Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tiocfaidh feabhas ar chúram agus ar dhálaí sa Chleachtadh Ginearálta sa bhliain 2020 mar thoradh ar an gComhaontú le Lia-chleachtóirí Ginearálta

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 1 Eanáir 2020
  • An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025

Tá sé ráite ag Simon Harris TD, an tAire Sláinte, go dtiocfaidh bearta tábhachtacha atá ar áireamh sa Chomhaontú a rinneadh le Lia-chleachtóirí Ginearálta sa bhliain 2019 i bhfeidhm ó thús na bliana 2020 amach. Áirítear leis na bearta sin an Clár um Bainistíocht Galar Ainsealach.

Dúirt an tAire Harris:

“Déanfaidh an clár Sláintecare athchóiriú ar sheirbhís cúram sláinte agus cúraim shóisialta na hÉireann agus, dá bharr, cruthófar seirbhís fhreagrúil nua-aimseartha a thairgeann an cúram ceart san áit cheart ag an am ceart. Gné lárnach den obair sin is ea an sprioc atá againn an chuid is mó den chúram a aistriú ó na hospidéil chuig an bpobal, agus cúram á thabhairt d’othair níos gaire don bhaile. Tá bainistíocht éifeachtach galar ainsealach laistigh den phobal ina céim thábhachtach den chlár Sláintecare a sholáthar.”

Ó thús na bliana amach:

  • Tiocfaidh Clár struchtúrtha um Bainistíocht Galar Ainsealach i bhfeidhm d’othair os cionn 75 bliana d’aois. Mar thoradh air sin, cumasófar d’othair atá thíos le ceann amháin de cheithre ghalar ainsealacha (diaibéiteas chineál 2, asma, galar scamhóige toirmeascach ainsealach (COPD) agus galar cardashoithíoch) dul i dteagmháil lena lia-chleachtóir ginearálta chun an riocht atá orthu a bhainistiú. Is d’othair os cionn 75 bliana d’aois a chuirfear an clár i bhfeidhm ar dtús sa bhliain 2020. Cuirfear an clár i bhfeidhm d’othair eile thar thréimhse trí bliana ina dhiaidh sin.
  • Cuirfear fleibeatóime theiripeach d’othair a bhfuil haemacrómatóis orthu ar fáil i gcleachtaí lia-chleachtóra ghinearálta.
  • Rachaidh lia-chleachtóirí ginearálta agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) i mbun athbhreithnithe ar chógais agus clinicí cairdiacha fíorúla (ar bhonn trialach) ar mhaithe lena chinntiú go dtabharfar an cúram is fearr d’othair agus go mbainfear an úsáid is éifeachtúla as acmhainní.
  • Tiocfaidh feabhas ar chlúdach dochtúra ionaid le haghaidh saoire máithreachais agus *Méadófar an Liúntas do Chleachtaí Tuaithe faoi 10% agus cuirfear cistiú €2 mhilliún ar fáil chun tacú leis an gcleachtadh ginearálta i limistéir uirbeacha dhíothacha.

Dúirt an tAire Harris:

“Tá an Comhaontú ar thángthas air le Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann ceaptha chun feabhas a chur ar dhálaí do lia-chleachtóirí ginearálta agus ar an gcúram a thugtar d’othair.

“Bainfear an méid sin amach tríd an tsraith beart a thabharfar isteach sa bhliain 2020. Áireofar leo sin an Clár struchtúrtha um Bainistíocht Galar Ainsealach, a chuirfear i bhfeidhm ó thús na bliana amach.

“Tá áthas ar leith orm go bhfuil torthaí nithiúla ag teacht as an teagmháil chuiditheach atá ar bun idir an Roinn Sláinte, FSS agus Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann, agus iad ag obair ar ghné lárnach dár gcóras sláinte.

“Táthar ag súil leis go ndéanfar feabhsuithe suntasacha ar an gcúram a thugtar d’othair mar thoradh ar an gClár um Bainistíocht Galar Ainsealach go háirithe. Cuirfear feabhas ar cháilíocht na beatha d’othair agus maolófar an brú ar ár n-ospidéil dá bharr sin.”

CRÍOCH