Fógraíonn an tAire Heydon eisiúint cinntí maidir le hiarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha ACRES
- Foilsithe: 21 Bealtaine 2026
- An t-eolas is déanaí: 22 Bealtaine 2026
D’fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon TD, inniu go bhfuil tús curtha le heisiúint litreacha cinnidh maidir le hiarratais a cuireadh isteach níos luaithe i mbliana do Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha atá ar fáil faoin gcur chuige Comhair den Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES).
Ag déanamh an fhógra dó, dúirt an tAire:
“Is gníomhaíochtaí comhshaoil deonacha iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha ar féidir le feirmeoirí sa chur chuige Comhair ACRES iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ina leith chun cabhrú lena gcur chun feidhme. Má cheadaítear a n-iarratas, ba cheart go bhfeabhsódh cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí sin stádas comhshaoil a ngabháltais agus, dá réir sin, go dtiocfadh méadú ar a n-íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí faoi ACRES. Osclaíodh an dara fuinneog iarratais chun iarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha a chur isteach an 11 Feabhra 2026 agus ní dhúnfar í go dtí an 28 Bealtaine 2026. Baineann na litreacha cinnidh atá á n-eisiúint an tseachtain seo, áfach, le cuid de na hiarratais a cuireadh isteach ó mhí Feabhra 2026 i leith, i gcás ina bhfuil tréimhse ama shonrach ann ina gcaithfear an ghníomhaíocht a dhéanamh. Tá eisiúint na gcinntí maidir leis na gníomhaíochtaí seo atá íogair ó thaobh ama de á dhéanamh chun a chur ar chumas na rannpháirtithe an ghníomhaíocht ábhartha a dhéanamh a luaithe is féidir laistigh den tréimhse ama is fearr. Ní mór scagadh comhshaoil a dhéanamh ar gach iarratas ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha agus dá bhrí sin meastar go n-eiseofar litreacha cinnidh sa tríú ráithe den bhliain seo maidir leis na hiarratais eile a cuireadh isteach go dtí seo chomh maith leo siúd a d’fhéadfaí a chur isteach suas go dtí an 28 Bealtaine 2026.”
Lean an tAire Heydon air:
“Cabhróidh an eisiúint chéimnithe seo de chinntí maidir le hiarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha le móiminteam a choinneáil maidir lena gcur chun feidhme ionas gur féidir tairbhí a bhaint astu chomh luath agus is féidir. Cé go ndúnfar an fhuinneog iarratais reatha do Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha an 28 Bealtaine 2026, tá sé beartaithe go n-osclófar fuinneog iarratais eile do Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha níos déanaí i mbliana. Molaim arís, dá bhrí sin, d’fheirmeoirí atá rannpháirteach sa chur chuige Comhair ACRES dul i dteagmháil lena bhFoireann Tionscadail Comhair ACRES áitiúil chun na deiseanna atá ar fáil dóibh i bhfoirm Gníomhaíochtaí Tírdhreacha atá oiriúnach dá gcuid tailte a shainaithint.”
CRÍOCH
Nótaí d’Eagarthóirí
- Is é an Scéim um Chomhshaol Tuaithe Agra-Aeráide (ACRES) an beart agra-chomhshaoil aeráide faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann don tréimhse 2023-2027.
- Tá an Scéim á comhmhaoiniú ag an Aontas Eorpach agus ag an státchiste náisiúnta.
- Tá dhá chur chuige leis an Scéim:
- ACRES Ginearálta, atá ar fáil go náisiúnta (lasmuigh den limistéar geografach ardtosaíochta mar a shainmhínítear thíos le haghaidh chur chuige Comhair ACRES), lena gcuirtear raon beart ar fáil, idir bhearta ar oideas agus bhearta bunaithe ar thorthaí; agus
- Cur chuige Comhair ACRES, atá ar fáil d’fheirmeoirí i limistéir gheografacha ardtosaíochta shainithe. Taispeánann léarscáil in Iarscríbhinn 1 de Théarmaí agus Coinníollacha ACRES don dá thráinse na hocht gcrios Comhair ACRES, agus tá Foireann Tionscadail Comhair ACRES i bhfeidhm i ngach crios chun cabhrú leis na rannpháirtithe.
