Additional Customer Information

Cuardaigh ar fad gov.ie

Faisnéis eagraíochta

Faisnéis Bhreise do Chustaiméirí


Séanadh

Coinníonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara a láithreáin ghréasáin chun feabhas a chur ar rochtain phoiblí ar fhaisnéis faoin Roinn agus faoina gníomhaíochtaí agus chun seirbhísí a sholáthar dá custaiméirí. Rinneadh gach iarracht a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomhanna gréasáin na Roinne cruinn agus cothrom le dáta. Má thugann tú aon earráidí nó easnaimh faoi deara, cuir sin in iúl don Roinn chomh luath agus is féidir. Ní thugann an Roinn aon ráthaíochtaí, gealltanais ná barántaí maidir le cruinneas, iomláine ná cineál cothrom le dáta na faisnéise a chuirtear ar fáil ar a suíomhanna gréasáin agus ní ghlacann sí le haon dliteanas ar bith a eascraíonn as aon earráidí nó easnaimh.

Forchoimeádann an Roinn an ceart chun aon chuid den fhaisnéis nó í ar fad a chuirtear ar fáil a athrú tráth ar bith, ach ní bheidh sí freagrach as aon athrú den sórt sin ar fhaisnéis ná ní bheidh sí faoi dhliteanas ina leith. Níl aon dliteanas ar an Roinn as aon chaillteanas a tharlaíonn mar gheall ar úsáid faisnéise atá le feiceáil ar na suíomhanna gréasáin seo. Is mar áis amháin a chuirtear aon naisc ó na suíomhanna gréasáin seo chuig suíomhanna gréasáin seachtracha ar fáil, agus níor cheart glacadh leo mar fhormhuiniú ar ábhar nó ar chleachtais na suíomhanna gréasáin seachtracha sin.

Mura luaitear a mhalairt, údaraítear atáirgeadh ach amháin chun críocha tráchtála, ar choinníoll go n-admhaítear an fhoinse.

Cóipcheart

Gach ceart a fhorchoimeádtar lena n-áirítear ábhar, suíomh, teidil, leagan amach agus comhéadan úsáideora a bhaineann go sonrach leis an suíomh, ach gan a bheith teoranta dóibh sin amháin.

Toisc go bhfuil ábhar ar an suíomh gréasáin faoi chóipcheart, d'fhéadfadh aon úsáid neamhúdaraithe d'aon ábhar ar an suíomh gréasáin dlíthe cóipchirt, trádmhairc agus dlíthe eile a shárú.

Má íoslódálann úsáideoir na hábhair ar an suíomh gréasáin le haghaidh úsáide pearsanta nó neamhthráchtála, ní mór don úsáideoir gach fógra cóipchirt, trádmhairc nó fógraí comhchosúla eile atá sna hábhair bhunaidh ar an ábhar nó aon chóipeanna den ábhar a choinneáil.

Ní fhéadfar ábhair ar an suíomh gréasáin seo a mhodhnú, a atáirgeadh ná a thaispeáint go poiblí, a léiriú ná a dháileadh ná a úsáid chun aon chríocha poiblí nó tráchtála.

Ráiteas Slándála

Tá slándáil faisnéise leictreonaí an-tábhachtach don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Chun cabhrú leat féin agus do chuid faisnéise a chosaint, cuireann an chuid seo roinnt comhairle phraiticiúil slándála ar fáil maidir le ríomhairí agus an tIdirlíon a úsáid. Tá sé tábhachtach na céimeanna ciallmhara seo a ghlacadh chun an riosca do do ríomhaire agus do do chuid faisnéise pearsanta a íoslaghdú.

Rudaí Ba Cheart a Dhéanamh

Déan bogearraí frithvíreas agus frithspiaireachta oiriúnacha a shuiteáil

Déan balla dóiteáin a shuiteáil ar do ríomhaire

Déan nuashonruithe rialta a shuiteáil ar do bhogearraí frithvíreas, balla dóiteáin agus frith-spiaireachta

Coinnigh do bhrabhsálaí idirlín cothrom le dáta agus suiteáil nuashonruithe rialta

Úsáid pasfhocail chun do ríomhaire a chosaint agus athraigh do phasfhocail go rialta

Rudaí Nár Cheart a Dhéanamh

Ná nocht do phasfhocal do dhuine ar bith eile; tugann sé deis don duine sin gníomhú thar do cheann

Ná suiteáil bogearraí ar do ríomhaire mura dtagann siad ó fhoinse iontaofa

Ná suiteáil bogearraí neamhcheadúnaithe

Ná freagair ríomhphoist ina n-iarrtar sonraí pearsanta nó baincéireachta

Ná hoscail ceangaltán ríomhphoist mura bhfuil a fhios agat cad atá ann agus mura dtagann sé ó dhuine a bhfuil aithne agat air

Beartas Meán Sósialta

Cumasaíonn cainéil meán sóisialta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara nuacht, nuashonruithe agus faisnéis sláinte a roinnt leis an bpobal. Leagtar amach sa bheartas seo na hardáin meán sóisialta a úsáideann an Roinn faoi láthair, an méid ar féidir leat a bheith ag súil leis ar gach ceann acu, agus an chaoi a n-idirghníomhaíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara le baill den phobal ar na hardáin sin.

