Aitheasc tugtha ag an Aire McConalouge aitheasc ag Comhdháil Náisiúnta Mhacra na Feirme
- Foilsithe: 26 Deireadh Fómhair 2024
- An t-eolas is déanaí: 8 Eanáir 2025
Thug an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., aitheasc inniu ag Comhdháil Náisiúnta Mhacra na Feirme sa Nás, Co. Chill Dara.
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Cothrom ochtó bliain ó shin, bunaíodh Macra i gContae Chill Dara, agus mar sin tá sé an-oiriúnach go bhfuilimid sa Nás inniu, agus an eagraíocht ag ceiliúradh an chomórtha sin. Is mór an onóir domsa a bheith mar an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus an t éacht iontach sin do chomhlachas tionscnaimh dár dtír á chomóradh.
“Tá an earnáil talmhaíochta ag croílár na hÉireann agus tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh daoine óga ag teacht isteach sa tionscal chun é sin a chinntiú amach anseo. Tacaím go tréan leis an iarracht cuidiú leis an gcéad ghlúin eile dul i gceannas ar an bhfeirm agus an t am ceart chuige sin agus tá raon tacaíochtaí láidre curtha i bhfeidhm agam d’fheirmeoirí óga. Ina measc sin tá tionscnaimh faoin bPlean Straitéiseach CBT reatha, sraith beart cánachais, rochtain ar airgeadas, agus oideachas agus oiliúint chun tacú leis sin.
“Mar sin féin, is mian liom a chinntiú go bhfuil an éifeacht inmhianaithe ag na bearta sin, agus ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí leagtha amach don todhchaí ar an dóigh is fearr. Is ceist chasta é comharbas feirme agus tá go leor tosca ann a théann i bhfeidhm ar chinntí feirmeoirí. Is é sin an fáth ar iarr mé ar Aidan O’Driscoll a bheith ina chathaoirleach ar Choimisiún maidir le hAthnuachan ó Ghlúin go Glúin san Fheirmeoireacht. Glacfaidh an grúpa sin, a roghnaíodh bunaithe ar a gcuid saineolais agus taithí, cur chuige oibiachtúil, bunaithe ar fhianaise, chun na tosca go léir a scrúdú. D’iarr mé go n oibreodh an Coimisiún go dlúth le páirtithe leasmhara, agus beidh Macra ríthábhachtach chuige sin.”
Chuir an tAire an méid seo a leanas leis sin:
“D’éist mé le feirmeoirí óga agus tá dhá rud ann ar mhaith liom gealltanas a thabhairt dóibh ina leith anseo inniu. Ar an gcéad dul síos, chuir mé de chúram ar mo Roinn a fháil amach an bhféadfaí tacaíochtaí ilbhliantúla faoin gComhbheartas Talmhaíochta, scéimeanna ar nós ACRES, a leagan amach chun rochtain a thabhairt d’iontrálaithe nua le linn thréimhse Phlean Straitéiseach CBT reatha na hÉireann. Iarratas ba ea seo a rinne Macra le déanaí.”
“Ar an dara dul síos, tá inmharthanacht eacnamaíoch na bhfeirmeacha ina cos ar stól na hinbhuanaitheachta, agus ní féidir agus níor cheart faillí a dhéanamh ina leith. Tar éis dom an cheist a phlé le feirmeoirí óga, athróidh mé na critéir incháilitheachta maidir le cúnamh deontais a thabhairt i dtaobh Bliteoirí Róbatacha faoin Scéim Spriocdhírithe Nuachóirithe Talmhaíochta (TAMS 3), Scéim Trealaimh Déiríochta. Fágfaidh na hathruithe gur féidir an teorainn, a chuireann cosc ar fheirmeoirí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná bliteoir róbatach amháin idir TAMS II agus TAMS 3, a bhaint.”
Dúirt an tAire McConalogue an méid seo a leanas:
“Is scéim rathúil agus thairbheach í TAMS 3. Le ceadú na tacaíochta don dara bliteoir róbatach thar TAMS II agus TAMS 3, aithním an buntáiste dua-sheachanta a bhaineann le teicneolaíocht nua d’fheirmeoirí ar fud na tíre, fad a leantar leis an tacaíocht d’infheistíochtaí i leas ainmhithe, caighdeán an uisce, agus an comhshaol, trí na míreanna infheistíochta éagsúla atá ar fáil faoi TAMS 3.
“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Macra as cuireadh a thabhairt dom chuig a gcomhdháil náisiúnta inniu agus guím gach rath orthu go ceann 80 bliain eile”, arsa an tAire.
DEIREADH
Nótaí don eagarthóir
Tá TAMS 3 cómhaoinithe ag an Státchiste Náisiúnta agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) den Aontas Eorpach faoi Phlean Straitéiseach CBT na hÉireann, 2023-2027. Tá 10 scéim aonair ann faoi TAMS 3. Is iad seo a leanas iad:
• An Scéim Leasa Ainmhithe agus Stórála Cothaitheach (AWNSS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil Curaíochta (TCIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil Muc agus Éanlaithe (PPIS) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €500,000.
• An Scéim um Threalamh Déiríochta (DES) ag ráta deontais 40%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Óga (YFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil d’Fheirmeoirí Mná (WFCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil um Fheirmeoireacht Orgánach (OCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil um Shábháilteacht Feirme (FCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000.
• An Scéim Infheistíochta Caipitil Gréine (SCIS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000 atá ar leithligh ó scéimeanna eile.
• An Scéim Trealaimh Scaipthe Sciodair Íseal-Astaíochtaí (LESS) ag ráta deontais 60%, le huasteorainn infheistíochta €90,000 atá ar leithligh ó scéimeanna eile.
Tá raon iomlán na n infheistíochtaí mar aon leis na costais tagartha ghaolmhara foilsithe ar shuíomh gréasáin na Roinne: gov.ie - TAMS 3
Ba cheart fiosruithe de chineál teicniúil a bhaineann leis na sonraíochtaí a chur isteach mar ríomhphost chuig an seoladh ríomhphoist seo a leanas tams@agriculture.gov.ie. Tá uimhir líne cabhrach teicniúla 053 9114181 ar fáil idir 10.00 am agus 12.30 pm agus 2.00 pm agus 4.30 pm ón Luan go hAoine taobh amuigh de laethanta saoire poiblí.
Maidir le gach fiosrú TAMS eile, déan teagmháil le Rannóg Riaracháin TAMS 3 ar 053 9163425.
Is féidir le conraitheoirí a eTC agus a gcód rochtana a chlárú ach ríomhphost a chur chuig TAMScontractors@agriculture.gov.ie