English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tacaíonn an Roinn Sláinte le 2020: Bliain an Altra agus na Cnáimhsí

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 23 Eanáir 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tacaíonn an Roinn Sláinte le 2020: Bliain an Altra agus na Cnáimhsí

Altranas agus Cnáimhseachas: An tAm atá Thart, an tAm atá i Láthair agus an tAm atá le Teacht

Dheimhnigh an Roinn Sláinte inniu go bhfuil sí ag tacú le 2020: Bliain an Altra agus na Cnáimhsí.

Rinne an Tionól Domhanda Sláinte an bhliain 2020 a ainmniú mar Bhliain Idirnáisiúnta an Altra agus na Cnáimhsí agus reáchtálfaidh an Roinn Sláinte, ag obair di faoi stiúir ag an bPríomhoifigeach Altranais, sraith imeachtaí le linn na bliana chun an ócáid a chomóradh.

Dúirt Simon Harris, an tAire Sláinte:

“Imríonn altraí agus cnáimhseacha ról ríthábhachtach maidir le seirbhísí sláinte a sholáthar.

“Caitheann siad a saol ar fad ag tabhairt cúram do mháithreacha agus do leanaí, ag tabhairt imdhíontaí agus comhairle sláinte a shábhálann beathaí, ag tabhairt aire do dhaoine scothaosta agus ag freastal ar ghnáthriachtanais sláinte i gcoitinne.

“Inniu, tosóidh an Roinn ag ceiliúradh ár n-altraí agus ár gcnáimhseach ar feadh na bliana ar fad agus tá lúcháir orm go stiúrfaidh an Príomhoifigeach Altranais an ceiliúradh sin.”

Tá an Príomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte ag obair i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), le Bord Altranais agus Cnáimhseachais na hÉireann agus le heagraíochtaí foirne chun Bliain an Altra agus na Cnáimhsí a chomóradh.

Ag labhairt di ag an seoladh oifigiúil, d’aithin Siobhán O’Halloran, an Príomhoifigeach Altranais sa Roinn Sláinte, an ról ríthábhachtach a imríonn altraí agus cnáimhseacha inniu maidir le seirbhísí sláinte a sholáthar:

“Oibríonn altraí agus cnáimhseacha ar gach leibhéal de chórais sláinte agus ar fud suíomhanna éagsúla chun cúram ar ardchaighdeán a thabhairt, foirne a stiúradh, taighde a dhéanamh, tionchar a imirt ar an mbeartas agus é a chur chun feidhme, agus oideachas a chur ar an gcéad ghlúin eile d’altraí agus de chnáimhseacha.”

Thug sí aitheantas don ról atá ag an teicneolaíocht agus ag an nuálaíocht maidir le cúram sláinte a éascú agus a sholáthar:

“Comhlánóidh forbairtí den sórt sin an obair a dhéanann altraí agus cnáimhseacha. Leanfaimid de bheith ag brath ar altraí chun a bheith i láthair, chun a bheith ina saineolaithe agus chun cúram a thabhairt agus a chomhordú – is éifeachtaí go deo guth nó lámh lách ná an aip is déanaí!”

I mí Aibreáin, foilseoidh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an chéad tuarascáil riamh ar Staid an Altranais ar fud an Domhain. Sa tuarascáil sin, déanfar cur síos teicniúil ar an bhfórsa saothair altranais sna Ballstáit agus pléifear an dóigh ar féidir leis an bhfórsa saothair altranais cabhrú le Cumhdach Sláinte Uilechoiteann a sholáthar agus le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh.

Na nithe nach raibh ar eolas agat faoin altranas in Éirinn sa bhliain 2020

Tá guth an altra i gcroílár na forbartha beartais in Éirinn

Imríonn Príomhoifigeach Altranais na hÉireann, atá lonnaithe sa Roinn Sláinte, ról ríthábhachtach maidir leis an mbeartas sláinte a fhorbairt agus maidir lena chinntiú go ndéanfar ionadaíocht do dhearcadh an altra agus na cnáimhsí ar leibhéal sinsearach sa Roinn Sláinte chun a chinntiú go bhforbrófar an t-altranas ina ghairm bheatha dhinimiciúil agus chun torthaí sláinte dearfacha a chinntiú d’othair agus do bhaill foirne cúram sláinte araon i gcóras na hÉireann.