Bainistíonn an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara cuntais X (ar a dtugtaí Twitter go foirmiúil), Facebook, LinkedIn, agus YouTube.

Cuireann cainéil meán sóisialta na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ar ár gcumas teagmháil a dhéanamh le lucht leanúna ar bhealach tráthúil agus éifeachtúil; nuacht agus faisnéis a roinnt go héasca agus go tapa; agus a tiomantas maidir le trédhearcacht a chomhlíonadh.

Ní bealach é ardáin meán sóisialta a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, leis an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, le hAirí Stáit, leis an bPríomhoifigeach Tréidliachta (POT) nó chun ceisteanna preasa a chur isteach.

Cé a leanaimid:

Leanaimid Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile, an Taoiseach, an Tánaiste, Airí agus Airí Stáit, eagraíochtaí Rialtais Idirnáisiúnta, eagraíochtaí nuachta agus comhlachtaí eile a bhaineann lenár bhfeidhm.

Má leanann tú muid ar ardáin meán sóisialta, ní fhágann sé sin go dtiocfaidh an Roinn ar ais chugat go huathoibríoch.

An chaoi a dtéimid i dteagmháil

Cuirimid fáilte roimh aiseolas ónár lucht leanúna agus déanfaimid iarracht páirt a ghlacadh sa chomhrá nuair is féidir. Ní féidir linn freagra aonair a thabhairt ar theachtaireachtaí a fhaighimid trínár gcuntais meán sóisialta.

Ónár gcainéil ar na meáin shóisialta, is minic a dhéanaimid ábhar Ranna Rialtais agus Gníomhaireachtaí Rialtais eile, eagraíochtaí idirnáisiúnta, ball foirne ón Roinn chomh maith le hábhar ó thionscadail arna maoiniú ag an Roinn a atvuíteáil/a roinnt.

Ní formhuiniú iad ‘is maith liom’, athphostáil ná ábhar roinnte.

Ná cuir faisnéis phearsanta/phríobháideach san áireamh i do chuid tuairimí, postálacha, tvuíteanna nó teachtaireachtaí chugainn.

Is é an bealach is fearr le ceist a chur in iúl dúinn ná úsáid a bhaint as an nasc Déan Teagmháil leis an Roinn ar an suíomh gréasáin nó trí ríomhphost a sheoladh chuig info@agriculture.gov.ie

Má tá ceisteanna agat ó na meáin, seol ríomhphost chuig press@agriculture.gov.ie

Infhaighteacht

D'fhéadfadh sé nach mbeadh ardáin meán sóisialta ar fáil ó am go chéile, agus ní ghlacaimid aon fhreagracht as easpa seirbhíse mar gheall ar aga neamhfhónaimh.

Déanaimid nuashonrú agus monatóireacht ar ár gcuntais meán sóisialta le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. Féadfaimid na cuntais a nuashonrú agus monatóireacht a dhéanamh orthu lasmuigh de na huaireanta seo dár rogha féin.

Teanga Mhí-Úsáideach/Turscar

Scriosfar tvuíteanna nó tráchtanna mí-úsáideacha nó turscair agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí bac ar leantóirí agus go dtuairisceofaí iad go díreach chuig an rannóg um ghearáin ardáin.

Cé go bhfáiltímid roimh thuairimí agus roimh rannpháirtíocht ar ár gcainéil meán sóisialta, ní ghlacaimid le freagracht as ábhar aon tráchta agus forchoimeádaimid an ceart tuairimí a bhaint

  • Ina bhfuil teanga mhí-úsáideach, ghraosta, mhígheanasach nó mhaslach, nó nasc le hábhar gáirsiúil nó maslach.
  • Nach mbaineann ar chor ar bith leis an mír a foilsíodh ar dtús.
  • Ar turscar iad nó a chuireann táirgí chur chun cinn nó a dhéanann iad a fhógairt.
  • Atá deartha chun riarthóir an leathanaigh nó úsáideoirí eile a chrá.

Tá tuairimí oscailte ar leathanach YouTube na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara agus déantar modhnóireacht bhunúsach orthu. Is tuairimí daoine aonair iad na tuairimí a chuirtear suas ar fhíseáin agus ní hionann iad agus tuairimí na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara. Ní ghlacaimid le freagracht as ábhar aon bharúlacha agus forchoimeádaimid an ceart chun tuairimí a bhaint:

  • Ina bhfuil teanga mhí-úsáideach, ghraosta, mhígheanasach nó mhaslach, nó nasc le hábhar gáirsiúil nó maslach.
  • Nach mbaineann ar chor ar bith leis an mír a foilsíodh ar dtús.
  • Ar turscar iad nó a chuireann táirgí chur chun cinn nó a dhéanann iad a fhógairt.
  • Atá deartha chun riarthóir an leathanaigh nó úsáideoirí eile a chrá.

Cainéil Meán Sóisialta

X - @agriculture_ie

Facebook - www.facebook.com/DeptAgriFoodMarine

Linkedin - Department of Agriculture, Food and the Marine

YouTube - Department of Agriculture, Food and the Marine

Calaois a Thuairisciú

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat