English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tá €2m á fhógairt ag an Aire Míchumais do Thionscadail Dhigiteacha agus Teicneolaíochta Chúnta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 31 Eanáir 2022
  • An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025

Bronnadh maoiniú ar 11 thionscadal chun rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha agus cúnta a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas

Tá €2m fógartha inniu ag an Aire Míchumais, Anne Rabbitte TD, le haghaidh 11 tionscadal faoi thionscnamh CREATE FSS, a bhfuil sé mar aidhm aige rochtain ar theicneolaíochtaí digiteacha agus cúnta a fheabhsú do dhaoine faoi mhíchumas.

Féachann an tionscnamh Fíor-Rannpháirtíocht Chomhoibríoch um Fheabhsú Teicneolaíochta Cúnta (CREATE) lena chinntiú go n-oibríonn úsáideoirí seirbhíse agus soláthraithe le chéile chun a aithint cad a dhéanfaidh fíordhifríocht d’úsáideoirí aonair na teicneolaíochta digití agus cúnta (DAT). Sainmhínítear teicneolaíochtaí digiteacha agus cúnta mar “aon táirge nó seirbhís atá deartha chun neamhspleáchas a chumasú do dhaoine faoi mhíchumas agus do dhaoine aosta”, agus coinníonn an EDS liosta de tháirgí Cúnta Tosaíochta riachtanacha.

D’éirigh leis an Aire Rabbitte €2 mhilliún a fháil don tionscnamh i mBuiséad 2022, agus tá an maoiniú bronnta anois ar 11 tionscadal tar éis measúnú a dhéanamh ar 79 aighneacht. Rinneadh tionscadail a mheas ar a mhéid a bhí siad dírithe ar an duine, chomh maith leis an gcaoi ar léirigh siad toilteanas oibriú i gcomhpháirt ar fud soláthraithe seirbhíse éagsúla agus dul i ngleic i ndáiríre le DAT trí phróiseas soiléir comhdhearaidh.

Agus í ag fógairt leithdháileadh an mhaoinithe, dúirt an tAire Rabbitte:

“Tá lúcháir orm an maoiniú seo a fheiceáil ag tacú le raon tionscadal nuálach a chabhróidh go mór le daoine faoi mhíchumas. Uirlis ríthábhachtach iad Teicneolaíochtaí Digiteacha agus Cúnta chun ligean do dhaoine faoi mhíchumas saol níos neamhspleáiche dá rogha féin a chaitheamh. Mar Aire Míchumais, táim bródúil go bhfuil Éire arís ag cur acmhainní ar fáil le haghaidh níos mó forbartha agus cur chun cinn a n-úsáide.”

I measc na dtionscadal rathúil tá forbairt ar an gcéad Sheirbhís Cathaoireacha Rothaí Suí-go-Seasamh in Éirinn, pas nua Teicneolaíochta Cúnta, taithí fheabhsaithe ar úsáid a bhaint as seirbhísí faoisimh, leabharlann iasachta agus clár meantóireachta d’úsáideoirí sa Teicneolaíocht Dhigiteach agus Chúnta.

Dúirt an tAire Rabbitte:

“Buailim go rialta le daoine faoi mhíchumas, lena dteaghlaigh, le heagraíochtaí seirbhíse, le hEagraíochtaí Daoine faoi Mhíchumas, agus le heagraíochtaí abhcóideachta, agus tá a fhios agam go díreach an tionchar ollmhór a bhíonn ag teicneolaíochtaí cúnta, mar shampla cathaoireacha rothaí, aipeanna, cainteoirí cliste nó trealamh speisialaithe TF.

“Is é an rud is fearr faoi na tionscadail seo ná na sineirgí a chruthaíonn siad. Trí oibriú le chéile, is féidir linn torthaí i bhfad níos fearr a bhaint amach do dhaoine faoi mhíchumas, ag cur lena neamhspleáchas agus ag cur ar a gcumas gnáthshaol a chaitheamh i ngnátháiteanna.

“Rud atá tábhachtach domsa ná go scaipfear an fhoghlaim ó na tionscadail seo go forleathan agus go ndéanfar é a chomhtháthú i mbeartais agus i gcleachtas sláinte agus cúraim shóisialta amach anseo.”


Nótaí

Tacóidh tionscadail CREATE le daoine faoi mhíchumas céadfach, cognaíocha, fisiceach agus intleachta, thar gach raon aoise, ar fud suíomhanna éagsúla agus ar fud na tíre. Díreoidh siad ar riachtanais nach bhfuiltear ag freastal orthu, ag tacú le daoine cur lena bpobail trí obair, fóillíocht agus rannpháirtíocht shóisialta. Beidh ceardlanna CREATE ar siúl ar fud na hÉireann i rith 2022 chun an fhoghlaim a scaipeadh ar fud na hearnála.

