Íocaíocht €29.5 milliún fógartha ag an Aire Hackett d'úinéirí foraoise

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Íocaíocht €29.5 milliún fógartha ag an Aire Hackett d'úinéirí foraoise

Tá sé fógartha ag an Aire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, ar a bhfuil freagracht maidir le foraoiseacht, an Seanadóir Pippa Hackett , go bhfuil tús á chur le híocaíochtaí préimhe foraoiseachta 2021 d'úinéirí talún.

Ag tagairt don phréimh bhliantúil a íoctar le húinéirí talún a bhfuil crainn curtha acu ar a gcuid talún faoi scéim foraoiseachta na Roinne, dúirt an tAire,

"Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil na híocaíochtaí seo ag dul amach chomh luath seo sa bhliain. Ní foláir dúinn níos mó crainn a chur agus léirítear méid agus tráthúlacht na n-íocaíochtaí seo chomh mór agus atá cruthú coillearnach ina rogha úsáide talún brabúsach agus inbhuanaithe d'fheirmeoirí agus d'úinéirí talún eile. Léiriú eile atá iontu ar thiomantas mo Roinne do na húinéirí talún a thugann faoi faoinár scéimeanna plandála."

Beidh beagnach €30 milliún á íoc le 8,300 úinéir talún le sraith íocaíochtaí na seachtaine seo. Is préimheanna bliantúla saor ó cháin iad na híocaíochtaí ar féidir iad a dhéanamh chomh luath seo sa bhliain a bhuí le córas na Roinne atá go hiomlán ar líne rud a chuireann próiseas iarratais níos simplí ar fáil lena mbaineann aga comhlánaithe níos sciobtha. Clúdaíonn na deontais an costas a bhaineann le foraoisí a bhunú agus déantar soláthar d'íocaíocht na préimhe foraoiseachta bliantúla suas go €680 in aghaidh an heicteáir go ceann 15 bliana.

Ag tagairt dó faoin leas a bhainfeadh feirmeoirí as crainn a chur, dúirt an tAire freisin,

"Mholfainn do na húinéirí talún ar fad smaoineamh ar níos mó foraoiseacht a phlandáil ar chuid dá gcuid talún chun a n-ioncam a éagsúlú. Is rogha úsáide talún brabúsach agus inbhuanaithe é coillearnach a chruthú. Tugann sé préimh ráthaithe bhliantúil ar feadh 15 bliana. Tá réimse roghanna le fáil faoin gclár náisiúnta foraoiseachta agus ba mhaith liom go ndéanfadh gach feirmeoir a bhfuil spéis aige sna roghanna atá ar fáil dá chuid talún don bhliain 2021 dul i mbun plé lena gcomhairleoir talmhaíochta ar fhoraoiseacht agus ar choillearnach mar roghanna."

Nóta d'Eagarthóirí:

Dáilfear beagnach €30 milliún ar 8,300 úinéir talún ina n-íocaíocht bhliantúil saor ó cháin an tseachtain seo agus leanfaidh sraitheanna íocaíochta gach seachtain leis na hiarratasóirí atá incháilithe.

Clúdaíonn na deontais atá le fáil faoin Deontas Foraoisithe agus an Scéim Préimhe an costas a bhaineann le foraoisí a bhunú agus déantar soláthar d'íocaíocht na préimhe foraoiseachta bliantúla suas go €680 in aghaidh an heicteáir go ceann 15 bliana.

Tá tuilleadh eolais ar na tacaíochtaí atá ar fáil don fhoraoiseacht le fáil ar láithreán gréasáin na Roinne ag: www.gov.ie

Miondealú ar íocaíochtaí in aghaidh an chontae (suíomh na foraoise) atá liostaithe thíos:

Contae Méid Íoctha in €
Ceatharlach 222,410.88
An Cabhán 1,166,390.41
An Clár 2,468,798.09
Corcaigh 3,934,504.53
Dún na nGall 461,502.58
Baile Átha Cliath 45,614.65
Gaillimh 1,702,710.78
Ciarraí 2,374,805.73
Cill Dara 378,943.57
Cill Chainnigh 1,161,119.86
Laois 642,973.36
Liatroim 1,335,812.27
Luimneach 1,602,970.97
An Longfort 781,946.85
124,022.19
Maigh Eo 1,574,416.95
An Mhí 540,246.81
Muineachán 333,860.52
Uíbh Fhailí 1,066,853.06
Ros Comáin 1,749,452.18
Sligeach 1,041,806.34
Tiobraid Árann 1,987,807.36
Port Láirge 720,511.46
An Iarmhí 846,685.78
Loch Garman 841,653.59
Cill Mhantáin 458,733.68

CRÍOCH

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat