Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aireacht um Athrú Aeráide agus Comhshaoil ​​UAE chun Comhoibriú leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann maidir le Slándáil Bia

Tá meabhrán tuisceana (MoU) sínithe ag Aireacht um an Athrú Aeráide agus Comhshaoil UAE (MOCCAE) leis an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara chun comhoibriú i réimse na slándála bia a fheabhsú.

Shínigh A Soilse, Mariam bint Mohammed Almheiri, Aire um an Athrú Aeráide agus Comhshaoil UAE agus Charlie McConalogue T.D., Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann, an comhaontú.

Faoi théarmaí an MoU, comhoibreoidh an dá pháirtí chun na teicneolaíochtaí is déanaí a úsáid chun bainistíocht bia agus uisce a bharrfheabhsú, tacú le hinfheistíochtaí díreacha eachtracha i dtalmhaíocht inbhuanaithe, trádáil táirgí bia agus talmhaíochta a éascú, agus eolas maidir le creataí rialachais náisiúnta a roinnt a bhfuil sé mar aidhm leo déileáil leis an nasc criticiúil idir uisce, bia agus fuinneamh.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag A Soilse, Mariam bint Mohammed Almheiri, Aireacht um an Athrú Aeráide agus Comhshaoil UAE, faoin gcomhpháirtíocht nua:

“Tosaíocht straitéiseach de chuid UAE é slándáil bhia náisiúnta a threisiú. Dá réir sin, is mian leis an Aireacht dlús a chur leis an gcomhoibriú leis na heintitis ábhartha i dtíortha eile ar mhaithe le borradh a chur faoi thrádáil bhia, leanúnachas na slabhraí soláthair a chinntiú, agus dlús a chur le glacadh le réitigh nuálacha sa réimse seo. Spreagfaidh an comhaontú le Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann eispéiris rathúla nuálaíochta agus teicneolaíochta i ngach gné de shlándáil agus d’inbhuanaitheacht bhia.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara na hÉireann, Charlie McConalogue T.D.,

“Creidim gur féidir le hÉirinn leanúint ar aghaidh ag feidhmiú mar chomhpháirtí láidir do UAE chomh fada is a bhaineann le comhoibriú teicniúil maidir le cuspóirí slándála bia; mar aon le réimsí comhleasa eile; lena n-áirítear deiseanna trádála, ceisteanna a bhaineann le rochtain ar an margadh, agus taighde agus nuálaíocht. Is féidir an caidreamh seo a fhorbairt tuilleadh sna blianta amach romhainn.”

“Bhí mé fíorshásta cúlra straitéis nua na hÉireann, atá bunaithe ar pháirtithe leasmhara: ‘Fís don Bhia 2030 – Ceannaire Domhanda i gCórais Bhia Inbhuanaithe’ a phlé leis an Aire Almheiri. Admhaím ceannaireacht an Aire Almheri i ndáil leis an AIM don tionscnamh taighde dhomhanda Aeráide (Misean Nuálaíochta Talmhaíochta don Aeráid), tionscnamh a bhfuil áthas ar Éirinn páirt a ghlacadh ann.”

Críoch