Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Éilíonn McConalogue gníomh láidir AE ar chuótaí maicréil

Éilíonn sé go dtabharfaí aghaidh ar thionchair dhíréireacha an Bhreatimeachta san athbhreithniú ar an CFP agus fáiltíonn sé roimh an seasamh coiteann atá ag na Ballstáit maidir le hathbhreithniú na rialacha rialaithe iascaigh atá ann.

Ag an gComhairle Iascaigh inniu d’ardaigh An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue saincheist na méaduithe cuóta maicréil ag an Iorua agus Faró le roinnt seachtainí anuas agus tionchar leanúnach an Bhreatimeachta ar thionscal iascaireachta na hÉireann. D’iarr an tAire gníomh ón gCoimisiún Eorpach.

Maidir le maicréal dúirt an tAire,

“Mar an scairshealbhóir maicréil is mó san AE, tá imní mhór orm faoin gcinneadh an-áiféalach ag an Iorua, an Íoslainn agus Faró cuótaí maicréil boilscithe agus gan údar a shocrú.” Mhéadaigh an Iorua a sciar den stoc faoi 55% ar bhonn aontaobhach do 2021. Rinne Faró amhlaidh ansin agus lean an Íoslainn ag socrú sciar ard do-ghlactha don stoc. Chuir mé in iúl go soiléir do chomh-Airí agus don Choimisinéir “mura bhfuil na páirtithe sin toilteanach a gcuid gníomhartha aontaobhacha a aisiompú, ansin caithfidh an AE beart láidir a ghlacadh ag baint úsáide as gach beart is féidir, lena n-áirítear smachtbhannaí trádála, chun inbhuanaitheacht an stoic maicréil a chosaint agus chun sciar AE an stoic sin a chosaint.”

Maidir le tionchair an Bhreatimeachta, dúirt An tAire McConalogue,

“Chuir mé in iúl go soiléir ag an gComhairle go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar an ualach díréireach a chuirtear ar Éirinn i dtéarmaí caillteanas cuóta, faoin TCA Breatimeachta, agus beidh mé neamhthrócaireach agus mé ar thóir na saincheiste seo thar ceann thionscal iascaireachta na hÉireann gach uile dheis a fhaighim. Shocraigh mé go mbeidh mé ag cinntiú go mbeidh ath-idirbheartaíocht ar scaireanna cuóta mar thosaíocht na hÉireann san athbhreithniú ar Chomhbheartas Iascaigh atá le teacht.”

Faoi dheireadh, d’fháiltigh an tAire roimh an gcomhaontú i measc na mBallstát maidir le hathbhreithniú agus neartú na rialacha rialaithe iascaigh atá ann.

Tháinig Airí Iascaigh le chéile chun comhsheasamh na mBallstát a thabhairt chun críche roimh an idirbheartaíocht le Parlaimint na hEorpa.

Dúirt An tAire McConalogue,

“Tugann comhaontú an lae inniu aird ar roinnt de na príomhchúiseanna imní atá agam. Áirítear leis seo an maolú a cheadaíonn gabháil éisc a mheá amach ó thaobh an ché faoi choinníollacha áirithe, lena n-áirítear plean rialaithe docht a chur i bhfeidhm. Tuigim go bhfuil an Coimisiún tar éis plean rialaithe reatha na hÉireann a chúlghairm agus tá údaráis rialaithe na hÉireann, an SFPA, ag ullmhú plean rialaithe athbhreithnithe nua le cur faoi bhráid an Choimisiúin. Beidh sé riachtanach go ndéanfar foráil sa Rialachán Rialaithe nua go leanfar le meá na ngabhálacha éisc i monarchana mar mhaolú ar an mbeartas foriomlán meá cois cé nuair a bheidh na dearbhuithe riachtanacha i bhfeidhm. Tá an maolú seo riachtanach chun tíreolaíocht uathúil ár dtionscail próiseála éisc a léiriú i gcás nach bhfuil an chuid is mó dár ngléasraí próiseála cois cé.”

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat