Tá Vacsaín COVID-19 ar na bacáin
- Foilsithe: 14 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
An Dr Ronan Glynn, an Leas-Phríomhoifigeach Leighis, an Roinn Sláinte
Ba bhliain thar a bheith deacair ar gach duine an bhliain 2020. Ach ba bhliain é seo freisin ina ndearnadh éacht an-mhór leighis agus eolaíochta ina ndearnadh breoiteacht nua a thréithriú, ina ndearnadh a géanóm a chur in ord, agus inar tháinig forbairt ar dhiagnóisic agus ar chóireálacha.
Tá ar a laghad dhá vacsaín COVID-19 beagnach réidh lena gcur chun feidhme anois in Éirinn mar chuid de chlár vacsaínithe náisiúnta, a fhad agus a údaraíonn an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach iad.
Tá go leor daoine ag fiafraí, conas a tharla sé go léir chomh tapa sin? I ndeireadh na dála, is eol dúinn go nglacann sé thart ar 10 mbliana chun vacsaín nua a fhorbairt, lena chinntiú go bhfuil sé sábháilte agus éifeachtach, agus chun dóthain de a dhéanamh do gach duine óna dteastaíonn sé.
Tá roinnt cúiseanna ann gur ciorraíodh an amlíne seo d’iarrthóirí vacsaíne COVID-19.
Ar an gcéad dul síos, rinneadh leibhéil ollmhóra infheistíochta agus taighde leighis ar scála nár tugadh faoi deara riamh roimhe seo maidir le forbairt vacsaíne.
Ar an dara dul síos, mar gheall ar an líon ard cásanna nua de Covid-19 ar fud an domhain, d’éirigh leis na trialacha vacsaíne difríochtaí i riosca galair a thomhas go tapa eatarthu siúd a fuair an vacsaín agus iad siúd a fuair an placebo nó vacsaín bhréige.
Ar an tríú dul síos, rinneadh go leor de na próisis, a thiteann amach de ghnáth ceann amháin i ndiaidh an chinn eile nuair a bhíonn vacsaín á forbairt, a chur ar siúl ag an am céanna. Mar shampla, cuireadh tús le vacsaíní a dhéantúsú ar scála mór fiú sula raibh torthaí thrialacha chéim 3 ar fáil. Ar an gcuma chéanna, chuir rialálaithe agus iad siúd a fhorbraíonn na vacsaíní tús lena gcomhráite an-luath sa phróiseas chun go raibh na rialálaithe sin ar an eolas ar fhorbairtí agus chun gur féidir leis an bpróiseas údaraithe a bheith chomh mear agus is féidir anois.
Ní thugann ceann ar bith de na tosca seo le fios gur baineadh de shábháilteacht, iomláine eolaíochta nó eiticiúil, ná gur fágadh rudaí ar lár.
Ba cheart go mbeadh na forbairtí seo ina n-ábhar mór spreagtha do dhaoine agus is féidir linn a bheith muiníneach gur céim mhór chun cinn inár gcur chuige i leith na paindéime seo a bheidh sa chlár seo a chur i bhfeidhm go rathúil. Is iomaí éiginnteacht agus bacainn atá lé sárú go fóill, áfach.
Thar aon ní eile, caithfidh daoine a bheith toiliúil chun vacsaín a fháil. De réir ár dtaighde, rinne an tromlach an cinneadh cheana féin gur cinnte (45%) nó gur dócha (28%) go nglacfaidh siad leis an vacsaín nuair a dhéanfar é a thairiscint dóibh.
Dar ndóigh, beidh ceisteanna ag go leor daoine. Ní haon amhras go mbeidh ráflaí agus mífhaisnéis ag gabháil thart, go háirithe ar líne. Lena chur ina choinne seo, caithfidh go mbeidh trédhearcacht agus iontaoibh mar an mbunchloch faoinár gcur chuige i dtaobh dul i ngleic le héiginnteachtaí agus muinín as an vacsaín a fhorbairt. Beidh ról lárnach ag gairmithe cúraim sláinte – ár ndochtúirí, altraí, cógaiseoirí agus ár gcomhghairmithe sláinte – fud fad na tíre sa phróiseas seo, faoi mar a thacaigh siad go mór leis an bhfreagairt iomlán i leith COVID-19 go dtí seo.
Fad a dhruideann an Nollaig agus an Athbhliain linn, is iomaí cúis dóchais atá againn, ní dá laghad an dlúthpháirtíocht a léiríomar agus ár dtoil chun cloí leis an gcomhairle sláinte poiblí agus chun sinn féin agus daoine eile a chosaint. D’éirigh linn an tionchar millteanach a sheachaint go hiomlán a d’imir COVID-19 ar fud na hEorpa le dhá mhí anuas, tráth a fuair i bhfad níos mó daoine bás ná mar a fuair an tEarrach seo caite, a bhuíochas le comhiarrachtaí daoine.
Ach níl an galar seo buailte againn go fóill. Is cuma leis an víreas seo a fheabhas a d’éirigh linn le déanaí. Is cuma leis go bhfuilimid tuirseach nó go dteastaíonn go géar uainn casadh lenár muintir agus ár gcairde. Tá sé chomh baolach anois agus a bhí sé i mí an Mhárta seo caite. Ní imreoidh vacsaín aon tionchar dearfach ar threo an ghalair seo go ceann roinnt míonna. I dturas an ama, caithfimid leanúint leis an bhfód a sheasamh; i bhfocail Mike Ryan, teastaíonn uainn gach rud a dhéanamh is féidir linn chun saol a thabhairt slán anois, seachas saol daoine a gheallaimid a thabhairt slán an bhliain seo chugainn. Déanaimis an beart le chéile.
CRÍOCH//