Taisteal Peata
- Foilsithe: 17 Bealtaine 2021
- An t-eolas is déanaí: 12 Bealtaine 2026
- Do pheata a thabhairt isteach in Éirinn
- Tabhair leat do mhadra is peata - ag taisteal le madraí treorach agus cuidithe
- Idirthuras a dhéanamh ar Éirinn le cat, madra nó firéid is peataí
- Do mhadra, cat nó firéad a thabhairt isteach go hÉirinn trí iompar príobháideach (aerárthach/luamh)
- An Breatimeacht
- Ag taisteal nó ag athlonnú amach as Éirinn le do pheata
- Cat, madra nó firéad gan tionlacan a thabhairt isteach go hÉirinn
- Faisnéis do Thréidlianna
- Tabhair leat do choinín, creimire, éan, reiptíl nó amfaibiach is peata
- Contact details
- Easpórtáil Madraí agus Cait is Peataí go dtí an Astráil
- Tairseach Réamhfhógra - le comhlánú sula dtabharfar do pheata isteach go hÉirinn ó thíortha nach bhfuil san AE
Do pheata a thabhairt isteach in Éirinn
Bain úsáid as an tairseach faisnéise thíos chun na riachtanais nach mór do do pheata a chomhlíonadh chun teacht isteach in Éirinn a fháil amach.
Tabhair faoi deara nach n-oibreoidh an tairseach má osclaítear in Internet Explorer í.
Níl aon agóid ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara i gcoinne peataí (cait nó madraí nuair a bhíonn a n-úinéirí in éineacht leo) a iompar i gcábán an eitleáin nó mar bhagáiste breise agus iad ag taisteal ar aerlínte. Mar sin féin, is faoin aerlíne lena mbaineann atá sé an cinneadh deiridh a dhéanamh maidir leis an áit a dtaistealaíonn ainmhí ar an eitleán. Ní mór do gach peata a thagann isteach in Éirinn a bheith i gcomhréir iomlán le Rialachán AE 576/2013 mar atá leagtha amach ar an suíomh gréasáin seo.
Níl aon chosc/toirmeasc ar pheataí ag teacht isteach go hÉirinn.
Ní mór do do pheata teacht go hÉirinn in éineacht leat, nó laistigh de chúig lá roimh thaisteal duit nó ina dhiaidh, má tá sé á thionlacan ag duine atá údaraithe agat. Ní mór páipéarachas bunaidh a bheith ag gabháil le do pheata.
Tabhair leat do mhadra is peata - ag taisteal le madraí treorach agus cuidithe
Tá sé d’oibleagáid ar aerlínte atá ag oibriú laistigh den AE cead a thabhairt do phaisinéirí faoi mhíchumas agus dóibh siúd a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe a gcuid madraí cuidithe aitheanta a thabhairt isteach i gcábán an eitleáin. Ní mór do gach madra seirbhíse nó cuidithe atá ag taisteal a bheith i gcomhréir go hiomlán leis na rialacha maidir le teacht isteach in Éirinn mar atá leagtha amach i roinn 2, gov.ie - Pet Travel (www.gov.ie)
Ní féidir le peataí ó thíortha nach bhfuil san AE (seachas na tíortha nó na críocha Eorpacha atá liostaithe thuas) dul isteach in Éirinn ach amháin trí:
- Aerfort Chorcaí
- Aerfort Bhaile Átha Cliath
- Calafort Bhaile Átha Cliath
- Aerfort na Sionainne
- Calafort Rinn an Scídigh
- Calafort Farantóireachta Ros Láir
Is faoi na haerlínte atá sé cibé acu a cheadóidh siad nó nach gceadóidh siad d’ainmhithe a sholáthraíonn cineálacha eile cúnaimh/seirbhísí, amhail tacaíocht mhothúchánach, paisinéirí a thionlacan i gcábán an eitleáin.
Má tá tú ag taisteal ó thír nach bhfuil san AE, NÍ MÓR duit fógra a thabhairt roimh ré go bhfuil sé ar intinn agat do mhadra seirbhíse a thabhairt isteach go hÉirinn, 24 uair an chloig ar a laghad roimh d'am imeachta. (advance notice)
Féach na rannáin thuas gov.ie - Pet Travel (www.gov.ie) maidir leis na riachtanais chun dul isteach in Éirinn agus conas seiceáil ar chomhlíonadh a chur in áirithe.
Idirthuras a dhéanamh ar Éirinn le cat, madra nó firéid is peataí
Má tá tú ag taisteal go hÉirinn ó thír nach bhfuil san AE ar an mbealach go tír eile san AE, b'fhéidir go bhféadfaí socrú a dhéanamh an tseiceáil chomhlíonta a dhéanamh in Éirinn, ar choinníoll go bhfuil an t-ainmhí ag taisteal i gcábán an eitleáin leat agus gur féidir an tseiceáil chomhlíonta a éascú ag do phointe iontrála.
Más mian leat fiosrú a dhéanamh faoi seo, déan teagmháil leis an gcalafort iontrála ábhartha trí ríomhphost (atá le fáil i ranna roimhe seo), agus cuir na sonraí ábhartha ar fáil. Cuirfidh oifigeach de chuid RTBM ar an eolas thú más féidir freastal ar an tseiceáil ar chomhlíonadh.
Ba cheart duit an páipéarachas ar fad a choinneáil leat ar feadh do thréimhse san AE, i gcás ina n-iarrtar ort é a chur i láthair ar theacht isteach duit sa tír den AE arb í do cheann scríbe deiridh í.
Is féidir na seiceálacha a dhéanamh freisin sa tír den Aontas arb í do cheann scríbe í, mura féidir iad a éascú in Éirinn.
Ní féidir leat idirthuras a dhéanamh go hÉirinn le do pheata ach amháin sna cásanna seo a leanas:
- go gcomhlíonann an t-ainmhí rialacha an AE maidir le taisteal peataí, agus
- má tá seiceáil ar chomhlíonadh socraithe agat in Éirinn nó sa tír cinn scríbe
Níor cheart do pheataí nach gcomhlíonann rialacha an AE maidir le taisteal peataí tuirlingt den aerárthach in Éirinn.
Do mhadra, cat nó firéad a thabhairt isteach go hÉirinn trí iompar príobháideach (aerárthach/luamh)
Féadfaidh an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara tabhairt i dtír peataí in Éirinn a éascú trí iompar príobháideach, nuair is féidir. Ní mór do chait, madraí agus firéid na rialacha maidir le taisteal peataí a chomhlíonadh mar a leagtar amach sna ranna thuas.
Ní mór do pheataí ó thíortha nach Ballstáit den AE iad dul isteach trí Phointe Iontrála na dTaistealaithe (TPOE) ainmnithe tar éis réamhfhógra a thabhairt agus seiceáil chomhlíontachta a dhéanamh ar theacht isteach dóibh. Is iad seo a leanas na TPOEnna:
- Calafort Bhaile Átha Cliath
- Aerfort Bhaile Átha Cliath
- Europort Ros Láir
- Aerfort Chorcaí
- Calafort Rinn an Scídigh (Corcaigh)
- Aerfort na Sionainne
Ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an TPOE iontrála roimh ré a fhiafraí an féidir teacht ar iompar príobháideach a éascú. Go ginearálta, ní féidir leis an Roinn iontráil luamh príobháideach a bhfuil peataí orthu in TPOEnna a éascú, i gcás ina raibh peataí i dtíortha nach bhfuil san AE.
An Breatimeacht
Mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe as an Aontas, tá athrú tagtha ar na rialacha maidir le taisteal peataí idir Éirinn agus an Ríocht Aontaithe. Cliceáil here anseo le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Cé leis dul i dteagmháil
Seoladh ríomhphoist: livetrade@agriculture.gov.ie
- Uimh. Ghutháin ó laistigh d'Éirinn: 01 607 2827
- Uimh. Ghutháin ó lasmuigh d'Éirinn: 00 353 1 607 2827
Ag taisteal nó ag athlonnú amach as Éirinn le do pheata
Taisteal go tíortha AE eile:
Chun eolas a fháil ar leathanaigh taistil peataí thíortha eile an AE, féach anseo here
I gcás madraí, cat agus firéad, tá na rialacha mar an gcéanna den chuid is mó maidir le teacht isteach i dtíortha eile san AE agus teacht isteach in Éirinn: micrishlis, pas peata, vacsaíniú confaidh agus tréimhse feithimh. Níl aon chóireáil péiste ribíní ag teastáil chun Éire a fhágáil, ach beidh ort cuairt a thabhairt ar thréidlia thar lear chun cóireáil péiste ribíní a fháil do mhadra chun filleadh ar Éirinn, féach roinn 2 maidir le filleadh ar gov.ie - Pet Travel (www.gov.ie).
Taisteal amach as an AE:
Má tá tú ag taisteal ar saoire nó ag athlonnú le do pheata lasmuigh den AE, beidh ort:
- teagmháil a dhéanamh leis an tír cinn scríbe maidir le ceanglais iontrála (deimhniúcháin) – ní choinníonn Éire an fhaisnéis sin
- i gcás inar chuir an tír cinn scríbe sonraí ar fáil duit maidir le ceanglais an deimhnithe sláinte, lean a dtreoracha. Is é an cás is dóichí ná go n-ullmhóidh tú féin agus do thréidlia príobháideach an peata (vacsaínithe, tástálacha fola srl.) agus go soláthróidh tú deimhniú sláinte, gur féidir leat a thabhairt ansin chuig d'Oifig Tréidliachta Réigiúnach áitiúil chun stampa agus síniú rialtais a fháil.
