English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

Aithnítear an pór eallaigh Droimeann mar phór Dúchasach neamhchoitianta de chuid na hÉireann

D'fhógair an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed T.D. inniu go bhfuil faomhadh oifigiúil faighte ag an bpór eallaigh Droimeann mar phór Dúchasach neamhchoitianta de chuid na hÉireann.

Thug an tAire aitheantas iarrachtaí na bpríomhphóraitheoirí díograiseacha a chaith blianta fada ag bailiú agus ag déanamh pórú roghnaitheach ar na hainmhithe seo agus is de bharr na n-iarrachtaí sin a bhfuil aitheantas oifigiúil anois tugtha don Droimeann mar chuid lárnach den stair shaibhir agus ar leith atá ag pórtha eallaí na hÉireann.

Dúirt an tAire Creed go bhfuil "go leor nithe eile i gceist amhail, nithe cultúir, staire, agus éagsúlacht géineolaíochta a chiallaíonn gur pór é an Droimeann a bhfuil stair shaibhir ag baint leis nach bhfuil le fáil ach in Éirinn. Tá siad ábalta dul in oiriúint dá dtimpeallacht rud a thug deis dóibh bláthú i dtimpeallacht táirgthe na hÉireann. Tá an pór Droimeann luaite sa stair le fada agus táimid ábalta a chruthú anois, faoi dheireadh thiar, go bhfuil siad uathúil mar phór, a bhuíochas sin don obair mhór atá déanta ag go leor daoine agus do theacht na dteicnící géinitíopála nua-aimseartha."

D'aithin an tAire an luach a bhaineann le hAcmhainní Géiniteacha Ainmhithe sa mheascán Bithéagsúlachta ar fud na tíre "Tá sé léirithe ag póraitheoirí Droimeann le blianta fada anuas go bhfuil said díograiseach ina gcaomhnóirí ar an bpóir seo. Cé go bhfuil líon na n-ainmhithe seo an-íseal, agus gur féidir iad a mheas mar phór atá 'i mbaol', táim muiníneach go n-éireoidh leis an gCumann an líon sin a mhéadú sna blianta amach romhainn.

Mar fhocal scoir, ghlac sé an deis gach rath a ghuí ar Chumann Eallaigh an Droimeann amach anseo maidir leis an bpór a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Eolas ar phór eallaigh na Droiminne

Tá an pór eallaigh Droiminne á thaifeadadh mar phór Dúchasach de chuid na hÉireann in iomaí taifead cultúir agus staire leis na céadta bliain. Tá ról tábhachtach ag an bpór i Sochaí na hÉireann agus i dteacht chun cinn fheirmeoireacht bheostoic i rith stair na tíre. Tá fianaise a thacaíonn go raibh a leithéid de phór ann i bhfilíocht agus in amhráin mór le rá ó stair na gCeilteach/na hÉireann.

Tá sé léirithe, bunaithe ar éagsúlacht géineolaíochta ó phórtha eile, gur pór ar leith é, a bhuíochas sin don obair fhairsing atá déanta ag Weatherbys ar phróifíliú DNA ag baint leas as teicneolaíocht géinitíopála. Tá taifeadadh déanta ar an difríocht shoiléir atá ann maidir le mar a éiríonn leis an bpór seo agus pórtha eile.

Thug an DAFM aitheantas don Chumann Eallaigh an Droimeann mar chumann póir agus cheadaigh clár póraithe a chothabháil don phór in Éirinn in 2018. Tugadh tacaíocht shuntasach don Chumann thar roinnt blianta chun go bhféadfadh an Cumann an t-aitheantas seo a bhaint amach agus a gclár pórúcháin a riar.

Áirítear ar réimse na gcritéar ar a ndéantar measúnú ar an bpór chun é a mheas mar phór Dúchasach:

  • eolas ginearálta: tír dhúchais, Líon na n-ainmhithe atá in aois phórúcháin: fireann, baineann, iomlán. Treocht na n-uimhreacha le trí bliana anuas: laghdú, seasmhach, méadú. Céatadán den phór baineann ar pór folaíochta iad, Stádas baoil measta
  • stair agus an tréimhse ama é mar phór ar leith. Luach éiceolaíochta, cultúir-staire agus sóisialta. Suíomh Geografach agus iargúltacht
  • ,ar a éiríonn leis an bpór. Oiriúnú do chúinsí táirgeachta/timpeallachta (aeráidí, beathaí, galair, córais bainistíochta, tailte)
  • Íonacht an phóir i.e. an tionchar atá ag pórtha eile bunaithe ar DNA/anailís Géanómaíochta. Gaol laistigh den phór, an méid ionphóraithe atá ann

Dé réir chritéar an FAO, is féidir a mheas go bhfuil an pór 'i mbaol' de bharr líon na mbaineannaigh pórúcháin. Tá 243 baineannach pórúcháin ann faoi láthair agus 23 fireannach pórúcháin, tá líon an phóir gann agus de réir threoirlínte an FAO is féidir é a mheas mar phór a bhfuil stádas criticiúil ag baint leis. Mar sin, is ábhar imní do DAFM é go n-éireoidh leis an bpór. Tá sé i gceist ag an DAFM tacaíocht chuí a chur ar fáil don Chumann i roinnt réimsí d'fhonn a chinntiú go mbainfear an pór den stádas i mbaol.

Cé go bhfuil líon íseal pobail ann, is pór ar leith é de réir na hanailíse Géanómaíochta. Tá príomhphóraitheoirí díograiseacha sa Chumann atá tiomanta don phór a chaomhnú amach anseo. Ó tharla aitheantas a bheith faighte ag an bpór mar phór Dúchasach atá i mbaol, d'fhéadfadh go mbeadh sé incháilithe d'íocaíochtaí faoi aon scéim Timpeallachta-Talmhaíochta amach anseo a d'fhéadfadh an DAFM a sheoladh mar chuid de chláir CAP amach anseo.

Tá sé cúig bliana déag ó cheadaigh an DAFM stádas Dúchasach agus neamhchoitianta a bhronnadh ar phór, ba é sin Capaillín Portaigh Chiarraí.

Áirítear ar na pórtha a bhfuil aitheantas faighte acu mar phórtha Dúchasacha agus neamhchoitianta.

  • Eallaí; Ciarraí, Dexter, Bó Maol na hÉireann, an Droimeann
  • Capaill; Capaillín Chonamara, Capall Tarraingthe Éireannach; Gaillimh

CRÍOCH