Gníomhaíochtaí Tírdhreacha i gcur chuige Comhair ACRES
- Is gníomhaíochtaí comhshaoil comhlántacha deonacha iad Gníomhaíochtaí Tírdhreacha atá deartha chun díriú ar shaincheisteanna comhshaoil amhail bainistiú speiceas ionrach, scrobarnach atá ag leathadh, speicis faoi bhagairt agus cáilíocht uisce.
- Tá saincheisteanna den chineál seo tugtha faoi deara le linn measúnú a dhéanamh ar thailte rannpháirtithe i gCur Chuige Comhair ACRES chun scórchártaí a chomhlánú le haghaidh íocaíochtaí bunaithe ar thorthaí faoin Scéim, agus laghdú ar an scór a ghnóthaítear mar thoradh ar a láithreacht.
- Ba cheart go bhfeabhsódh cur chun feidhme spriocdhírithe na nGníomhaíochtaí Tírdhreacha sin an scór bunaithe ar thorthaí a ghnóthaítear ar an bpáirc / ar an gcoimíneacht sin sna blianta amach romhainn, rud a d’fhágfadh méadú ar an íocaíocht agus tairbhe freisin don tírdhreach agus don chomhshaol áitiúil.
- Tá sonraíochtaí maidir le cur chun feidhme Gníomhaíochtaí Tírdhreacha ceadaithe ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne ag ACRES Landscape Actions Specifications May 2026.
Fuinneoga iarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha
- Bhí an chéad fhuinneog iarratais do Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha oscailte ón 18 Iúil 2025 go dtí an 30 Meán Fómhair 2025, agus eisíodh na cinntí maidir leis na hiarratais a fuarthas an 28 Eanáir 2026.
- Osclaíodh an dara fuinneog iarratais an 11 Feabhra 2026, agus is é an 28 Bealtaine 2026 an dáta deiridh chun iarratais a chur isteach.
- Táthar ag súil go n-osclófar an tríú fuinneog iarratais sa tríú ráithe de 2026.
Próiseas Iarratais ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha agus fógra faoi chinntí ar iarratais
- Féadfaidh rannpháirtithe i gcur chuige Comhair ACRES iarratas a dhéanamh ar Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha trína bhFoireann Tionscadail Comhair ACRES áitiúil.
- Ansin cruthaíonn agus cuireann an Fhoireann Tionscadail Comhair Plean Oibre Bliantúil um Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha isteach don rannpháirtí trí chóras mapála Generic Land Management (GLAM) atá á chothabháil ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara.
- Ansin déanann an Fhoireann Tionscadail Comhair scagadh comhshaoil ar na hiarratais agus cuirtear toradh an scagtha sin ar fáil don Roinn. Eisíonn an Roinn litreacha cinnidh tar éis próiseas bailíochtaithe.
- Ní ceadmhach Gníomhaíochtaí Tírdhreacha a dhéanamh sula bhfaightear an litir cinnidh ós rud é go dtagann údarú chun gníomhaíochtaí ceadaithe a chur chun feidhme ó dháta eisiúna na litreach ceadaithe don Phlean Oibre Bliantúil um Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha.
- Tá litreacha cinnidh ar fáil ar chuntais MyAgFood an rannpháirtí ar an gcéad dul síos, agus cóip chrua den litir á seoladh leis an bpost go gairid ina dhiaidh sin. Faigheann rannpháirtithe achoimre ar cheadú tírdhreacha ón Roinn chomh maith le Plean Suíomhsonrach um Ghníomhaíochtaí Tírdhreacha óna bhFoireann Tionscadail Comhair ACRES. Bíonn an fhaisnéis riachtanach uile ar fáil ansin do na rannpháirtithe chun tús a chur le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí de réir mar a cheadaítear iad.