Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Óstálann an tAire McConalogue agus an tAire Humphreys Cruinniú Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Inniu, d’óstáil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D Cruinniú Earnála na Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT). Labhair an tAire McConalogue ar son an Rialtais ag an gcruinniú i dteannta a chomhghleacaí, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D.

Thug an cruinniú deis don Aire McConalogue agus don Aire Humphreys plé a dhéanamh ar réimsí leasa choitinn agus comhoibrithe lena gcomhghleacaithe ó Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann, na hAirí Muir, Cameron agus Reilly. Ba é seo an chéad chruinniú earnála CATT ar Thalmhaíocht agus Forbairt Tuaithe ó athbhunaíodh Feidhmeannas Thuaisceart Éireann i mí Feabhra, ag leanúint ar aghaidh ón gCruinniú Iomlánach CATT Uile-Rialtais a bhí ann ar an 8 Aibreán.

Luaigh an tAire McConalogue i ndiaidh an chruinnithe,

“Tá an-áthas orm go bhfuil athbhunú déanta ar an gcruinniú earnála seo de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas. Táim féin agus mo Roinn go hiomlán tiomanta do rannpháirtíocht a fheabhsú a thuilleadh lenár gcomhghleacaithe i bhfeidhmeannas Thuaisceart Éireann ar réimsí polasaí leathana a chruthaíonn dúshláin agus deiseanna coiteanna d’fheirmeoirí, do tháirgeoirí bia agus do phobail tuaithe ar fud an oileáin.’

Le linn an chruinnithe, rinneadh plé ar ábhair a bhaineann le comhoibriú ar Shláinte Ainmhithe agus Plandaí, Sábháilteacht Feirme, Forbairt Tuaithe, Taighde agus Nuálaíocht. Chomhaontaigh an Chomhairle gur chóir rannpháirtíocht ar na ceisteanna seo a chur chun cinn, agus comhaontaíodh gur chóir féachaint ar a thuilleadh deiseanna comhoibrithe ar dhúshláin a bhaineann le hAthrú Aeráide agus Bithéagsúlacht roimh an gcéad chruinniú eile a bheidh ag an gComhairle níos déanaí i mbliana.

Dúirt an tAire McConalogue

“Tá na dúshláin a bhaineann le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chailliúint na bithéagsúlachta ar na ceisteanna is práinní atá roimh pháirtithe leasmhara san earnáil talmhaíochta ar fud na cruinne lena n áirítear páirtithe leasmhara ar fud an oileáin. Tá ár bpobail feirmeoireachta réidh chun leanúint orthu dá ról tábhachtach a imirt chun cur le hathruithe dearfacha a bhaint amach sna réimsí seo. Tugadh aitheantas do na dúshláin seo sa chruinniú den chomhairle inniu agus iarradh ar ár n oifigigh na bealaí ar féidir linn comhoibriú a fheabhsú maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo a fhiosrú agus a shainaithint, ag tacú lenár bhfeirmeoirí agus lenár dtáirgeoirí talmhaíochta go mbeidh siad in ann cur le réitigh a théann chun leasa dóibh agus chun leas na timpeallachta ar fud an oileáin ar mhaithe le gach duine”

Chomhaontaigh agus rinne an Chomhairle cinntí a mheas maidir le fadhbanna a bhaineann le forbairt tuaithe. Labhair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys T.D ar dhá thionscadal thábhachtacha a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo:

“Ní dóigh liom gur féidir deireadh a chur le haon chruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas gan Canáil Uladh a lua. Agus í curtha i gcrích beidh sí ina tionscadal claochlaitheach do réigiún na teorann ó thaobh na ndeiseanna turasóireachta agus fóillíochta a chruthóidh sí.”

Lean an tAire Humphreys ar aghaidh le rá

“Bhí lúcháir orm an campas SÍOCHÁNA nua iontach a oscailt go hoifigiúil cúpla seachtain ó shin i mbaile Mhuineacháin.

“Is infheistiú de €27 milliúin é an campas SÍOCHÁNA i Muineachán agus is sampla iontach é den chomhoibriú atá ar bun ag mo Roinn le Comhlacht na gClár Speisialta AE agus leis an Roinn Pobal i dTuaisceart Éireann.”

Íomhá: Óstálann an tAire McConalogue agus an tAire Humphreys Cruinniú Talmhaíochta agus Forbartha Tuaithe de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas.

Fotheideal an ghrianghraif:

(C-D) Hilary Reilly, Rúnaíocht Chomhpháirteach Thuaidh/Theas, an tAire Aisling Reilly CTR, an tAire Charlie McConalogue TD, an tAire Heather Humphreys TD, an tAire Andrew Muir CTR, an tAire Pam Cameron CTR, Richard Hill, Rúnaíocht Chomhpháirteach Thuaidh/Theas.