English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Tugann na hAirí sa Roinn Sláinte Gealltanas go soláthrófar Clár Próifiolacsais Réamhnochta um VEID a Chosc san Fhómhar

  • Ó: An Roinn Sláinte

  • Foilsithe: 14 Meitheamh 2019
  • An t-eolas is déanaí: 26 Meitheamh 2019

Thug Simon Harris, an tAire Sláinte, agus Catherine Byrne, an tAire Stáit le freagracht as Cur Chun Cinn na Sláinte, gealltanas inniu (an Aoine) go gcuirfí clár próifiolacsais réamhnochta um VEID a chosc chun feidhme sa bhliain 2019, ag teacht sna sála ar an gcomhairle fhoirmiúil ón Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (HIQA) á rá gur chlár sábháilte éifeachtach é agus go laghdódh sé costais.

Ag fáiltiú dó roimh an gcomhairle ó HIQA, dúirt an tAire Harris:

“Ba mhaith linn laghdú a dhéanamh ar an líon cásanna nua VEID a thagann chun cinn in Éirinn. Bealach amháin chun é sin a dhéanamh is ea an fháil ar phróifiolacsas réamhnochta a mhéadú. Ní hé amháin go ndeimhnítear sa tuarascáil seo gur féidir le próifiolacsas réamhnochta cabhrú le VEID a chosc i measc daoine atá in ardbhaol an galar a tholgadh, ach léirítear inti freisin an dóigh a bhféadfaí coigiltí a bhaint amach as clár próifiolacsais réamhnochta a reáchtáil.”

“Déanfaidh an Roinn seo agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an chomhairle a thugtar sa tuarascáil ó HIQA a chur san áireamh go hiomlán de réir mar a ullmhaímid pleananna le haghaidh clár a chur chun feidhme níos moille i mbliana. Tugaim faoi deara go luann HIQA sa tuarascáil gur gá dúinn infheistiú inár seirbhísí sláinte gnéasaí chun go mbeimid in ann clár iomlánaíoch ar ardchaighdeán a sholáthar. Díriú tosaíochta domsa agus don Aire Byrne is ea an tsláinte ghnéasach agus ba mhaith linn clár próifiolacsais réamhnochta den chéad scoth a sholáthar.”

Dúirt an tAire Stáit Catherine Byrne:

“Tá foilsiú na tuarascála seo ó HIQA ina chéim thábhachtach i dtreo clár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach in Éirinn sa bhliain 2019. Faoi mar a thugtar faoi deara sa tuarascáil, is ó ghrúpaí soghonta laistigh den tsochaí nó ó ghrúpaí a bhfuil an tsochaí anuas orthu a thagann cuid mhór de na daoine a bhainfeadh tairbhe as clár próifiolacsais réamhnochta. Mar sin, tá sé tábhachtach go leanfaimid le dul i dteagmháil leis na daoine sin agus spreagadh a thabhairt do thuilleadh daoine dul faoi thástáil agus leas a bhaint as na cóireálacha agus na tacaí atá ar fáil.”

Is é atá i gceist le clár próifiolacsais réamhnochta ná úsáid réamhghabhálach a bhaint as cógas frith-aisvíreasach chun ionfhabhtuithe VEID a chosc. Déantar amhlaidh laistigh de sheirbhís iomlánaíoch ina ndéantar faireachán agus tástáil rialta agus ina dtugtar comhairle agus comhairleoireacht maidir le cleachtais ghnéis níos sábháilte. Tugadh cláir den chineál céanna isteach i roinnt tíortha eile le déanaí.

Faightear amach i dtuarascáil an mheasúnaithe teicneolaíochta sláinte ó HIQA a foilsíodh inniu go bhfuil próifiolacsas réamhnochta ina bhealach sábháilte chun VEID a chosc i measc daoine atá i mbaol suntasach an galar a tholgadh agus faightear amach inti go bhféadfaí coigiltí costais a bhaint amach as clár próifiolacsais réamhnochta a thabhairt isteach.

Tá tuarascáil an mheasúnaithe teicneolaíochta sláinte ar fáil ar www.hiqa.ie agus áirítear léi achoimre feidhmiúcháin agus achoimre Béarla shoiléir.

CRÍOCH