- déan cinnte go bhfuil plean maith agat roimh ré agus déan teagmháil leis an Oifig Tréidliachta Réigiúnach 2 mhí ar a laghad roimh thaisteal chun a chinntiú gur féidir le hoifigigh na Roinne na doiciméid riachtanacha a dheimhniú
- dóthain ama a thabhairt chun a chinntiú gur féidir aon tástáil is gá a dhéanamh go rathúil
- a chinntiú go bhfuil do pheata incháilithe chun filleadh ar Éirinn, féach roinn 2 Do mhadra, cat nó firéad a thabhairt isteach go hÉirinn – baineann na rialacha céanna le dul isteach arís ó thír nach bhfuil san AE cibé an bhfuil gnáthchónaí ar an bpeata ansin nó más peata Éireannach é a bhí ann go gairid ar laethanta saoire
D'fhéadfadh sé nach mbeadh an roinn in ann doiciméid taistil a shíniú do do pheata mura ndearna tú teagmháil le d'Oifig Tréidliachta Réigiúnach dhá mhí ar a laghad sula dtaistealaíonn tú le do pheata.
Is faoi gach aerlíne ar leith atá sé maidir le cibé an gceadaíonn siad do pheataí taisteal ina n-aerárthaí agus conas a cheadaíonn siad iad. Tabhair faoi deara nach bhfuil Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath (ÚABÁC), ón 19 Iúil 2021, ag ligean do Pheataí taisteal amach mar bhagáiste breise a thuilleadh. Téigh i dteagmháil le ÚABÁC go díreach chun tuilleadh faisnéise a fháil.
Má tá tú ag tabhairt do mhadra, cat nó firéad amach as Éirinn go tír eile san AE, nó má tá tú ag filleadh ar Éirinn, ní mór duit pas peata AE a fháil. In Éirinn is é do thréidlia áitiúil a eisíonn é seo; Téigh i dteagmháil leis go díreach.
Ní mór do pheataí a fhilleann ar Éirinn ó laethanta saoire na ceanglais maidir le teacht isteach in Éirinn ón tír sin a chomhlíonadh, amhail is dá mba pheata ón tír sin iad. Léigh na hailt thuas go cúramach agus ullmhaigh do pheata le filleadh ar Éirinn SULA n-imeoidh tú.
Má tá tú ag taisteal chun do mhadra, cat nó firéad a dhíol, chun úinéireacht a athrú, nó mura bhfuil an peata ag taisteal leat nó laistigh de chúig lá ó do thaisteal, tá rialacha éagsúla ann. Téigh i dteagmháil le livetrade@agriculture.gov.ie, nó le do RVO áitiúil.
Cat, madra nó firéad gan tionlacan a thabhairt isteach go hÉirinn
Má bhaineann aon cheann de na cásanna seo a leanas leat:
- go bhfuil madra, cat nó firéad á cheannach agat thar lear agus gur sheol tú é go hÉirinn gan tionlacan, is é sin, nach bhfuil tú chun é a bhailiú agus taisteal abhaile leis, nó
- tá do pheata i dtír eile agus ba mhaith leat é a sheoladh go hÉirinn gan tionlacan, is é sin, níl tú chun é a bhailiú agus taisteal abhaile leis
- má tá tú ag taisteal go hÉirinn chun madra, cat nó firéad a cheannach, a dhíol nó a bhronnadh, nó má tá aon athrú úinéireachta i gceist tar éis teacht isteach, lena n-áirítear ainmhí ceannaithe nó athlonnaithe a sheachadadh
- má tá tú ag taisteal le níos mó ná 5 pheata (is eisceacht é má tá tú ag taisteal le haghaidh seó/comórtas madraí, agus beidh ort deimhniú i scríbhinn a chur ar fáil ag livetrade@agriculture.gov.ie
Ní féidir le do pheata dul isteach in Éirinn faoi rialacha taistil do pheataí. Ní mór do na peataí seo sraith éagsúil rialacha a leanúint.
Féach an leathanach seo a leanasgov.ie - Gluaiseachtaí Madraí, Cat nó Firéad Tráchtála (www.gov.ie).
