Galar Gormtheanga

Cuardaigh ar fad gov.ie

Foilsiú

Galar Gormtheanga


Staid reatha an ghalair ghormtheanga in Éirinn

  • On 28 April, Minister for Agriculture, Food and the Marine, Martin Heydon TD, issued a reminder to livestock owners to prepare for the higher risk period for bluetongue virus (BTV) . Press Release
  • An 24 Márta, d'fhógair an tAire Heydon go mbeidh vacsaíniú i gcoinne an ghalair ghormtheanga ar fáil mar rogha i scéimeanna leasa mairteola agus caoirighch 2026. Tá tuilleadh faisnéise le fáil sa Phreaseisiúint. Press Release
  • Tar éis an galar gormtheanga a bhrath in Éirinn i mí Eanáir na bliana seo, agus chun limistéir gheografacha leathana a shainaithint a bhféadfadh sé a bheith iontu, tá anailís chuimsitheach ar shamplaí fola eallaigh, a tógadh chun críocha braite galar eile, á tástáil don Ghalar Gormtheanga.
  • Rinneadh tástáil ar shamplaí fola a tógadh ó mhí Mheán Fómhair 2025 ar aghaidh, is é sin an mhí a dtugann samhaltú le fios go raibh ainmhithe ionfhabhtaithe leis an ngalar gormtheanga den chéad uair.
  • Braitheadh an galar gormtheanga i gContaetha Loch Garman, Chill Mhantáin, Laoise, Lú, Mhuineacháin, Chill Dara agus Corcaigh.
  • Cuireadh tús arís le gluaiseacht eallaigh agus caoirighch, le haghaidh táirgthe agus póraithe, idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann Dé hAoine, an 6 Márta 2026.
  • Is féidir tuilleadh faisnéise faoin atosú seo a fháil sa Phreasráiteas Press Release agus i bhFógra Trádálaí NDCC - 01/2026 (NDCC Trader Notice - 01/2026)
  • Níl aon riosca sláinte poiblí bainteach leis an ngalar gormtheanga. Ní théann an galar gormtheanga i bhfeidhm ar shláinte an duine ná ar shábháilteacht bia; tá feoil agus bainne sábháilte lena n-ithe.
  • I ndáil le trádáil táirgí feola agus déiríochta, níl aon impleachtaí ann d’onnmhairí chuig an Aontas Eorpach, an Ríocht Aontaithe ná chuig formhór ár margaí idirnáisiúnta.
  • D’fhéadfadh sé go ndéanfaí difear do ghluaiseachtaí beostoic chuig Ballstáit áirithe den Aontas agus chuig tríú tíortha ós rud é go bhfuil an stádas saor ón víreas gormtheanga caillte ag Éirinn, tá athbhreithnithe ar go leor deimhnithe trádála do thríú tíortha á gcaibidliú ag an Roinn. Déan teagmháil le d'Oifig Tréidliachta Réigiúnach Regional Veterinary Office chun tuilleadh faisnéise a fháil nó téigh chuig na suíomhanna gréasáin seo a leanas:

- Tuilleadh faisnéise faoi ghluaiseacht beostoic ó Éirinn go Ballstáit AE: Gluaiseachtaí laistigh den AE Movements within the EU

- Tá tuilleadh faisnéise maidir le gluaiseacht beostoic ó Éirinn chuig Tríú Tíortha (neamh-AE) lena n-áirítear na deimhnithe sláinte caighdeánacha chun beostoc a easpórtáil le fáil ar an leathanach gréasáin TRÁDÁIL: Gluaiseachtaí Ainmhithe Beo Live Animal Movements

- Tá deimhnithe easpórtála le haghaidh ainmhithe beo, táirgí de bhunadh ainmhíoch agus táirgí geirmeacha atá beartaithe don Bhreatain Mhór le fáil ar shuíomh gréasáin oifigiúil rialtas na Ríochta Aontaithe: Seirbhísí - GOV.UK Services - GOV.UK

Ceisteanna Coitianta faoin Víreas Gormtheanga Bluetongue Virus FAQs

Nuashonruithe ar an Víreas Gormtheanga

2026

NDCC Trader Notice - 01/2026
Amharc amharc
Bluetongue Virus Update No. 2 of 2026
Amharc amharc
Bluetongue Virus Update No. 1 of 2026
Amharc amharc

Céard is galar gormtheanga ann?

