‘Ag-Climatise' - Plean Oibre Náisiúnta Aeir & Aeráide don Earnáil Talmhaíochta Foilsithe
- Foilsithe: 9 Nollaig 2020
- An t-eolas is déanaí: 15 Nollaig 2020
Talmhaíocht a bheidh neodrach ó thaobh carbóin faoi 2050
Tá Plean Oibre Náisiúnta 'Aeir & Aeráide' don Earnáil Talmhaíochta dar teideal Ag Climatise seolta ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, T.D. inniu. Leagtar fís uaillmhianach amach sa phlean oibre chun earnáil talmhaíochta a bheidh neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050' a bhaint amach agus áirítear ann 29 beart lena mbaineann spriocanna ar leith agus spriocanna dúshlánacha atá dírithe ar lorg timpeallachta Thalmhaíocht na hÉireann a laghdú agus cáilíocht láidir Thalmhaíocht na hÉireann a neartú tuilleadh.
Dúirt an tAire McConalogue ,
"Tá ríméad orm an plean oibre Ag Climatise a chur i láthair, plean oibre de bhearta inbhraite a thacóidh le forbairt leanúnach earnála talmhaíochta nua-aimseartha, inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de, agus rinneadh an plean oibre a fhorbairt agus feirmeoirí go mór ar intinn. Cuireadh an plean oibre seo i dtoll a chéile i ndiaidh rannpháirtíocht fhorleathan leis na páirtithe leasmhara ar fad agus aithnítear ann bealaí agus spriocanna maidir le lorg na hearnála i dtaobh aeráide agus aeir a fheabhsú. Tá cáil mhaith ar Thalmhaíocht na hÉireann i dtaobh sábháilteacht agus inbhuanaitheacht timpeallachta a táirgí agus leagan an plean oibre seo dúshlán romhainn an cáil sin a neartú tuilleadh. Ní mór dúinn tús a chur leis sin láithreach, agus is ina leith sin a bhfuilim ag foilsiú an phlean oibre seo anois."
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, an Seanadóir Pippa Hackett, í féin fáilte roimh sheoladh phlean oibre Ag Climatise, agus chuir in iúl gur ionann é agus tús a chur leis an mbeart atá de dhíth chun forbairt inbhuanaithe na hearnála talmhaíochta agus úsáidte talún a chinntiú.
Dúirt sí,
"Áirítear sa phlean oibre roinnt bearta uaillmhianacha i dtaobh astaíochtaí a laghdú agus leagtar béim ann ar roghanna eile úsáide talún, ar cheapadh agus ar fhuinneamh in-athnuaite. Is ag ardú agus ní ag ísliú mar ba chóir atá Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa agus Amóinia. Teastaíonn bealach shoiléir uainn chun an treocht seo a iompú droim ar ais agus tugann an plean oibre seo an bealach sin dúinn."
Chuir an tAire Stáit sa Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, Martin Heydon T.D., le fios gurb í an earnáil talmhaíochta an chéad earnáil a bhfuil plean chomh sonrach seo churtha i dtoll a chéile aici chun tionchar ghníomhaíochtaí na hearnála i dtaobh athrú aeráide a laghdú, agus gur príomhsprioc í míniú níos fearr a thabhairt ar atá á dhéanamh ag an earnáil ina leith sin. Dúirt seo go sásaíonn foilsiú Ag Climatise gealltanas thábhachtach a tugadh i gClár an Rialtais plean oibre a fhoilsiú chun forbairt inbhuanaithe na hearnála talmhaíochta agus úsáidte talún a chinntiú.
"Is iad feirmeoirí caomhnóirí an tírdhreacha agus tá go leor á dhéanamh cheana acu sa réimse seo", a dúirt sé. Tá tuilleadh le déanamh, ní bheifear in ann uaillmhian na tíre maidir leis an aeráid a bhaint amach mura n-oibríomar go dlúth le feirmeoirí na tíre. Cuirtear ardán, ardán atá de dhíth, ar fáil leis an bplean oibre seo chun an bhéim atá againn i dtaobh inbhuanaitheacht timpeallachta a neartú agus chun forbairtí nua a scrúdú agus an fheirmeoir i gceartlár ár bpleananna."
Tá na bearta sa phlean oibre bunaithe den chuid is mó ar Chuar Costais Lacáiste Imeallaigh (MACC) Teagasc maidir le astaíochtaí gás ceaptha teasa agus amóinia. Tá bearta eile atá beartaithe bunaithe ar bheartaíocht comhairliúcháin phoiblí a seoladh i ndeireadh na bliana 2019 as a dtáinig 100 aighneacht i scríbhinn agus 400 freagraí ar líne. Cuireadh imeachtaí fíorúla do pháirtithe leasmhara ar siúl le linn C1 agus C2 den bhliain 2020.
