English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Teastas Digiteach COVID an AE – Tairseach Tríú Tír chun dáileog bhreise vacsaíne COVID-19 a áireamh

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 22 Feabhra 2022
  • An t-eolas is déanaí: 24 Feabhra 2022

Tar éis síneadh rathúil a dhéanamh ar sheirbhís iarratais ar Theastas Digiteach COVID an AE chuig sealbhóirí pasanna Éireannacha a fuair vacsaíniú lasmuigh den AE i mí Mheán Fómhair 2021, leathnaítear an tseirbhís inniu chun ligean don chohórt seo iarratas a dhéanamh ar theastas nua lena n-áirítear a ndáileog bhreise den vacsaín COVID-19.

Ó thús Eanáir, eisíodh teastais nua dóibh siúd a fuair dáileog bhreise den vacsaín COVID-19 in Éirinn. Tá beagnach 2.8 milliún dáileog bhreise tugtha cheana féin in Éirinn.

Ag fáiltiú roimh an tseirbhís bhreise seo, dúirt an tAire Donnelly, “Tá mo Roinnse, agus í ag obair le foirne ar fud an Rialtais, ag seachadadh teastais vacsaíne nua dóibh siúd go léir a tháinig chun cinn dá ndáileog bhreise den vacsaín in Éirinn. Táimid tiomanta i gcónaí do mhuintir na hÉireann atá ina gcónaí taobh amuigh den AE agus ó mhí Mheán Fómhair, tá sé ar chumas daoine a bhfuil pasanna Éireannacha acu rochtain a fháil ar Theastas Digiteach COVID an AE. Tá áthas orm go leathnóimid an tseirbhís sin inniu chun dáileoga breise a chur san áireamh.”

Glacfar le hiarratais ó dhaoine 18 mbliana d’aois agus níos sine a bhfuil Pas Éireannach bailí acu agus cruthúnas iontaofa go bhfuil bunchúrsa iomlán den vacsaín faighte acu agus teanndáileog ina dhiaidh sin de chineál vacsaínithe atá údaraithe faoi láthair le húsáid in Éirinn lena n-áirítear:

  • Vacsaín Pfizer-BioNtech (Comirnaty®)
  • Vacsaín Moderna (Moderna®)
  • Vacsaín Oxford-AstraZeneca (Vaxzevria® nó Covishield)
  • Vacsaín Johnson & Johnson/Janssen (Janssen®)
  • Coronavac (Sinovac)
  • Sinopharm BIBP
  • Covaxin
  • Novavax (Nuvaxovid)

Beidh an tseirbhís inrochtana ag covidcertificateportal.gov.ie.

Dúirt an tAire Stáit um Sholáthar Poiblí agus r-Rialtas, Ossian Smyth TD:

“De réir mar a chuaigh an phaindéim chun cinn, bhí seirbhís DCC an AE ina líne tharrthála ríthábhachtach do shaoránaigh Éireannacha sa bhaile agus thar lear agus iad ag taisteal ar fud an AE de réir mar a tháinig a gcuid riachtanas chun cinn. Cé go bhfuil an tseirbhís á tairiscint againn do shaoránaigh Éireannacha thar lear le tamall anuas chun tacú leo le linn na dtréimhsí dúshlánacha seo, tá áthas orainn an tseirbhís seo a nuashonrú tuilleadh anois ionas go nuashonraítear teastais le faisnéis faoin teanndáileog chun taisteal saoránach na hÉireann ar fud an AE a éascú le linn na míonna amach romhainn"

D’fháiltigh an tAire Stáit a bhfuil freagracht air i leith Cúnamh Forbartha Thar Lear agus Diaspóra, Colm Brophy TD, roimh an bhfógra thar ceann an Diaspóra.

“Cuirim fáilte mhór roimh an leathnú is déanaí seo ar sheirbhís iarratais ar Theastas Digiteach COVID an AE do shealbhóirí pasanna Éireannacha thar lear agus is léiriú é ar ár dtiomantas dár nDiaspóra. Le rochtain ar EU-DCCanna nuashonraithe a léiríonn teanndáileoga, beidh sé níos éasca dár nDiaspóra taisteal ar ais go hÉirinn agus a naisc leis an mbaile a choinneáil. Cuirfidh pobail Éireannacha ar fud an domhain fáilte mhór roimh an leathnú seo”.


NÓTAÍ

  • Socraíodh líne chabhrach an Teastais COVID Dhigitigh chun seirbhís a sholáthar don phobal chun a dTeastas Digiteach COVID AE a iarraidh. Ó seoladh í i mí Iúil 2021, leathnaíodh an tseirbhís seo chun roinnt tairseacha féinseirbhíse ar líne a áireamh agus cainéal WebChat le déanaí.
  • Tá leathnú na seirbhíse seo chun ilbhealaí cumarsáide a áireamh ag teacht le tiomantas an Rialtais do sholáthar seirbhísí digiteacha inrochtana.