English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Accenture fógartha ag an Aire Doyle le bheith ar an gcéad ghnó eile chun tacú le Ciste Comhshaoil Coillearnach na Roinne

Tá an Ciste Comhshaoil Coillearnach (WEF), a sheol an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara thart ar bhliain ó shin, ag dul ó neart go neart agus suim léirithe ag líon níos mó gnónna le bheith páirteach sa tionscnamh. Cé gur suim a bhí ann ar dtús, is gealltanais chearta anois iad mar gurb é Accenture an gnó is déanaí chun maoiniú a chur ar fáil chun coillearnacha dúchasacha a bhunú faoi WEF.

Tá sé mar aidhm ag WEF go mbeadh níos mó coillearnach dúchasach á mbunú d'fhonn carbón a cheapadh agus gnáthóga atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de a chruthú. Tríd an tionscnamh, cuirtear ardán comhroinnte ar fáil don Rialtas, don phobal gnó agus d'úinéirí talún chun oibriú le chéile d'fhonn cuidiú le spriocanna plandála atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide a bhaint amach. Faoi WEF, is féidir le gnónna baint a bheith acu le coillte dúchasacha faoi leith agus úsáid a bhaint as na tairbhí comhshaoil a bhaineann leis na coillte seo lena chur in iúl go bhfuil a gcuid freagrachtaí á mbaint amach i ndáil leis an timpeallacht áitiúil agus i ndáil le pobail na tíre seo.

Tá gealltanas tugtha ag Accenture 25 heicteár de choillearnach nua a bhunú faoi WEF, a bhfuil sé i gceist leis níos mó ná 75,000 crann dhúchasacha faoi leith a chur ar nós crainn darach, fearnóga, crainn bheithe agus an péine Albanach. Déanfar an chéad suíomh de chuid Accenture a chur gar don ghleann álainn Ghleann Dá Ghrua i gContae Chill Mhantáin, ar ceantar é ar a bhfuil cáil mar gheall ar an tírdhreach coillearnach lánaibí atá ann. Dúirt an tAire “Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil níos mó gnónna rannpháirteach i gcur chrainn, is gné bhunriachtanach í an fhoraoiseacht chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar an laghdú ar an mbithéagsúlacht. Ní féidir dul i ngleic leis na dúshláin seo ach trí oibriú i gcomhpháirt lena chéile.”

Dúirt Alastair Blair, stiúrthóir bainistíochta tuaithe d'Accenture in Éirinn “Tá sé de fhreagracht orainn, mar eagraíocht mhór ag oibriú in Éirinn le 50 bliain anuas, an timpeallacht áitiúil a chosaint do na glúnta amach anseo. Trí 25 heicteár de choillearnach dhúchasach a bhunú, táimid ag déanamh ár gcuid féin chun astaíochtaí CO2 a laghdú agus an bhithéagsúlacht atá againn atá saibhir ach atá ag laghdú ag an am céanna a chosaint. Is bealach cumhachtach atá i dtionscnamh WEF chun an tionscal agus an Rialtas a thabhairt le chéile chun difríocht cheart a dhéanamh don timpeallacht.”

Tá an Roinn chun imeacht eolais ag am bricfeasta a reáchtáil maidir le WEF i nGailearaí na hEolaíochta, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath an 28 Samhain 2019 trína gcuirfear deis ar fáil chun tuilleadh a fhoghlaim faoi WEF agus an taithí a bhain le coillearnach dhúchasach a fhorbairt a fháil amach. Seol RSVP chuig WEF@agriculture.gov.ie. Maidir le ceisteanna ar leith faoin imeacht seo, déan teagmháil le Karl Coggins ag karl.coggins@agriculture.gov.ie nó is féidir tuilleadh a fhoghlaim faoin tionscnamh WEF ag https://www.agriculture.gov.ie/media/migration/forestry/grantandpremiumschemes/2018/DAFMWEFleaflet14Sept18250918.pdf

Cliceáil anseo chun breathnú ar fhíseán den chéad tionscadal WEF a cuireadh i gcrích.

CRÍOCH