Comhairliúchán Poiblí ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara maidir leis ma feidhmeanna atá le sannadh ar Oifig Nua (Ombudsman/Rialtóir nó Oifig Choibhéiseach)
- Foilsithe: 26 Aibreán 2021
- oscailte le haghaidh aighneachtaí ó: 26 Aibreán 2021
- Dúnadh na haighneachtaí: 11 Meitheamh 2021
- An t-eolas is déanaí: 8 Meitheamh 2021
Consultation is closed
D’oscail an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, comhairliúchán poiblí nua maidir leis an reachtaíocht phríomha a bheidh ag teastáil chun Oifig nua an Ombudsman/Rialtóra/a Comhionann Náisiúnta do Bhia a bhunú.
Cúlra
Foilsíodh an Treoir um Chleachtais Éagóracha Trádála UTP (Treoir (AE) 2019/633 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cleachtais éagóracha trádála i gcaidrimh ghnólacht-le-gnólacht sa slabhra soláthair talmhaíochta agus bia) in Aibreán 2019. Ina dhiaidh sin, in 2020, áiríodh mar chuid thábhachtach i gClár an Rialtais (PFG), gealltanas do:
Cothroime, cóir agus trédhearcacht a chinntiú sa slabhra bia trí údarás nua a bhunú dar teideal an tOmbudsman Náisiúnta Bia (NFO) chun an Treoir maidir le Cleachtais Éagóracha Trádála a fhorfheidhmiú. Déanfaidh an t-údarás seo rialacha a fhorfheidhmiú ar fud an AE maidir le cleachtais thrádála éagóracha atá toirmiscthe sa slabhra soláthair bia agus beidh cumhachtaí aige an Treoir seo a chur i bhfeidhm agus pionós a ghearradh orthu sin a sháraíonn na rialacháin. Beidh ról ar leith ag an NFO maidir le hanailís a dhéanamh ar shonraí i dtaobh praghsanna agus i dtaobh an mhargaidh in Éirinn agus tuairisciú a dhéanamh ar na sonraí sin.
Caithfear, agus déanfar, an Treoir UTP a thrasuí i ndlí na hÉireann faoin 1 Bealtaine 2021. Bhí an Treoir UTP ina ábhar chomhairliúcháin phoiblí cheana féin i mí na Nollag 2019. Ó shin i leith, glacadh cinneadh dul i mbun cur chuige dhá chéim i leith an ghealltanais PFG:
- Ar an gcéad dul síos, le hIonstraim Reachtúil (S.I.), tá an Roinn ag trasuí Treoir UTP go díreach mar atá sí faoi spriocdháta an 1 Bealtaine gan cumhachtaí breise a théann níos faide ná an Treoir UTP a thabhairt isteach. Déanfaidh an S.I. foráil d’Údarás Forfheidhmithe a bhunú sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara mar bheart eatramhach agus cuirfidh sé na cumhachtaí imscrúdaithe a fhoráiltear sa Treoir UTP i bhfeidhm.
- Ar an dara dul síos, ullmhófaí an reachtaíocht phríomha sin (Bille/Acht) chun an gealltanas PFG sin a bhaint amach: Oifig nua (NFO/Rialtóir) a bhunú agus chun aon cheanglais dhlíthiúla breise a théann níos faide ná an Treoir UTP a chur san áireamh.
Cuspóir an i chomhairliúcháin phoiblí seo
Tá an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue ag iarraidh go mbunófaí an tOmbudsman Náisiúnta Bia/rialtóir/a chóibhéis chun trédhearcacht a thabhairt don slabhra soláthair bia mar bhealach chun feirmeoirí agus príomhtháirgeoirí a chosaint. Dá bhrí sin is é cuspóir an chomhairliúcháin seo do thuairimí a lorg chun cabhrú leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir le hullmhú reachtaíochta i dtaobh an dá shaincheist thábhachtacha seo a leanas:
1. Na feidhmeanna agus na cumhachtaí atá le sannadh don Oifig nua (NFO/rialtóir, nó a choibhéis) sa phríomhreachtaíocht nua
2. Cad iad na rialacha níos déine, más ann dóibh, ba chóir a thabhairt isteach sa reachtaíocht náisiúnta a rachadh níos faide ná na rialacha a áitítear sa Treoir UTP?
