Éilíonn McConalogue go leanfar leis an Simpliú agus leis an Solúbthacht do Bhallstáit a chur mar bhonn faoin Idirbheartaíocht ar Athchóiriú an CBT
- Foilsithe: 23 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
D’áitigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., inniu, go bhfuil sé riachtanach go mbeidh dearadh an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) bunaithe ar an uasmhéid solúbthachta is féidir a sholáthar do Bhallstáit, agus go mbeidh an creatlach chomh simplí agus is féidir d’fheirmeoirí agus do Bhallstáit.
Ag labhairt dó le linn Chomhairle na nAirí Talmhaíochta agus Iascaigh sa Bhruiséil an tseachtain seo, d’fháiltigh an tAire McConalogue roimh an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar an idirbheartaíocht CBT idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa, roimh ‘For-idirphlé trípháirteach’ atá pleanáilte don 26 Márta. Ag an am céanna, leag sé béim ar an ngá atá ann cloí leis na bunprionsabail seo, nuair a dúirt sé. “Tá sé riachtanach go mbeidh an scóip againn laistigh den CBT oiriúnú a dhéanamh ar ár gcur chuige ag brath ar choinníollacha feirmeoireachta náisiúnta agus áitiúla.”
In éineacht le 13 Ballstát eile, chuir an tAire McConalogue páipéar i láthair inar éilíodh go ndéanfaí simpliú.
Dúirt sé, “Ba chóir dúinn a chur san áireamh ón tús go bhfuil sé riachtanach go dtacóidh an Múnla Seachadta Nua don CBT leis an simpliú, ar mhaithe le rialtais na mBallstát agus, go háirithe, ar mhaithe lenár bhfeirmeoirí. Ba chóir go mbeimis ábalta cistiú AE a chosaint go hiomlán laistigh de Mhúnla Seachadta Nua atá soiléir agus simplithe, agus ag an am céanna go mbeidh an solúbthacht againn chun déileáil, mar shampla, le feirmeoirí a bhfuil earráidí déanta acu de mheon macánta.”
Maidir le díriú ar íocaíochtaí díreacha, dúirt an tAire McConalogue, “Tá sé ráite agam go soiléir i gcónaí go dtacaím leis an uasteorannú. Maidir leis an gcoinbhéirseacht agus an scéim athdháilte comhlántach don inbhuanaitheacht, tá oiread solúbthachta is féidir ag teastáil ó na Ballstáit.”
Ag labhairt dó ar na gnéithe den CBT a bhaineann le tacaíochtaí margaidh, d’éiligh an tAire McConalogue go leanfaí le bearta tacaíochta faoin rialachán Comheagrú an Mhargaidh mar a bhí aontaithe ag an gComhairle ina Modh Ginearálta an Deireadh Fómhair sao caite.
Dúirt sé, “Sna bearta margaidh atá molta, tá réimse uirlisí ar féidir a chur i bhfeidhm ag brath ar na cúinsí. Ba chóir go leanfaí leo seo go léir.”
Maidir leis seo, cheistigh an tAire roinnt de leasuithe na Parlaiminte a bhainfeadh an bonn den nádúr deonach a ghabhann le haon scéim laghdaithe méid amach anseo. Thug sé faoi deara freisin gur ábhar imní tromchúisigh d’Éirinn iad na moltaí, “a d’fhéadfadh píonós a ghearradh ar fheirmeoirí a théann i gcoinne an phrionsabail bheith dírithe ar an margadh, agus a d’fhéadfadh an bonn a bhaint go bunúsach den nádúr deonach atá ann faoi láthair i dtaca le scéimeanna laghdaithe méid.”
Ina theannta sin, phléigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh moltaí an Choimisiúin do Bhallstáit, maidir leis an Straitéis nua Feirm-go-Forc a chur i bhfeidhm laistigh de na Pleananna Straitéiseacha CBT nua. Ag tabhairt faoi deara tacaíocht na hÉireann don Straitéis Feirm-go-Forc, d’iarr an tAire McConalogue ar an gCoimisiún measúnacht tionchair chuimsitheach a chur i láthair ar na moltaí Feirm-go-Forc.
Dúirt sé, “Ní mór tacú leis an bpróiseas seo le measúnachtaí tionchair cuimsitheacha, agus fáiltím roimh an gcomhartha ón gCoimisinéir inniu go bhfuil siad seo faoi shiúl.”
DEIREADH