Tugann an tAire Míchumais, Anne Rabbitte, cuntas ar sholáthar breise faoisimh don bhliain 2021
- Foilsithe: 2 Lúnasa 2021
- An t-eolas is déanaí: 4 Lúnasa 2021
- Cuirtear seirbhísí faoisimh malartacha ar fáil anuas ar ionaid nua faoisimh
- Chinntigh an tAire go mbaintear úsáid as “coigiltí ama"
- Áirítear le tacaíochtaí duinelárnacha campaí samhraidh, saoirí, ‘baile as baile’ agus saghsanna eile de sholáthar seirbhíse
D’fhógair an tAire Stáit le freagracht as Míchumas, Anne Rabbitte, T.D. inniu go mbeidh faoiseamh méadaithe malartach á sholáthar i mbliana, a fheabhsóidh tacaíocht d’úsáideoirí seirbhíse agus dá dteaghlaigh mar chuid d’fhreagairt FSS do Mhaireachtáil le COVID-19.
Cuireann an tionscnamh le gealltanas an Rialtais áis nua faoisimh ionadbhunaithe a fhorbairt i ngach limistéar Eagraíochtaí Cúraim Sláinte Pobail (ECSP), (tá naoi gcinn ann, ar an iomlán) chun freastal ar riachtanais agus tosaíochtaí ar leith laistigh den ECSP ar chostas bliana iomláine €5.5m.
Dúirt an tAire Rabbitte:
“Tá gliondar croí orm a thabhairt faoi deara go bhfuil réimse chomh fairsing sin d’fhaoiseamh malartach á sholáthar do leanaí agus daoine fásta faoi mhíchumas.
"Sholáthair an Rialtas €5.5m i mBuiséad 2021 chun áis nua faoisimh ionadbhunaithe a fhorbairt i ngach limistéar ECSP, chun freastal ar riachtanais agus tosaíochtaí ar leith laistigh den ECSP. Bhí bród orm an dul chun cinn a rinne gach ceann de na hionaid seo le déanaí a fhógairt, a bhfuil súil leis go n-osclófar 8 gcinn i mbliana, agus go n-osclófar an t-ionad amháin eile go luath in 2022.
"Theastaigh go mór uaim freisin a chinntiú go raibh an leithdháileadh don bhliain iomlán ar fáil ó Eanáir 2021. Cheadaigh seo coigiltí ama a úsáid ar bhonn aonuaire chun feabhas a chur ar sholáthar reatha faoisimh nó faoiseamh malartach agus for-rochtana a sholáthar.
"Is é mo sprioc a chinntiú go n-úsáidtear an leithdháileadh iomlán a cuireadh ar fáil ó Eanáir 2021 chun feabhas a chur ar sholáthar faoisimh."
Dúirt sí freisin:
“Chas mé leis an iomaí úsáideoir seirbhíse, teaghlach, agus soláthraí, agus is eol dom cé chomh tábhachtach is féidir le faoiseamh a bheith chun brú a fhuascailt agus caighdeán na beatha a fheabhsú. Tá súil agam go dtabharfaidh an fógra seo an obair iontach chun solais a rinne FSS agus soláthraithe seirbhíse i dtréimhse an-dúshlánach, agus ar aon dul le treoir sláinte poiblí.”
Is féidir faoiseamh malartach a sholáthar i bhfoirm tacaíochtaí nuálacha sa bhaile, campaí spóirt nó samhraidh, saoire, nó sosanna óstáin, agus ar go leor leor bealaí
eile, agus cuireann sé sos nó athrú ar fáil d’úsáideoirí seirbhíse a bhíonn ag teastáil go géar agus baineann sé an brú a bhíonn ar theaghlaigh.
Cuirtear seirbhísí saincheaptha ar fáil d’úsáideoirí seirbhíse bunaithe ar riachtanas a dtugtar tús áite dó. I measc na seirbhísí, tá rudaí cosúil le saoirí saincheaptha, tacaíochtaí do rannpháirtíocht i gcláir phríomhshrutha, Faoiseamh Roinnte Baile, agus cláir eile faoisimh dhuinelárnaigh.
CRÍOCH
Nótaí don Eagarthóir:
Cuirtear seirbhísí ar fáil ar bhonn riachtanais tosaíochta agus tugtar cuntas sa tábla seo a leanas ar an réimse fairsing seirbhísí atá ar fáil i ngach limistéar ECSP, an méid seo a leanas ina measc, ach gan bheith teoranta dó:
ECSP 1 (Dún na nGall, Sligeach, Liatroim, an Cabhán, Muineachán)
Osclófar an tIonad Nua Faoisimh:
R1 2022 Freastalóidh sé ar cheantar Shligigh-Liatroma
Faoiseamh Malartach:
- pacáistí saincheaptha sa bhaile do bhreis agus 20 Leanbh,
- uaireanta méadaithe faoisimh do 30 Leanbh agus Duine Fásta,
- an scéim ó bhaile go baile a shíneadh, - sosanna óstáin,
- campaí/seisiúin ghníomhaíochtaí Saoire Scoile agus deireadh seachtaine le cur ar fail ar fud an ECSP.
ECSP 2 (Gaillimh, Ros Comáin, Maigh Eo)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R3 2021 Osclófar é i nGaillimh Thoir, agus soláthróidh sé 225 oíche leapa in 2021
Faoiseamh Malartach: - 1236 oíche bhreise d’Fhaoiseamh le cur ar fáil
in 2021, ar fud an limistéir ECSP.
- Faoiseamh breise do dhaoine a bhfuil riachtanais chasta acu.