Léiríonn cuid de na ceisteanna thíos cuid de na haighneachtaí a fuair an Roinn mar chuid de chomhairliúchán poiblí 2019 ar Threoir UTP agus a éilíonn faisnéis níos beachta Transposition of Unfair Trading Practices (UTP) Directive (EU) 2019/633 Submissions made to 2019 public consultationanois.
Beidh an comhairliúchán oscailte ó Dé Luain 26 Aibreán 2021 go dtí Dé hAoine 11Meitheamh 2021.
Tá ceistneoir an chomhairliúcháin ar fáil anseo
Tabhair do d’aire: Ní oibreoidh an suirbhé mar is ceart in Internet Explorer. Chun páirt a ghlacadh sa suirbhé ba cheart duit úsáid a bhaint as brabhsálaí eile.
Tabhair faoi deara le do thoil, cé go bhfuil líon na gcarachtar le haghaidh freagraí teoranta, is féidir, ag deireadh an cheistneora, faisnéis bhreise a mheasann tú a bheith ábhartha a uaslódáil.
Saoráil Faisnéise
Tá gach freagra agus barúil a chuirtear faoi bhráid na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara chun críche an chomhairliúcháin seo faoi réir a bheith scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014 agus faoi Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007- 2014. Tá freagraí faoi réir na reachtaíochta um Chosaint Sonraí freisin. Níor cheart faisnéis phearsanta, rúnda nó íogair ó thaobh na tráchtála de a áireamh i d’aighneacht mura n-iarrtar í agus toimhdeofar go bhfuil an fhaisnéis uile atá i d’aighneacht in-scaoilte faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014.
Cosaint Sonraí
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag bailiú na faisnéise a chuirtear ar fáil sa cheistneoir seo chun cabhrú leis an bpróiseas cinnteoireachta maidir le reachtaíocht nua a ullmhú d’Oifig nua a bhunú de réir Chlár an Rialtais agus d’aon rialacha a d’fhéadfaí a thabhairt isteach a théann níos faide ná iad siúd a áitítear i dTreoir (AE) Uimh. 2019/633 a dhéileálann le Cleachtais Trádála Éagóracha.
Próiseálfar na sonraí de réir Rialachán Ginearálta an AE um Chosaint Sonraí (GDPR EU 2016/679), na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018, an tAcht um Shaoráil Faisnéise 2014 agus Prionsabail agus Treoir Chomhairliúcháin na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Ní dhéanfar aon sonraí pearsanta breise a gheofar mar chuid de do fhreagra a phróiseáil, a roinnt ná a choinneáil agus scriosfar iad nuair a fhaightear iad.
Tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tiomanta do phríobháideacht a chosaint agus do mheas a léiriú uirthi agus tá bearta teicniúla agus eagrúcháin iomchuí curtha i bhfeidhm aici chun d’fhaisnéis a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe. Ní phróiseálfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta chun aon chríche seachas an cuspóir ar bailíodh iad ina leith. Féadfar sonraí pearsanta a mhalartú le Ranna Rialtais eile, le húdaráis áitiúla, le gníomhaireachtaí atá faoi choimirce na Roinne, nó le comhlachtaí poiblí eile, in imthosca áirithe ina ndéantar foráil dóibh seo sa dlí. Ní choimeádfaidh an Roinn do chuid sonraí pearsanta ach a fhad is gá chun na críocha ar bailíodh iad agus ar próiseáladh iad ina dhiaidh sin. Nuair a bheidh an riachtanas gnó don fhaisnéis seo a choinneáil éagtha, scrúdófar í d’fhonn na sonraí pearsanta a scriosadh a luaithe is féidir, agus de réir bheartas na Roinne.
Féadfar na sonraí a bhailítear ón suirbhé seo a achoimriú agus a fhoilsiú agus d’fhéadfadh go gcuimseodh sé seo an fhaisnéis a bhailítear a chatagóiriú de réir an chineáil freagróra e.g. feirmeoir, eagraíocht ionadaíocha feirme, próiseálaí feola, próiseálaí déiríochta srl. Ina theannta sin tugtar deis i roinnt ceisteanna do fhreagra insinte téacs agus féadfar na freagraí sin a fhoilsiú freisin.