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil Chief Nursing Officeranseo

**Mná atá i 90% díobh sin atá ag déanamh staidéar ar an altranas in Éirinn

Tosaíonn thart ar 1,800 mac léinn ag déanamh staidéar ar an altranas ar leibhéal fochéime nó iarchéime i mí Mheán Fómhair gach bliain. Is mná iad 90% de na mic léinn sin agus tagann 4% d’iontrálaithe nua ó thíortha eile.

Foinse: Bileog Eolais Altranais ón Údarás um Ard-OideachasBileog Eolais Altranais ón Údarás um Ard-Oideachas

**Sa bhliain 2016, ba iad altraí agus cnáimhseacha an phríomhghairm ag a raibh cáilíocht i réimse na sláinte agus an leasa (agus iad freagrach as 27.6% de na hoibrithe sa réimse sin).

Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh

Fir a bhí i níos lú ná 9.3% den daonra altranais iomlán amhail mí na Nollag 2019

Foinse: Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte health-service-employment-report-dec-2019.pdf)

Ghlac altraí Éireannacha páirt in Éirí Amach na Cásca mar chuid den Arm Cathartha

Bhí mná páirteach san obair is contúirtí le linn an Éirí Amach, agus iad ag iompar pléascach, seoltaí agus armlón. Cé gur oibrigh siad mar altraí agus mar chócairí, bhí baill den Arm Cathartha faoi airm agus ghlac roinnt díobh páirt sa troid.

Is fearr aithne ar Elizabeth O’Farrell, altra Éireannach, inniu as an bhfógra géillte a sheachadadh le linn Éirí Amach na bliana 1916.

Pósann altraí feirmeoirí

De réir na Príomh-Oifige Staidrimh, is gnách go bpósann Banaltraí Feirmeoirí (11%), Altraí eile (4%) agus Gardaí (3%).

Tá seans an-mhaith ann freisin go bhfuil Altraí Fir agus Dochtúirí Fir pósta le Banaltraí agus le Bandochtúirí.

Bhí gairm an altra agus na cnáimhsí ar an ngairm aonair is coitianta i measc na mban in Éirinn (áit a raibh 38,518 mbean fostaithe).

Foinse: An Phríomh-Oifig Staidrimh: Cé na daoine a phósann a chéile? - priacal ceirde

Tá Altraí agus Cnáimhseacha freagrach as beagnach 50% den fhórsa saothair sláinte ar fud an domhain

Gabhann dea-luach ar airgead le hinfheistíocht a dhéanamh in altraí agus i gcnáimhseacha. Sa tuarascáil ó Choimisiún Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe um Fhostaíocht Sláinte agus Fás Geilleagrach, thángthas ar an gconclúid gurb é an toradh a bhíonn ar infheistíocht a dhéanamh san oideachas agus i gcruthú fostaíochta sna hearnálacha sláinte agus sóisialta ná go ngnóthaítear torthaí sláinte níos fearr, slándáil sláinte ar fud an domhain agus fás geilleagrach cuimsitheach.

Foinse: Bileog Eolais ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte

Siúlann altraí thart ar 4/5 mhíle gach seal 12 uair. I gcomparáid leis sin, ní shiúlann formhór na ndaoine ach 2/3 mhíle gach lá 18 n-uaire

Foinse: Ollscoil Colorado, 2006: How far do nurses walk?

Tá 535 Ardchleachtóir Altranais againn in Éirinn

Tá Ardchleachtóirí Altranais oilte ar leibhéal Máistreachta agus oibríonn siad ag barr a gceadúnais, áit a n-éiríonn siad ina gcinnteoirí sinsearacha sa diagnóis agus a soláthraíonn siad pleananna cúraim d’othair. Is ag Ardchleachtóirí Altranais atá na scileanna agus na hinniúlachtaí a theastaíonn chun othair a chóireáil ó cheann ceann, idir oideasú agus scaoileadh.

Foinse: An Roinn Sláinte

Agus ar an ardán idirnáisiúnta...

Is í Annette Kennedy, bean Éireannach, an tUachtarán ar an gComhairle Idirnáisiúnta Altraí (ICN), ar cónaidhm altranais dhomhanda í a mhol don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte Príomhoifigeach Altranais a cheapadh. Déanann ICN ionadaíocht do leasanna altraí ar fud an domhain

Foinse: https://www.icn.ch/who-we-are/board-directors

CRÍOCH