'Cáipéis bheo' atá sa phlean oibre ina bhfuil gealltanas shoiléir tugtha dul i mbun rannpháirtíochta le páirtithe leasmhara maidir le spriocanna atá, gan dabht, dúshlánach a bhaint amach i bpríomhréimsí mar úsáid leasacháin agus níos mó úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí leata aoiligh nach gcruthaíonn ach astaíochtaí ísle. Beidh rannpháirtíocht agus obair i gcomhar i measc na bpáirtithe leasmhara ar fad de dhíth chun na bearta sin a thabhairt chun críche, feirmeoirí, comhlachtaí feirme, tionscal agus páirtithe leasmhara ina measc chun na spriocanna dúshlánacha seo a bhaint amach.
Tá roinnt bearta leathana sa phlean oibre seo ina leith sin, lena n-áirítear tuilleadh taighde agus nuálaíochta chun deiseanna breise a aithint.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire McConalogue,
"Leanfaidh an Roinn de bheith i mbun rannpháirtíocht i gcomhar agus bunóidh sí sainghrúpaí chun maoirseacht a dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm na mbearta sa chás nach bhfuil bealach seachadta soiléir. Sa bhreis air sin, i bhfianaise go bhfuiltear ag déanamh forbairtí leanúnacha eolaíochta agus nuálaíochta ar réitigh aeráide beidh tuilleadh deiseanna ann chun tacú le agus chun forbairt a dhéanamh ar cháilíochtaí timpeallachta ceann de na tionscail dúchasacha is tábhachtaí sa tír. Leanann feirmeoirí agus táirgeoirí bia na tíre de bheith i mbun rannpháirtíochta dearfaí agus réamhghníomhaí maidir le dul i ngleic le hathrú aeráide agus molaim iad as a dtiomantas leanúnach i leith na cúise seo."
Nóta d'Eagarthóirí:
Is ón earnáil talmhaíochta is mó a thagann astaíochtaí aeráide mar gheall ar an ról tábhachtach atá ag an earnáil sin i ngeilleagar na hÉireann, nádúr na hastaíochtaí bitheolaíocha agus an easpa mórthionscal atá i ngeilleagar na hÉireann. Ba ionann astaíochtaí talmhaíochta i dtaobh fardal shealadaigh EPA 2019 agus 35%.
Mar thoradh ar ghealltanais AE agus ar ghealltanais náisiúnta araon, tá plean oibre i dtaobh aeráide agus aeir á fhoilsiú ag an DAFM chun gealltanais náisiúnta agus idirnáisiúnta na hÉireann a thabhairt i gcrích chomh maith le hionchais tomhaltóra a shásamh. Beidh tairbhe i gceist leis an bplean oibre do cháilíocht aeir agus uisce. Den chéad uair leagfar amach i gcáipéis fhoilsithe de chuid an DAFM fís fhadtéarmach don phríomhearnáil talmhaíochta i dtaobh a bheith neodrach ó thaobh carbóin mar a leanas:
Córas bia atá neodrach ó thaobh carbóin a fhorbairt faoin mbliain 2050, córas a bheidh ag teacht le spriocanna teochta Pháras trína laghdófar an tionchar atá ag meatán bithghineach go dtí náid[1] agus trína ndéanfar na hastaíochtaí talmhaíochta atá fanta a chothromú le haistrithe, chomh maith le méadú suntasach ar úsáid fuinnimh inathnuaite ar an bhfeirm.
I dtéarmaí praiticiúla, ciallaíonn sé seo:
• Ní mór CO2 a laghdú go dtí a náid chomh luath agus is féidir,
• Ní mór astaíochtaí nach astaíochtaí -CO2 iad a laghdú (meatán agus ocsaíd nítriúil) agus
• Ní mór feabhas a chur ar aistrithe CO2 chun astaíochtaí CO2stairiúla agus astaíochtaí iarmharacha nach astaíochtaí CO2 iad a chothromú.
Cuirtear an plean oibre seo i láthair mar cháipéis bheo, cáipéis a bheifear in ann a thabhairt suas chun dáta chun léiriú a thabhairt ar fhorbairtí maidir leis an mBille um Ghníomhú ar son na hAeráide (Leasú) agus maidir leis an bPlean Gníomhaíochta ar son na hAeráide 2021 chomh maith le leaganacha eile díobh sin a bheidh ann amach anseo.