Is galar víreasach é an Galar Gormtheanga de bharr víreas gormtheanga (BTV) a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le comharthaí cliniciúla tromchúiseacha i speicis athchogantacha agus camelidae.

Ós rud é gur galar infhógartha é an galar gormtheanga, ní mór aon chás amhrasta den ghalar gormtheanga a thuairisciú don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RBTM) gan mhoill. Ba cheart d’fheirmeoirí, do chleachtóirí tréidliachta agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith ar an airdeall i gcónaí maidir leis an ngalar gormtheanga.

Tá séiritíopaí éagsúla (athruithe laistigh den speiceas) den víreas gormtheanga (BTV). Is iad na cinn is coitianta a fhaightear san Eoraip ná 1, 3, 4 agus 8. Is é an séiritíopa a braitheadh in Éirinn ná 3.

Níl aon riosca sláinte poiblí bainteach leis an ngalar gormtheanga. Ní théann an galar gormtheanga i bhfeidhm ar shláinte an duine ná ar shábháilteacht bia; tá feoil agus déiríocht sábháilte lena n-ithe.

Is galar tromchúiseach ainmhí é toisc go bhféadfadh tionchair thromchúiseacha a bheith aige ar an bhfeirm (táirgeadh laghdaithe, breoiteacht thromchúiseach agus fiú bás beostoic) chomh maith le tionchair eacnamaíocha ar agrathionscal na hÉireann, mar shampla, trí thionchar a imirt ar thrádáil ainmhithe beo le tíortha eile.

Cé na hainmhithe a dtéann an galar gormtheanga i bhfeidhm orthu?

Is féidir leis an víreas gormtheanga speicis athchogantacha a ionfhabhtú agus is féidir comharthaí cliniciúla tromchúiseacha iontu a bheith mar thoradh air (lena n-áirítear caoirigh, eallach, gabhair agus fianna) agus camelidae (amhail lámaí agus alpacaí).

Conas a dhéantar ainmhí a ionfhabhtú leis an víreas gormtheanga?

Scaiptear an víreas gormtheanga ag mialtóga géara ionfhabhtaithe (speicis Culicoides) a bhfuil go leor acu le fáil ar fud oileán na hÉireann. Tarlaíonn tarchur an ghalair ghormtheanga go príomha nuair a bheathaíonn mialtóga géara fuil ainmhí ionfhabhtaithe agus ansin scaipeann siad an víreas chuig ainmhithe neamh-ionfhabhtaithe eile a bhaineann siad greim astu.

Braitheann leibhéil ghníomhaíochta mialtóg ar mheánteochtaí. Is é an tréimhse ardriosca le haghaidh scaipeadh an ghalair ghormtheanga ná nuair a bhíonn na mialtóga is gníomhaí. Go traidisiúnta, bheadh sé sin idir mí Aibreáin agus mí na Samhna, ach d’fhéadfadh sé go leanfadh gníomhaíocht mialtóg ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide mar gheall ar an ardú ar theochtaí domhanda agus ar dhálaí aimsire séimhe le linn an gheimhridh, rud a chuirfeadh síneadh leis na tréimhsí ina bhféadfaí galair a tharchur. Is féidir le luas agus treo na gaoithe difear a dhéanamh freisin don mhéid is féidir le mialtóga taisteal agus d’fhéadfadh sé scaipeadh galair a éascú.

Is féidir le hainmhithe torracha ionfhabhtaithe an víreas a chur ar aghaidh chuig a sliocht gan bhreith sa bhroinn, ar féidir leo a bheith ina bhfoinse ionfhabhtaithe nuair a bheirtear iad.

Is féidir an víreas a scaipeadh freisin trí tháirgí geirmeacha amhail seamhan agus suthanna, agus táirgí bitheolaíocha amhail fuil.

Cá bhfuil an galar gormtheanga le fáil san Eoraip?

Tá an galar le fáil in go leor áiteanna san Eoraip faoi láthair.