- Méadú ar tacaíochtaí sa bhaile,
- Faoiseamh agus tacaíocht teaghlaigh bhreise a sholáthar do Leanaí a bhfuil Géarghá acu leis
- Méadú ar thacaíochtaí sa bhaile
ECSP 3 (An Clár, Luimneach, Tiobraid Árann Thuaidh)
Osclaíodh Ionad Nua
Faoisimh: R2 2021 Cuireadh tús le Seirbhís Naomh Gaibriél, seirbhís do leanaí a bhfuil riachtanais chasta tacaíochta acu, i mBealtaine 2021.
Faoiseamh Malartach:
- 28 oíche d’fhaoiseamh samhraidh ionadbhunaithe do leanaí ar a bhfuil ASD.
- Breis agus 2,800 uair an chloig de thacaíocht sa bhaile do leanaí.
- 100 oíche bhreise faoisimh do leanaí.
- 172 oíche bhreise faoisimh, Roinnt Baile agus faoiseamh Cónaithe san áireamh, do 28 Duine Fásta.
- 160 oíche de shaoire shamhraidh ghearrshosa d’úsáideoirí seirbhíse a bhfuil riachtanais chasta acu. - Tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí Grúpa ar fud an ECSP
ECSP 4 (Ciarraí, Corcaigh)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 Freastalófar ar Dhaoine Fásta i réigiún Chorcaí
Faoiseamh Malartach: - 130 oíche d’fhaoiseamh Saoire thar Oíche anuas ar 65 oíche bhreise d’fhaoiseamh sa bhaile/amach ón mbaile a sholáthar.
- Faoiseamh do leanaí ó 22 teaghlach curtha ar fáil in Ionad Saoire Thrá Bholgan.
- 40 oíche bhreise d’fhaoiseamh do dhaoine fásta
- Cuirfidh soláthraithe seirbhíse ar fud an ECSP réimse roghanna faoisimh mhalartaigh ar fáil.
ECSP 5 (Tiobraid Árann Theas, Ceatharlach, Cill Chainnigh, Port Láirge, Loch Garman)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 An tSeirbhís do Dhaoine Fásta atá bunaithe i gCill Chainnigh.
Faoiseamh Malartach:
- Tacaíocht bhreise faoisimh do 18 nduine faoi Mhíchumas a bhfuil riachtanais chasta acu.
- Faoiseamh samhraidh agus saoirí faoi thacaíocht do bhreis agus 20 duine, ar leanaí a bhformhór.
- Tá iarmhéid an choigiltis á úsáid chun íoc as costais bhunaithe don tseirbhís ionadbhunaithe
ECSP 6 (Cill Mhantáin Thoir, Baile Átha Cliath Thoir Theas)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 An tSeirbhís Faoisimh nua do Dhaoine Fásta atá bunaithe i nGleann na gCaorach, Contae Bhaile Átha Cliath.
Faoiseamh Malartach:
- Sos saoire do leanaí
- Tá cistiú breise á úsáid chun an tsaoráid a uasghrádú go mbainfidh sé caighdeáin HIQA amach.
ECSP 7 (Cill Dara, Cill Mhantáin Thiar, Baile Átha Cliath Thiar, Cathair Bhaile Átha Cliath Theas, Cathair, Baile Átha Cliath Thiar Theas)
Osclófar an tIonad Nua
Faoisimh: R4 2021 Cuirfidh an t-ionad faoiseamh ar fáil do leanaí agus beidh sé bunaithe i gCill Dara.
Faoiseamh Malartach:
- Faoiseamh iarscoile do Leanaí go dtí 8pm
- Faoiseamh breise thar oíche do leanaí a bhfuil riachtanais bhreise tacaíochta acu.
- Tá tionscadal a dhéanfaidh athbhreithniú ar Fhaoiseamh a sholáthar ar bun freisin
ECSP 8 (Laois, an Longfort, Lú, an Mhí, Uíbh Fhailí, an Iarmhí)
Osclófar an tIonad Nua Faoisimh: R3
2021 Seirbhís nua faoisimh a fhreastalaíonn ar dhaoine fásta atá lonnaithe in Uíbh Fhailí
Faoiseamh Malartach:
- Óstán/Sosanna ón mbaile do Dhaoine Fásta.
- Faoiseamh Lae, seirbhísí um Thráthnóna agus Lae i rith an Deireadh Seachtaine, gníomhaíochtaí campa samhraidh do Leanaí agus déagóirí a bhfuil neamhord de chuid speictream an uathachais (ASD) orthu, tacaíocht do Leanaí freastal ar champaí samhraidh SONAS ar fud an ECSP.
ECSP 9 (Baile Átha Cliath Thuaidh, Baile Átha Cliath Thuaidh-Lár, Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh)
Osclófar an tIonad Nua Faoisimh: R3
2021 Seirbhís faoisimh do leanaí in “The Hamlet”, atá bunaithe i Sord, Contae Bhaile Átha Cliath.
Faoiseamh Malartach:
- Faoiseamh Lae agus campaí samhraidh, tacaíochtaí cliniciúla san áireamh do leanaí chun freastal ar champaí pobalbhunaithe agus ar champaí samhraidh saincheaptha do leanaí a bhfuil riachtanais chasta acu.
- Leanfaidh an t-aonad ardtacaíochta ASD de bheith ar oscailt i rith mhí Iúil.
- Seirbhísí breise Faoisimh mhalartaigh tacaíochta baile
- Tacaíochtaí malartacha do 28 leanbh agus duine óg