Faisnéis do Thréidlianna
- Faisnéis faoin mBreatimeacht - Brexit Information
- Saotharlanna séireolaíochta confaidh formheasta den Aontas - Approved EU rabies serology labs
Treoracha maidir le Pasanna Peata AE a chomhlánú
Tabhair leat do choinín, creimire, éan, reiptíl nó amfaibiach is peata
Bain úsáid as an tairseach faisnéise thíos chun na riachtanais nach mór do do pheata a chomhlíonadh chun teacht isteach in Éirinn a fháil amach.
Tabhair faoi deara nach n-oibreoidh an tairseach má osclaítear in Internet Explorer í.
Ní mór do do pheata teacht go hÉirinn in éineacht leat, nó laistigh de chúig lá roimh thaisteal duit nó ina dhiaidh, má tá sé á thionlacan ag duine atá údaraithe agat. Ní mór páipéarachas bunaidh a bheith ag gabháil le do pheata.
Contact details
Pet Travel - for general queries only ( not to book a compliance check )
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0) 1 607 2827
Pet Movement - Dublin Airport
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0) 16157680
Pet Movement - Dublin Port
- Seoladh:
- Contact Details for advance notice only (no queries)
- Ríomhphost:
Pet Movement - Cork Airport
- Ríomhphost:
Pet Movement - Shannon Airport
- Ríomhphost:
Pet Movement - Ringaskiddy Port Cork
- Ríomhphost:
Rosslare Europort
- Ríomhphost:
Lissenhall Vet. Hospital
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0) 1 8401776
Vets Direct
- Ríomhphost:
- Teileafón:
-
+353 (0) 87 668 6278
Easpórtáil Madraí agus Cait is Peataí go dtí an Astráil
Féach suíomh gréasáin rialtas na hAstráile (naisc thíos) chun an fhaisnéis ar fad a fháil – soláthraítear thíos le haghaidh faisnéis bhreise amháin. Socraíonn údaráis na hAstráile na rialacha chun dul isteach san Astráil agus ba cheart dul i gcomhairle leo le haghaidh aon cheisteanna maidir le hincháilitheacht srl.
- Treoir Céim ar Chéim maidir le heaspórtálacha mhadraí na hAstráile ar shuíomh gréasáin rialtas na hAstráile Grúpa 3: treoir céim ar chéim do mhadraí - DAFF (agriculture.gov.au Group 3: step by step guide for dogs - DAFF (agriculture.gov.au
- Treoir Céim ar chéim maidir le heaspórtálacha chait na hAstráile ar shuíomh gréasáin rialtas na hAstráile Grúpa 3: treoir céim ar chéim do chait - DAFF (agriculture.gov.au Group 3: step by step guide for cats - DAFF (agriculture.gov.au
- Téigh i dteagmháil le do local RVO áitiúil chun fiosrú a dhéanamh faoin dearbhú aitheantais. Ní féidir é sin a shocrú tríd an Oifig Trádála Beo. Tabhair faoi deara nach féidir é seo a dhéanamh ach do mhadraí Éireannacha atá ag taisteal ó Éirinn go dtí an Astráil.
- Seiceáil Aitheantais: Téigh i dteagmháil le do local RVO áitiúil chun fiosrú a dhéanamh faoin dearbhú aitheantais. Ní féidir é sin a shocrú tríd an Oifig Trádála Beo. Tabhair faoi deara nach féidir é seo a dhéanamh ach do mhadraí Éireannacha atá ag taisteal ó Éirinn go dtí an Astráil.
* Foirm RNATT d'Éirinn:
Tástáil toirtmheasctha antasubstainte neodrúcháin confaidh. Is féidir le do thréidlia an fhoirm seo a chomhlánú agus ansin í a thabhairt chuig do RVO local RVO áitiúil lena síniú.
- Saotharlanna Séireolaíochta Faofa an AE le haghaidh confaidh - EU Approved Serology labs for rabies
- Deimhnithe sláinte le húsáid do mhadraí agus cait is peataí atá ag taisteal ó Éirinn go dtí an Astráil AN 1 NOLLAIG 2023 NÓ INA DHIAIDH SIN. Ba cheart do pheataí atá ag taisteal roimh an dáta sin an deimhniú sláinte atá ar an gCead Iompórtála a úsáid. Tá na deimhnithe sláinte seo le comhlánú ag do thréidlia áitiúil a d'ullmhaigh an peata le haghaidh taistil, agus ansin é seo a thabhairt in éineacht leis na taifid vacsaínithe, na torthaí tástála srl go léir chuig do local RVO áitiúil lena síniú. Ní mór do do thréidlia dhá (2) dheimhniú sláinte a chomhlánú ina n-iomláine. Ansin síníonn siad agus stampálann siad an leagan PVP, ach tar éis dóibh na sonraí ar an leagan RTBM a chomhlánú, fágann siad é gan síniú agus gan stampáil don tréidlia rialtais ag an RVO chun é a shíniú agus a stampáil.