Is féidir an tuarascáil a fháil ag https://www.gov.ie/en/publication/07fbe-ag-climatise-a-roadmap-towards-climate-neutrality/
Struchtúr an Phlean Oibre
Dírítear sa phlean oibre ar na bearta nár mhór a ghlacadh láithreach san earnáil chomh maith leis na bearta sa mheántéarma go fadtéarma. Beidh an plean oibre seo mar bhonn agus mar thaca leis an gcaibidil timpeallachta sa cháipéis nua straitéise agraibhia 2030.
Baineann trí ghné leis an gcur chuige chun a chinntiú go mbaineann an earnáil a huaillmhian aeráide amach agus áirítear orthu sin
(i) astaíochtaí a laghdú;
(ii) forbairt bainistithe inbhuanaithe talún a fheabhsú agus
(iii)cur le fuinneamh inbhuanaithe.
Beidh dul chun cinn suntasacht de dhíth sa trí réimse sin má táthar chun cuspóir foriomlán na hearnála a bhaint amach, is é sin a bheith neodrach ó thaobh carbóin de.
Cur chuige chun fardal gáis cheaptha teasa talmhaíochta a laghdú
Is é líon na mbeostoc is mó is cúis le hastaíochtaí gáis cheaptha teasa agus is ionann na hastaíochtaí a bhaineann go díreach leis an ainmhí é féin agus leis an aoileach a tháirgtear dá bharr agus tuairim is 80%. Úsáid leasacháin nítrigine is cúis le 12% eile agus is ithreacha agus dé-ocsaíd charbóin ó dhéantúsaíocht aoil is cúis leis an gcuid eile.
Díreofar sa phlean oibre ar laghdú 40-50% a bhaint amach in astaíochtaí ocsaíde nítriúil a bhaineann le húsáid leasacháin. Chun seo a bhaint amach beidh laghdú iomlán ar leibhéal an leasacháin nítrigine a úsáidtear ar fheirmeacha na hÉireann de dhíth, ó 408,000 tonna mar a bhí sé in 2018 go dtí 325,000 in 2030, agus sprioc 350,000 tonna a bhaint amach idir an dá linn sa bhliain 2025. Tá an laghdú seo ag teacht go mór le straitéis Feirm go dtí an Forc an AE, agus go deimhin, is ionann an sprioc chun laghdú a bhaint amach agus 20% i laghdú ar úsáid bhuaice in 2018. Chomh maith leis sin, déanfar cuid shuntasach den leasachán nítrigine a bheidh fanta a úsáid ar bhealach ina mbeidh sé faoi choscaire úiréáise chun caillteanais ocsaíde nítriúla a chosc tuilleadh. Beidh comhthairbhí suntasacha ag baint leis sin maidir le cáilíocht uisce agus bithéagsúlacht. Tá cuid de na bearta fíoruaillmhianach ar fad, agus níl ceann ar bith níos uaillmhianaí ná an beart chun 90% d'aoileach ó bheostoc a scaipeadh trí úsáid a bhaint as Trealamh Spréite Sciodair Astaíochtaí Ísle (LESS) faoi 2027 agus trí 350,000 ha a bheith á úsáid ar mhaithe le táirgeacht orgánach faoi dheireadh na deich mbliana amach romhainn.
Beidh athrú ó bhun ar an tionscal leasacháin ag na ceanglais seo, cuirfear deireadh de réir a chéile le húiré gan chosaint faoi 2023 agus bainfear úsáid as Níotráit Chailciam Amóiniam (CAN) láidir ar bhealach atá cosanta faoi 2030.
Bearta eile is fiú a lua
Áirítear bearta ar bhainistiú talún sa phlean oibre - ithreacha atá saibhir ó thaobh carbóin a fhliuchadh arís go sonrach chun na hithreacha sin a thiontú ó fhoinsí carbóin go háiteanna stórála. Áirítear ann gníomh le scéim phíolótach a fhorbairt chun feirmeoirí a chúiteamh ar na buntáistí carbóin a chuireann a gcuid feirmeacha ar fáil. Tá líon gníomhartha ann i leith fuinneamh inbhuanaithe agus spreagfar feirmeoirí cur leis an uasghrádú ar fhuinneamh inathnuaite ar an bhfeirm.
Ar deireadh, tá roinnt beart leathan eile ann, lena n-áirítear tuilleadh taighde agus nuálaíochta agus ionad barr feabhais a bhunú in Éirinn ar thalmhaíocht atá cliste ó thaobh na haeráide.
CRÍOCH