Íocaíocht CBT 2023 agus áireamháin le haghaidh rátaí stocála ar fáil ar líne anois
- Foilsithe: 7 Márta 2022
- An t-eolas is déanaí: 12 Aibreán 2025
D’fhorbair an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara áireamhán nua íocaíochta agus áireamhán le haghaidh ráta stocála chun cuidiú le heolas a thabhairt d’fheirmeoirí maidir leis na hathruithe ar an gComhbheartas nua Talmhaíochta (CAP) don tréimhse 2023-2027.
Tá na háireamháin ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne anseo Item was unpublished or removed
Is féidir le feirmeoirí a n-íocaíochtaí díreacha táscacha in 2023, lena n-áirítear luachanna teidlíochta íocaíochta, a ríomh leis an áireamhán íocaíochta. D’fhonn an t-áireamhán íocaíochta a úsáid, beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil:
• Líon heicteár
• Líon na dTeidlíochtaí
• An SÍB & luach glasaithe do gach teidlíocht
Féadfar an t-áireamhán ráta stocála a úsáid chun rátaí stocála a ríomh ó thaobh an Cholpa de agus ó thaobh Kg de Nítrigin Orgánach in aghaidh gach heicteáir. D’fhonn an t-áireamhán ráta stocála a úsáid, beidh an fhaisnéis seo a leanas ag teastáil:
• Achar iomlán an fhéaraigh agus na curaíochta a shaothróidh tú in 2022.
• Líon agus aois ionchasach an bheostoic in aghaidh na míosa in 2022.
Ullmhaíodh treoracha céim ar chéim do na háireamháin freisin agus tá siad ar fáil ar an leathanach gréasáin céanna.
An mhí seo, tá an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara ag óstáil sraith cruinnithe faisnéise poiblí ar fud na tíre agus seimineár gréasáin ar líne faoi Dhréachtphlean Straitéiseach CBT na hÉireann.
Cuirfidh na cruinnithe poiblí seo faisnéis ar fáil faoi athruithe ar íocaíochtaí díreacha, lena n-áirítear teidlíochtaí, seiceálacha gníomhacha feirmeoirí, gníomhaíocht thalmhaíochta agus athruithe incháilitheachta talún, rátaí stocála, Éiciscéimeanna, sonraí faoin mBeart nua Aeráide Agra-Chomhshaoil (AECM), feirmeoireacht orgánach agus faisnéis thábhachtach eile nach mór a bheith ar eolas ag feirmeoirí anois ionas gur féidir leo ullmhú don bhliain 2023.
CRÍOCH
Nótaí do na hEagarthóirí
Cuireadh Dréachtphlean Straitéiseach an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) de chuid na hÉireann faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh an 31 Nollaig 2021.
Cuirfidh na seisiúin eolais, arna n-óstáil ag an Roinn, faisnéis luath ar fáil d'fheirmeoirí maidir le hathruithe ar an CBT ón 1 Eanáir 2023. Beidh aon fhaisnéis a chuirfear ar fáil bunaithe ar an dréachtphlean a chuirtear faoi bhráid Choimisiún AE agus tá sé faoi réir athraithe go dtí go bhfaomhfaidh Coimisiún AE an CSP.
Beidh gach cruinniú ar siúl ó 8pm go 9.30pm – féachItem was unpublished or removed don sceideal iomlán, lena n-áirítear sonraí maidir le conas clárú don seimineár gréasáin. Déanfar an seimineár gréasáin ar an 15 Márta a thaifeadadh agus a fhoilsiú ar Item was unpublished or removed
Tá Achoimre ar Dhréachtphlean Straitéiseach Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) na hÉireann 2023-2027 ar fáil ag Item was unpublished or removed