Tá Tairseach Gréasáin an FSS le haghaidh sheirbhísí mhíchumas lae beo anois
- Foilsithe: 4 Lúnasa 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu (Dé Máirt), chuir an tAire Míchumais Anne Rabbitte TD inniu roimh thairseach gréasáin an FSS, ar a soláthraítear sonraí faoi cathain a athosclófar seirbhísí míchumais lae, a bheith curtha beo. Tá faisnéis faoi na seirbhísí a osclaítear i ngach CHO de réir suímh le fáil ar an tairseach agus sonraítear an líon úsáideoirí seirbhíse a bhíonn ag baint úsáid as an láithreán ar leith ar bhonn laethúil.
Dúirt an tAire
“Tá an tairseach ghréasáin beo anois gur ar gharsprioc mhór eile é atá bainte amach againn i dtreo seirbhísí lae do dhaoine faoi mhíchumas a chur ar ais i mbun feidhme. Bhí sé seo ar cheann de na príomhthosaíochtaí a bhí agam ón am a ndeachaigh mé i mbun oifige mí ó shin agus tá áthas orm go bhfuil dul chun cinn déanta i dtreo seirbhísí a oscailt chomh luath agus is féidir.
“Bhí frustrachas ar roinnt úsáideoirí seirbhíse toisc nach raibh a fhios acu cathain a bheidís ag teacht ar ais agus mar sin tá áthas orm go mbeidh níos mó soiléireachta ann anois do dhaoine faoi mhíchumas agus dá dteaghlaigh maidir le cathain a atosóidh na seirbhísí lae ar a bhfreastalaíonn siad.
“Beidh formhór na seirbhísí ag athoscailt i mí Lúnasa agus go luath i mí Mheán Fómhair. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an FSS agus leis na soláthraithe seirbhíse míchumais as na sonraí seo a bhailiú don tairseach gréasáin, a dhéanfar é a choimeád cothrom le dáta de réir mar atá tuilleadh eolais ar fáil."
Tá an tairseach ghréasáin ar fáil anois ag www.hse.ie/newdirectionswww.hse.ie/newdirections.
CRÍOCH