Is iad seo a leanas liosta na dtionscadal a fhaigheann maoiniú:

1. Bainfidh Acquired Brain Injury Ireland úsáid as DAT atá dírithe ar an duine chun tacú le marthanóirí gortú inchinne, agus clár nua á bhunú freisin chun scileanna a fhoireann a fheabhsú go córasach maidir le raon agus feidhmiúlacht táirgí DAT.

2. Tá foireann Píolótach DAT á bhunú ag Seirbhísí Bráithre na Carthanachta (Réigiún an Iarthair, Gaillimh) chun seirbhís ildisciplíneach nua a fhorbairt ag díriú ar riachtanais chumarsáide agus rochtana, ag nascadh le grúpaí abhcóideachta áitiúla do dhaoine faoi mhíchumas.

3. Bunóidh an Chlinic Lárnach Íocshláinteach an chéad Seirbhís Cathaoireacha Rothaí Suí-go-Seasamh in Éirinn; a chuirfidh ar chumas úsáideoirí cathaoireacha rothaí seasamh gan gá le cúnamh. I gcás daoine a bhfuil gortú chorda an dromlaigh orthu agus diostróife mhatánach Duchenne d’fhéadfadh go mbeadh raon buntáistí fisiceacha agus síceolaíochta ag baint leis seo.

4. Bunóidh na 9 bhFoireann Líonra Míchumais Leanaí i bPobal Sláinte Thiar “Banc DAT” pobail le rochtain bunaithe ar riachtanas agus a ionchorpróidh DAT i bPleanáil Seirbhíse Teaghlaigh agus a chomhtháthú le Straitéis Dhigiteach do Scoileanna na Roinne Oideachais.

5. Forbróidh Cumas Éireann, i gcomhar le roinnt eagraíochtaí comhpháirtíochta, fréamhshamhail Pas Teicneolaíocht Chúnta; ina bhfuil tairseach gréasáin agus aip, a chuideoidh le húsáideoirí an córas DAT a nascleanúint agus rochtain a fháil ar fhaisnéis agus ar dheiseanna maidir leis na teicneolaíochtaí a úsáideann siad.

6. Oibreoidh Seirbhísí Míchumais Aosaigh sa Longfort & san Iarmhí le Comhairle Contae Longfoirt chun DAT a aithint chun tacú le daoine faoi mhíchumas atá ag maireachtáil go neamhspleách sa phobal agus cabhróidh sé leo ar liosta feithimh tithíochta chun teach a ghlacadh nuair a bheidh sé ar fáil.

7. Forbróidh an Grúpa Rehab éiceachóras DAT áit ar féidir faisnéis, comhairle agus treoir a fháil ar conas is féidir le DAT feabhas a chur ar phleanáil duinelárnach, neamhspleáchas agus rannpháirtíocht i ngach gné den saol. Déanfar a modúl nua Oiliúna DAT a tháirgeadh le daoine faoi mhíchumas.

8. Úsáidfidh Saint Michael's House DAT chun cur le Seirbhísí faoisimh, ag ionchorprú an Phas Sláinte do Dhaoine faoi Mhíchumas Intleachta arna mhaoiniú ag Slaintecare,chun cur chuige comhcheangailte a chur chun cinn ar fud na seirbhísí míchumais, sláinte agus oideachais; rud a chuirfidh soláthraithe seirbhísí ar an eolas faoi chumais agus riachtanais chóiríochta réasúnacha daoine faoi mhíchumas intleachta.

9. Bainfidh Stewarts Care úsáid as DAT chun cur i bhfeidhm an chur chuige Meangingful Day maidir le soláthar seirbhíse, trí raon níos leithne gníomhaíochtaí a sholáthar, lena n-áirítear idirghníomhú sóisialta níos mó idir úsáideoirí seirbhísí agus idir iad agus na pobail ina gcónaíonn siad nó a mbeidh siad ag aistriú isteach iontu chun cónaí iontu.

10. Forbróidh Sunbeam House Services Leabharlann Iasachta DAT a thacóidh, i measc rudaí eile, leis an ngrúpa abhcóideachta, Viewpoint, le forbairt a dhéanamh ar chlár meantóireachta sainúsáideoirí DAT.

11. Soláthróidh Comhairle Náisiúnta na nDall (NCBI) rochtain thráthúil ar DAT ar fud na tíre, ag tabhairt aghaidh ar mhoilleanna agus easnaimh i soláthar DAT, ag tairiscint comhsheasmhacht tacaíochta, oiliúna agus measúnuithe, is cuma cá bhfuil tú i do chónaí.