English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aip Nua chun Gníomhaíocht Broc ar fheirmeacha a thuairisciú seolta - céim thábhachtach eile chun dul i ngleic le rátaí TB

Tá Aip nua chun gníomhaíocht broc a thuairisciú seolta ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara i dteannta le Fóram Páirtithe Leasmhara TB buaibheach, an Mheitheal Feidhmithe (IWG), faoi Chathaoirleacht an Dr Sean Brady.

‘Badger Activity’ an t-ainm atá ar an Aip nua agus is féidir an aip a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara ag www.bovinetb.ie.

Is eol dúinn go scaipeann TB ó bhroic go dtí eallaí agus cuirfidh an Aip seo, a forbraíodh chun clár fiadhúlra na Roinne a fheabhsú tuilleadh, ar chumas feirmeoirí aon chomharthaí de ghníomhaíocht broc ar a gcuid feirmeacha a thuairisciú don Roinn láithreach.

Le linn dó a bheith ag caint ag ócáid seolta na haipe nua, thug an tAire McConalogue ardmholadh do IWG agus do na Grúpa Oibre Eolaíochta agus Airgeadais agus don Fhóram TB as an obair atá curtha i gcrích chun rátaí TB i measc eallaí a laghdú.

“Ó ceapadh mise mar Aire, tá gealltanas tugtha agam dul i ngleic le rátaí TB buaibheach. Tuigim go rímhaith an crá croí mothúchánach agus airgeadais a bhíonn mar thoradh ar TB a aimsiú i dtréad. Ní éireoidh linn na rátaí TB a laghdú ach amháin trí oibriú lena chéile. Cúis áthais é seoladh na haipe Badger Activity agus sílim go bhfuil ardmholadh tuilte ag IWG, faoi chathaoirleacht an Dr Seán Brady, as an obair atá curtha i gcrích acu. Tá gach grúpa oibre aonair TB mar aon leis an bhFóram TB tiomanta do rátaí TB i measc eallaí a laghdú.

“I mBuiséad 2022, d’éirigh liom €1m breise a fháil don Chlár Fiadhúlra, gné lárnach den chlár TB. Tá mé féin agus mo Roinn agus an Fóram TB agus a chuid grúpaí oibre tiomanta do rátaí TB a laghdú.”

Tá fáilte curtha freisin ag baill de IWG, lena n-áirítear Feirmeoirí Aontaithe na hÉireann, Cumann Soláthróirí Bainne Uachtarlainne na hÉireann, Cumann Feirmeoirí Eallaí agus Caorach na hÉireann, Sláinte Ainmhithe Éireann, an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra agus an Roinn féin, roimh an bhforbairt thábhachtach seo.

Cabhróidh feirmeoirí a úsáideann an Aip seo leis an Roinn cur leis an méid atá ar eolas aici faoi fhairsinge agus suíomh ghníomhaíocht na mbroc ar fud na tíre, rud a éascóidh cur chun feidhme feabhsaithe an chláir rialaithe fiadhúlra.

Molann IWG do gach feirmeoir an Aip a íoslódáil agus gníomhaíocht broc a chuardach ar a dtailte féin. Tá físeán agus bileog eolais ina sainaithnítear gníomhaíocht broc agus ina bhfuil comhairle le fáil maidir le conas an riosca TB a chruthaíonn broic d’eallaí a laghdú le fáil ar www.bovinetb.ie Tá samplaí fótagrafacha de bhrocacha, leithris, cosáin, poill smúrthaíola agus loirg lapaí le fáil sa lámhleabhar atá forbartha taobh leis an Aip ar an suíomh gréasáin www.bovinetb.ie. Tá sé i bhfad níos éasca gníomhaíocht a thabhairt faoi deara an t-am seo den bhliain nuair atá an fásra ag feo.

Ghabh Cathaoirleach IWG, an Dr Sean Brady agus Cathaoirleach Fhóram Páirtithe Leasmhara TB buaibheach, Michael Cronin, buíochas leis an ngrúpa agus baill an Fhóraim as an obair leanúnach atá déanta acu, as an gcomhoibriú, tiomantas agus dul chun cinn atá déanta acu i ndáil lena gcuid iarrachtaí tionchar TB buaibheach a laghdú ar fud na tíre agus as leanúint leis an dul chun cinn.