Roimhe seo, braitheadh an galar gormtheanga (séiritíopaí 1, 4 agus 8) níos coitianta i nDeisceart na hEorpa mar thoradh ar aeráidí níos teo, ach mar gheall ar leathadh séiritíopa nua den ghalar gormtheanga le déanaí, ‘séiritíopa 3’ (BTV-3) ar fud mhórthír na hEorpa agus na Breataine Móire ó bhí Fómhar 2023 ann, tá méadú tagtha ar an riosca scaipthe chuig limistéir nach bhfuil an galar le fáil iontu. Faoi láthair, níl ach roinnt tíortha agus críoch, i dtreo oirthear na hEorpa den chuid is mó, nach bhfuil an galar iontu fós.

Chomh maith le scaipeadh forleathan BTV-3, leanann séiritíopaí BTV-1, BTV-4 agus BTV-8 de bheith ag scaipeadh i roinnt tíortha san Eoraip. Tháinig tréithchineál ‘nua’ níos nimhní de BTV-8 chun cinn sa Fhrainc i mí Lúnasa 2023 a deimhníodh ina dhiaidh sin i dtíortha eile.

Tá faisnéis ina sonraítear cásanna den ghalar gormtheanga ar fud an domhain agus san Eoraip le fáil anseo. here.

Cén chaoi a mbeadh a fhios agat an bhfuil an galar gormtheanga ag d'ainmhí?

Is dóichí go léireoidh caoirigh comharthaí cliniciúla soiléire den ghalar gormtheanga ná eallach má bhíonn siad ionfhabhtaithe, agus is féidir le rátaí básmhaireachta a bheith chomh hard le 70%. Féadfar nach léireoidh roinnt ainmhithe aon chomharthaí cliniciúla, áfach, agus is féidir leis na hainmhithe seo riosca a chruthú maidir leis an ngalar a scaipeadh chuig ceantair nó tíortha nua. Má réitítear ionfhabhtuithe, d’fhéadfadh míonna a bheith i gceist leis an téarnamh.

Tá raon leathan comharthaí cliniciúla den ghalar gormtheanga lar cheart a bheith ar an airdeall fúthu lena n-áirítear:

  • Fiabhras
  • Easpa goile (caillteanas nó easpa goile)
  • Titim i dtáirgeacht bainne
  • Dímhothú, marbhántacht
  • Loit, cneácha, deargadh agus/nó othrasú

o Seicní múcasacha (srón, béal (drandail, pillíní béil), súile)

o Siní/iomarlaí (eallach)

  • At an aghaidhe, na liopaí agus na teanga (i.e. “gormtheanga”)
  • Deacrachtaí análaithe má ataíonn an teanga
  • Méadú ar an seiliú agus ar an bpriosláil ón mbéal
  • Scaoileadh ó na súile agus/nó ón srón
  • Bacaíl (mar gheall ar pheirea-airtríteas, cur morgfheola crúb, cosa ata)
  • Ginmhilleadh, marbh-bhreitheanna nó míchumaí sa sliocht
  • D'fhéadfadh bás a bheith ann i gcásanna tromchúiseacha

Comharthaí Cliniciúla den ghalar gormtheanga i gCaoirigh

Clinical Signs of Bluetongue in Sheep
Amharc amharc

Clinical Signs of bluetongue in Cattle

Clinical Signs of Bluetongue in Cattle
Amharc amharc

Cad ba cheart duit a dhéanamh má cheapann tú go bhfuil an galar gormtheanga ag d'ainmhí?

Má tá aon imní ort go bhfuil an galar gormtheanga ag ceann de do chuid ainmhithe, déan gníomh gan mhoill. Déan an t-ainmhí/na hainmhithe a bhfuil amhras fúthu a leithlisiú istigh láithreach agus déan an cás a thuairisciú don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara. Ba cheart d’fheirmeoirí, do chleachtóirí tréidliachta agus do pháirtithe leasmhara ábhartha eile a bheith ar an airdeall i gcónaí maidir le tarchur an ghalair ghormtheanga.

Chun cás amhrasta a thuairisciú, déan teagmháil le do RVO áitiúil (9am-5pm). Lasmuigh d'uaireanta oifige, is féidir leat glaoch ar an mBeolíne Náisiúnta Éigeandála Galair ar 01-492-8026 (atá i bhfeidhm 365 lá den bhliain).

