Tacaíocht airgeadais €3.8m ón AE fógartha ag an Aire Sláinte do bhearta COVID-19
- Foilsithe: 21 Meán Fómhair 2020
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Inniu d’fhógair an tAire Sláinte, Stephen Donnelly TD, go mbeidh €3.8 milliún á chur ar fáil ag an Aontas Eorpach do FSS chun cuid de na costais a bhaineann le paindéim COVID-19 a íoc.
Íocfaidh an maoiniú as cuid den chostas a bhaineann le trealamh cosanta pearsanta (PPE) agus trealamh leighis tarrthála eile a iompraíodh go hÉirinn ó lasmuigh den AE idir Aibreán agus Iúil i mbliana.
Tá an AE ag cur tacaíocht airgeadais ar fáil d’údaráis sláinte in 18 mBallstát, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, chun tacú le hoibríochtaí iompartha lastais mar chuid de fhreagairt na dtíortha sin ar phaindéim COVID-19.
Bronnfar na deontais faoi
“Pacáiste Soghluaisteachta” Ionstraim Tacaíochta Éigeandála an Choimisiúin Eorpaigh, a bhfuil sé mar aidhm leis cabhrú le Ballstáit lena gcuid iarrachtaí déileáil leis an bpaindéim ar bhealach straitéiseach, comhordaithe ag leibhéal Eorpach. Bronnadh maoiniú ar oibríochtaí bunaithe ar fhoirmle a d’fhorbair an Coimisiún chun dáileadh cothrom cistí idir tíortha iarrthacha a chinntiú."
Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire Donnelly,
“Is sampla eile fós é an maoiniú seo den tacaíocht atá á soláthar ag an AE d’Éirinn agus do Bhallstáit eile chun déileáil le COVID-19. Is meabhrúchán tráthúil é seo gur ghné thábhachtach dár bhfreagairt don phaindéim é dlúthpháirtíocht Eorpach, agus leanfaimid ar aghaidh ag obair leis an gCoimisiún agus lenár gcomhghleacaithe san AE chun eolas a roinnt agus gníomhartha a chomhordú a mhéid agus is féidir”.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag Coimisinéir um Bainistiú Géarchéime an AE, Janez Lenarčič,
“Táimid ag leanúint ar aghaidh ag tacú le Ballstáit an AE ionas go mbeidh ar a gcumas déileáil níos fearr le paindéim an choróinvíris. Tá maoiniú curtha ar fáil againn chun soláthairtí riachtanacha leighis a iompar ar fud an AE. Cuireadh na soláthairtí seo ar fáil sna háiteanna a raibh géarghá leo agus chuir siad go mór le hiarrachtaí náisiúnta beatha daoine a shábháil agus chabhraigh siad le hospidéil agus le hoibrithe cúraim sláinte a gcuid oibre a chur i gcrích”.
CRÍOCH