Tá Éire i measc ceann de na chéad tíortha a bhfuil aipeanna rianaithe teagmhálaithe á nascadh aici le Ballstáit eile den AE
- Foilsithe: 19 Deireadh Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu d’fháiltigh an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, roimh thionscnamh comhoibríoch ar fud an AE a bhfuil sé mar aidhm leis aipeanna náisiúnta COVID-19 a nascadh. Cabhróidh an tionscnamh seo le slabhra ionfhabhtuithe an choróinvíris a bhriseadh thar teorainneacha agus beatha daoine a shábháil.
Áirítear Aip Rianaithe COVID na hÉireann i measc an chéad ghrúpa d’aipeanna náisiúnta atá nasctha tríd an ngeata idir-inoibritheachta Eorpach seo. Ciallóidh sé seo go bhfaighidh daoine leis an aip Éireannach foláireamh más dlúth-theagmhálaí iad le daoine atá diagnóisithe le COVID-19 agus a bhfuil aip ceadaithe de chuid bhallstát den AE ar a dteileafón acu.
D’fhorbair an Coimisiún Eorpach an córas seo ar fud an AE, i ndiaidh iarratas a fháil ó bhallstáit den AE. I ndiaidh céim phíolótach rathúil a chur i gcrích, beidh an córas beo ón lá inniu ar aghaidh agus tá na chéad aipeanna náisiúnta nasctha tríd an gcóras seo anois: Rianaire COVID na hÉireann, Aip Corona-Warn na Gearmáine agus aip Immuni na hIodáile.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly:
"Cúis bhróid dom an méid oibre atá curtha i gcrích in Éirinn, atá anois i measc ceann de na chéad tíortha chun aipeanna a idirnascadh ag leibhéal AE leis an nGearmáin agus leis an Iodáil."
"Ceannaire ón tús ba ea Éire i bhforbairt aipeanna rianaithe teagmhálaithe agus is ag Éire a bhí ceann de na seoltaí aipeanna rianaithe teagmhálaithe is rathúla ar domhan, agus d’íoslódáil an t-uafás daoine an aip sa chéad 24 uair an chloig. I láthair na huaire, tá 1.3 milliún úsáideoir gníomhach ag an aip. Cheana féin, oibríonn aip na hÉireann ar bhonn uile-oileáin agus éascóidh seoladh an lae inniu na Seirbhíse Cónasctha Eorpaí Geata aipeanna a bheidh ag obair ar bhonn uile-Eorpach."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire chomh maith:
"Uirlis thábhachtach eile san iarracht leathadh COVID-19 a laghdú é fógra an lae inniu. Cé gurb é an chomhairle ghinearálta atá á tabhairt in Éirinn i láthair na huaire nár cheart taisteal thar lear mura bhfuil sé riachtanach, rachaidh an córas seo chun tairbhe na ndaoine atá ag tabhairt faoi thurais riachtanacha chuig agus ó Éire. Táim ag iarraidh ar gach duine sa tír an aip a íoslódáil. Dá mhéad daoine a íoslódálann an aip is ea is éifeachtaí a bheidh an aip."
Tá 2.1 milliún duine cláraithe chun an aip a úsáid ó seoladh í, agus tá an bonn úsáideoirí gníomhacha cothrom le 1.31 milliún. Is ionann é seo agus 34% de dhaonra daoine fásta (aois 16+) na hÉireann.
CRÍOCH
Nótaí
Nuair a fhaigheann duine foláireamh lena chur in iúl dó/di gur dlúth-theagmhálaí é/í le duine atá diagnóisithe mar COVID-dearfach, ní roinnfear aon eolas maidir le haitheantas an othair san fholáireamh. Cuirfear in iúl don fhaighteoir gur dlúth-theagmhálaí é/í le hothar COVID-dearfach agus gur cheart dó/di aird a thabhairt ar na réamhchúraimí riachtanacha a bheidh á moladh ag a (h)údarás náisiúnta sláinte poiblí.
Bhí Éire agus Tuaisceart Éireann i measc na gcéad tíortha ar domhan chun idir-inoibritheacht idir aipeanna ó dhlínsí difriúla a sholáthar in 2020.
Go dáta, tá breis is 3,000 duine atá ag baint úsáide as an Aip Rianaithe COVID in Éirinn, a raibh an tástáil a rinne siad dearfach, i ndiaidh a sonraí aitheantais randamacha a uaslódáil ionas gur féidir foláireamh maidir le dlúth-theagmhálaithe a sheoladh chuig daoine eile.
Tá foláirimh maidir le dlúth-theagmhálaithe seolta chuig breis is 5,800 duine mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as an aip. Tá seans ann nach mbeadh cuid de na daoine seo sainaitheanta murach gur ann don aip.