chosc. Leanann an Fhoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí le comhordú a dhéanamh ar na hiarrachtaí freagartha idir an tSeirbhís Sláinte agus ranna agus gníomhaireachtaí eile rialtais chun freagairt chuimsitheach a chinntiú i gcás go dtiocfaidh cás deimhnithe chun cinn.
“Moltar d’aon duine a d’fhill ar ais ón tSín sna 14 lá seo a chuaigh thart agus ar a bhfuil siomptóim atá bainteach le Covid-19 (Coróinvíreas) é nó í féin a leithlisiú agus teagmháil a dhéanamh leis an tseirbhís sláinte thar an teileafón nó le ríomhphost.”
Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
“Tá FSS ag obair go dlúth leis an Roinn Sláinte agus leis an bhFoireann Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí mar chomhalta den Fhoireann le seachtainí beaga anuas chun freagairt do Covid-19 (Coróinvíreas). Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag na baill foirne túslíne sa tseirbhís sláinte agus iad ag déileáil leis an staid seo atá ag teacht chun cinn.
“Tá pleananna i bhfeidhm ag na hospidéil uile chun déileáil le haon mhéadú ar éileamh de bharr bagairt víreasach, Covid-19 (Coróinvíreas) ina measc. Rinneadh cuid mhór oibre ullmhúcháin agus tá roghanna éagsúla á scrúdú anois chun déileáil le gach cás féideartha.
“Dáileadh níos mó ná 4,800 ceann de phacaí trealaimh chosanta pearsanta ar Sheirbhísí Lia-Chleachtóirí Ginearálta Lasmuigh de Ghnáthuaireanta Oibre, ar Rannóga Sláinte Poiblí agus ar Chleachtaí Lia-Chleachtóirí Ginearálta. Tá 1,200 paca eile le seachadadh chuig cleachtaí lia-chleachtóirí ginearálta inniu. Tá pleananna mionsonraithe i bhfeidhm ag an tSeirbhís Náisiúnta Otharchairr freisin agus tá sí ag obair go dlúth le gníomhaireachtaí eile chun freagairt chomhordaithe a chinntiú do chásanna féideartha.”
Dúirt an Dr Cillian De Gascun, Cathaoirleach ar an Sainghrúpa Comhairleach um Choróinvíreas, ar foghrúpa de chuid na Foirne Náisiúnta Éigeandála Sláinte Poiblí é:
“Leanaimid le faireachán a dhéanamh ar eachtraí tuairiscithe tarchuir sa Ríocht Aontaithe, i Singeapór agus sa Ghearmáin. Mar sin féin, is íseal go fóill atá an líon cásanna deimhnithe san Aontas Eorpach agus níor thuairiscigh aon tíortha nua cásanna sna 24 huaire seo a chuaigh thart (de réir Thuarascáil Staide 10/2 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte).”
Is trí theagmháil agus braonáin a leatar Covid-19 (Coróinvíreas). Mar sin, is é an bealach is fearr chun dea-shláinte a chothabháil ná cloí le dea-shláinteachas nuair atáthar ag déanamh casachta nó sraotha agus lámha a ní go rialta.
Moltar do dhaoine den phobal iad féin a chur ar an eolas faoi na bearta um chosc a n-eisíonn FSS iad agus súil a choinneáil ar an Ionad Faireachais um Chosaint Sláinte chun an t-eolas is deireanaí a fháil gach lá.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Ní sholáthrófar aon fhaisnéis faoi theagmhais aonair inar cuireadh na pleananna seo i mbun feidhme ná faoi aon chásanna a bhaineann le Covid-19 (Coróinvíreas), seachas cásanna deimhnithe.
Cuirtear an fhaisnéis is déanaí faoi Covid-19 (Coróinvíreas) le suíomh Gréasáin an Ionaid Faireachais um Chosaint Sláinte gach lá ag 1pm. Tabhair cuairt ar HPSC.ie.
Is féidir go rachaidh suas le 14 lá thart sula mbeidh siomptóim Covid-19 (Coróinvíreas) le brath.
Is féidir go n-áireofar iad seo a leanas leis na siomptóim sin:
- casacht
- giorra anála
- deacrachtaí análaithe
- fiabhras (ardteocht)
Is féidir le Coróinvíreas a bheith ina chúis le tinnis níos déine freisin, lena n-áirítear iad seo a leanas:
- niúmóine
- géarshiondróm trom riospráide
- cliseadh duánach
Áirítear iad seo a leanas leis na nithe is féidir leat a dhéanamh chun tú féin a chosaint ar Covid-19 (Coróinvíreas):
- nigh do lámha i gceart agus go rialta
- cumhdaigh do bhéal nó do shrón le ciarsúr páipéir nuair a dhéanann tú casacht nó sraoth
Nigh do lámha i gceart agus go rialta le gallúnach agus uisce nó le glóthach láimhe alcólbhunaithe:
- tar éis duit casacht nó sraoth a dhéanamh
- tar éis duit an leithreas a úsáid
- sula n-íosfaidh tú
- sula réiteoidh tú bia agus tar éis duit bia a réiteach
- má tá tú i dteagmháil le duine breoite, go háirithe duine a bhfuil siomptóim riospráide air/uirthi
- má tá do lámha salach
- má láimhseáil tú ainmhithe nó cac ainmhí