Faigh tuilleadh faisnéise faoin ngalar gormtheanga

Tá doiciméad ina bhfuil ceisteanna coitianta faoin víreas gormtheanga le fáil anseo

Bluetongue Virus FAQs Ceisteanna Coitianta faoin Víreas Gormtheanga

Físeán gearr ar ‘Conas an galar gormtheanga a choinneáil amach as Éirinn’ trí chliceáil anseo

Biosecurity Advice for Farmers Importing Livestock
Amharc amharc
Bluetongue Virus Leaflet
Amharc amharc
BTV information poster dairy farms
Amharc amharc
BTV information poster suckler herds
Amharc amharc
BTV information poster sheep flocks
Amharc amharc

Vacsaíniú in aghaidh shéiritíopa gormtheanga-3 in Éirinn

Ceadaítear vacsaíniú in aghaidh an ghalair ghormtheanga in aghaidh shéiritíopa gormtheanga-3 (BTV-3) a úsáid in eallach agus caoirigh in Éirinn ón 1 Eanáir 2026. Tá méadú tagtha ar an riosca maidir le scaipeadh BTV-3, tar éis é a bhrath i dTuaisceart Éireann i mí na Nollag 2025 agus in Éirinn i mí Eanáir 2026. Is dóichí anois go leathnóidh an galar le linn an tséasúir ardriosca i Samhradh 2026.

Is féidir le feirmeoirí machnamh a dhéanamh ar an rogha vacsaíniú a dhéanamh in aghaidh sheiritíopa-3 den ghalar gormtheanga in Earrach 2026 chun beostoc a chosaint sula scaipfear aon víreas a iompraítear ag mialtóga sna míonna is teo sa Samhradh agus san Fhómhar. Moltar d'fheirmeoirí a bhfuil suim acu i vacsaíniú BTV-3 an rogha a phlé lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach (CTP) agus iarratas a dhéanamh ar vacsaíniú ina dhiaidh sin trína CTP.

Tá doiciméid iarratais vacsaínithe do Mhórdhíoltóirí agus CTPanna le fáil anseo here

Is féidir tuilleadh faisnéise faoi Vacsaíniú a fháil thíos -

Bluetongue Vaccination Information Note April 2026

Nóta Faisnéise maidir le Vacsaíniú in aghaidh an Ghalair Ghormtheanga Aibreán 2026

Discontinuation of Mandatory Notification

Deireadh a chur leis an bhFógra Éigeantach

Bluetongue Vaccination Update for PVPs 01.04.26

Nuashonrú ar Vacsaíniú in aghaidh an Ghalair Ghormtheanga do CTPanna 01.04.26

Saotharlanna Oifigiúla Formheasta RTBM le haghaidh tástáil PCR an víris Ghoirmtheanga (BTV)

Tá na saotharlanna seo a leanas ainmnithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (RTBM) mar shaotharlanna atá ceadaithe go hoifigiúil le haghaidh tástáil PCR BTV ar shamplaí fola eallaigh agus caorach.

Moltar d'fheirmeoirí a dteastaíonn tástáil BTV uathu (chun críocha trádála nó easpórtála) plé a dhéanamh lena gcleachtóir tréidliachta príobháideach (CTP) chun comhairle a fháil. Ní mór aon torthaí dearfacha a chur in iúl don Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Farmlab Diagnostics

Address:

Emlagh Lodge, Elphin, Co. Roscommon, F45 VW89

Website: FarmLab Diagnostics provides Animal Health Diagnostic Testing Services


Animal Health Laboratories (AHLI)

Address:

Shinagh House, Dunmanway Road, Bandon, Co. Cork P72TY31

Website: Animal Health Laboratories - Leading The Way In Animal Health


Enfer Labs

Address:

Unit U, M7 Business Park, Newhall, Naas, Co. Kildare, W91 Y795

Website: Home | Enfer Group


An Víreas Gormtheanga agus Táirgí Geirmeacha

Iarmhairtí stádas Víris Ghormtheanga na hÉireann i ndáil le trádáil táirgí geirmeacha.

Germinal Product Trader Notice 03/2026
Subject: Protocol for Bovine Embryo Collection Teams (ECT) and Embryo Production Teams (EPT) with respect to Bluetongue Virus.
Amharc amharc
Germinal Product Trader Notice 02/2026
Subject: Protocol for Bovine Semen Collection Centres (SCC) with respect to Bluetongue Virus.
Amharc amharc
Germinal Product Trader Notice 01/2026
Subject: The implications of Ireland’s Bluetongue Virus status in relation to the trade of Bovine, Ovine or Caprine Germinal Products to Member States and Third Countries.
Amharc amharc

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat