Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Íocaíochtaí Scéim Dreasachta Curaíochta fógartha ag an Aire McConalogue

Inniu d'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., go bhfuil tús le cur le híocaíochtaí 2022 faoin Scéim Dreasachta Curaíochta (TIS). Tá beagnach €9m den €10m á íoc anois le thart ar 3,100 feirmeoir. Leanfar le tuilleadh íocaíochtaí a dhéanamh chomh luath agus is féidir.

Sheol an tAire an Scéim Dreasachta Curaíochta i mí Márta 2022 mar chuid de phacáiste tacaíochta, mar thoradh ar an gcogadh neamhdhleathach sa Úcráin. Bunaíodh an Scéim chun feirmeoirí a spreagadh chun barra curaíochta breise a chur in 2022 chun cabhrú leis an spleáchas ar ábhar beatha ainmhithe iompórtáilte a laghdú.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue:

“Cúis áthais dom go bhfuil ag éirí go breá leis an Scéim Dreasachta Curaíochta agus go bhfuil íocaíochtaí luach €400 don heicteár á n-eisiúint chuig an oiread sin feirmeoirí. Chuir feirmeoirí an-spéis sa Scéim Dreasachta Curaíochta agus cúis áthais é sin. Bunaíodh an Scéim go luath in 2022 agus tá mé fíorshásta gur léirigh feirmeoirí spéis sna tacaíochtaí a cuireadh ar fáil.”

Beidh na híocaíochtaí i gcuntais bhainc na bhfeirmeoirí as seo go ceann cúpla lá.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire McConalogue freisin:

“Chomh maith leis sin, cúis áthais dom a fhógairt go leanfar leis an Scéim Dreasachta Curaíochta in 2023. D'éirigh liom buiséad luach €10 milliún a fháil don scéim i mBuiséad 2023.”

Beidh íocaíocht luach €200 don heicteár ar fáil d'fheirmeoirí a bhí páirteach i Scéim Dreasachta Curaíochta 2022, má chinntíonn siad go mbeidh barra curaíochta incháilithe á bhfás ar an talamh in 2023. Beidh íocaíocht luach €400 don heicteár ar fáil d'fheirmeoirí in 2023 d'aon talamh breise a bheidh in úsáid acu chun barra curaíochta a fhás.

Notaí

  • Tá an Scéim Dreasachta Curaíochta á cur chun feidhme de bhua an Chreata Géarchéime Sealadaí do bhearta Státchabhrach chun tacú leis an ngeilleagar i ndiaidh ionradh na Rúise ar an Úcráin.
  • Rinne 4,081 iarrthóir iarratas ar an Scéim Dreasachta Curaíochta. D'fhonn a bheith incháilithe don Scéim Dreasachta Curaíochta, ní mór go mbeadh méadú le tabhairt faoi deara sa líon iomlán barr curaíochta atá á fhás ar an ngabháltas in 2022 i gcomparáid le 2021. Ní mór gur talamh féaraigh nó barra neamhchuraíochta eile a bheadh ag fás ar an talamh ar a bhfuil barra incháilithe breise á bhfás in 2021.
  • Eiseofar tuilleadh íocaíochtaí sna laethanta agus sna seachtainí amach romhainn, lena n-áirítear íocaíochtaí le haghaidh comhpháirtíochtaí.
  • Sa chás go bhfuil an limistéar incháilithe fós faoi réir athraithe go dtí go mbíonn na híocaíochtaí ar fad eisithe, glactar leis go mbeidh sé cothrom le thart ar 25,000 heicteár.
  • Seo a leanas na barra incháilithe - Coirce Earraigh, Coirce Geimhridh, Cruithneacht Earraigh, Cruithneacht Gheimhridh, Eorna Earraigh, Eorna Gheimhridh, Seagal, Grán Buí, Fodar/biatas siúcra, Barr Síl Ola Ráibe Earraigh agus Barr Síl Ola Ráibe Geimhridh.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat