English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

15 árthach slatiascaireachta chun údarú a fháil mar chuid de Chlár Bailithe Sonraí Píolótach don Tuinnín Gorm Atlantach

Cé nach bhfuil aon iascach spóirt ná tráchtála ar fáil don tuinnín gorm Atlantach in Éirinn, is gearr go ndeonófar údaraithe do 15 árthach iascaireachta chun páirt a ghlacadh i Tuna CHART (Clibeáil Gabháil agus Scaoileadh), Clár Bailithe Sonraí Píolótach don Tuinnín Gorm Atlantach. Faoin gclár, déanfaidh na 15 árthach údaraithe tuinníní gorma an Atlantaigh a ghabháil, a chlibeáil agus a scaoileadh amach ó chósta na hÉireann chun críocha sonraí a bhailiú. Is i gCorcaigh, An Clár, Gaillimh, Sligeach agus Dún na nGall atá na hárthaigh údaraithe lonnaithe agus tacóidh siad le hobair eolaíochta atá ar bun chun eolas a mhéadú faoi iompar agus flúirse Thuinnín Gorm an Atlantaigh in uiscí na hÉireann.

Is iad Iascach Intíre Éireann agus Foras na Mara a d'fhorbair an clár nua i gcomhar leis an Údarás um Chosaint Iascaigh Mhara, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara agus an Roinn Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, a chuirfear i bhfeidhm ar bhonn píolótach in 2019.

Deonófar údaruithe don 15 árthach slatiascaireachta ó lár mhí Lúnasa go lár mhí Dheireadh Fómhair. Ghlac na scipéirí agus criúnna oilte ar fad páirt i dtraenáil inar tugadh treoir maidir le leas na n-iasc, éisc a láimhseáil, a chlibeáil agus sonraí a bhailiú. Déanfaidh gach rannpháirtí ar an gclár Tuinníní gorma an Atlantaigh a ghabháil, a chlibeáil agus a scaoileadh agus iad ag cloí le modhanna oibre dochta maidir le héisc a láimhseáil agus maidir le sábháilteacht iasc.

Chuir An tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara Michael Creed TD fáilte roimh an tionscnamh:

"Tá mo Roinnse i mbun oibre ar an tionscadal le dhá bhliain anuas ag leibhéal an AE agus intíre agus táim sásta a fhógairt go gcuirfear tús leis an tionscadal an mhí seo. Faoin tionscnamh seo beidh Foras na Mara agus Iascach Intíre Éireann in ann sonraí luachmhara faoi phatrúin imirce tuinnín ghorm an Atlantaigh in uiscí na hÉireann a bhailiú i dtimpeallacht faoi dhianrialú. Tá an tionscadal seo ina shampla iontach ar chomhoibriú idir mo Roinnse, DCCAE, SFPA, IFI agus Foras na Mara agus táim ag súil leis an gcaidreamh seo a fhorbairt ar bhonn leanúnach."

Dúirt Sean Canney TD, an tAire ar a bhfuil freagracht as iascaigh intíre:

"Trí na hárthaigh seo a bhfaighidh údarú ó mo Roinn, cuideofar go mór le sonraí tábhachtacha a bhailiú faoi thuinnín gorm an Atlantaigh agus iad ag dul thar chósta na hÉireann. Tá ríthábhacht ag baint le hearnáil an iascaigh áineasa chun an clár píolótach seo a chur i gcrích agus táimid ag súil le bheith ag obair leis na gníomhaireachtaí stáit ar fad atá rannpháirteach agus go háirithe leis na scipéirí agus a gcuid criúnna a fuair údaraithe chun sonraí luachmhara a chur ar fáil chun críocha eolaíochta."

Rachaidh an tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara agus Iascach Intíre Éireann i mbun cigireachtaí agus patról ar fud an chósta lena chinntiú go bhfanfaidh an t-iascach seo faoi dhianrialú. Más mian le slatiascairí páirt a ghlacadh san iascach seo níl le déanamh acu ach iascaireacht a dhéanamh ar árthach iascaigh mhara atá údaraithe go sonrach faoin gclár píolótach. Má ghlacann aon duine páirt san iascach seo ar aon árthach nach bhfuil údaraithe go cuí beidh siad ag sárú na Rialachán um Iascaigh Mhara agus Dhlínse Mhuirí (Tuinnín Gorm an Atlantaigh) 2019 (I.R. Uimh. 265 de 2019).

Is féidir liosta iomlán de na scipéirí údaraithe a fháil ag www.fisheriesireland.ie/Fisheries-Research/tuna-chart.html.

Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:

Órla Sheils. Bainisteoir Cumarsáide. Iascach Intíre Éireann

Ríomhphost: orla.sheils@fisheriesireland.ie

Teil: 01 884 2673

CRÍOCH


Nótaí d'Eagarthóirí:

Maidir le hIascach Intíre Éireann

Is comhlacht reachtúil Iascach Intíre Éireann a oibríonn faoi choimirce na Roinne Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil (DCCAE) agus a bunaíodh faoin Acht um Iascach Intíre an 1 Iúil 2010. Is é an phríomhfheidhm atá leis an acmhainn iascaigh intíre a chosaint agus a chaomhnú. Maidir le hiascaigh intíre a chaomhnú, a chosaint, a bhainistiú a fhorbairt agus a fheabhsú, déanann Iascach Intíre Éireann iascaigh intíre, lena n-áirítear slatiascaireacht farraige, a chur chun cinn agus a thacú chomh maith le héascaíocht a dhéanamh ar an Aire agus comhairle a chur ar fáil dó ina leith. Chomh maith leis sin déanann Iascach Intíre Éireann beartas agus straitéisí náisiúnta a fhorbairt maidir le hiascaigh intíre agus slatiascaireacht farraige agus cuireann sé comhairle ar fáil don Aire ina leith.

Cúlra maidir le Tuna CHART (Clibeáil Gabháil agus Scaoileadh), Clár Bailithe Sonraí Píolótach maidir le Tuinnín Gorm an Atlantaigh

Roimhe seo, faoin gCoimisiún Idirnáisiúnta um Thuinníní Atlantacha a Chaomhnú (ICCAT), ní raibh Éire in ann slatiascaireacht dhírithe a cheadú chun críche sonraí a bhailiú faoi thuinnín gorm an Atlantaigh. Faoi na hathruithe atá faighte ag Éirinn ag Cruinniú Bliantúil ICCAT 2018 ceadaítear anois díriú ar thuinnín gorm an Atlantaigh ar bhonn teoranta chun críche sonraí eolaíochta a bheith á mbailiú ag slatiascairí áineasa amháin.

Maidir le Tuinnín Gorm an Atlantaigh

Is é tuinnín gorm an Atlantaigh an tuinnín is mó dá bhfuil ann.

Féadtar meáchan níos mó na 600kg agus fad breis agus trí mhéadar a bheith orthu agus tá siad in ann maireachtáil ar feadh níos mó ná tríocha bliain.

Téann an t-iasc thar chósta na hÉireann le linn a aistir ón Meánmhuir go dtí lár an Aigéin Atlantaigh.