English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Chéad Straitéis Tionscalbhunaithe d'Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh na hÉireann seolta ag an Aire Creed

Sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD 'Straitéis d'Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh na hÉireann 2019-2023' inniu thar ceann an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh. Feidhmeoidh an Straitéis mar chreat d'obair na bhFóram Iascaigh Cois Cladaigh sna blianta atá romhainn agus tá an Straitéis ina léiriú ar an gcéad uair a bhfuil plean dá cuid féin forbartha ag an Earnáil Iascaigh Cois Cladaigh atá sainiúil don earnáil.

Leagtar amach fís sa Straitéis maidir le todhchaí na hearnála cois cladaigh, le go mbeidh “todhchaí rachmasach agus inbhuanaithe aici trí thionscal aontaithe, a mbeidh guth láidir agus tábhachtacha aige, a bheith ann ”. Cuimsítear san earnáil cois cladaigh báid iascaireachta atá níos lú ná 12 mhéadar ar fhad agus a bhíonn ag iascaireacht den chuid is mó laistigh de shé mhuirmhíle amach ó chósta na hÉireann. Bíonn na báid seo, a bhfuil thart ar 80% de fhlít iascaireachta na hÉireann i gceist, á n-oibriú ag pobail ar fud chósta na hÉireann agus cuireann siad le thart ar 2,500 go 3,000 post.

Cuirtear ceithre phríomhthéama i láthair sa Straitéis ar téamaí iad a chlúdaíonn Eagrúchán agus Próifíl na hEarnála Cois Cladaigh; acmhainní cois cladaigh a bhainistiú; an Bonneagar agus na hAcmhainní atá ar fáil don earnáil cois cladaigh agus Brabúsacht na hearnála. Leagtar amach cuspóirí faoi leith do gach ceann de na téamaí sin atá dírithe ar an earnáil a fhorbairt i dtaca lena aitheantas féin, lena n-áirítear na daoine, na hacmhainní agus an bonneagar atá san earnáil chun tionscal Iascaigh Cois Cladaigh láidir a chruthú don todhchaí. Is iad na saincheisteanna is tábhachtaí a bhfuil aghaidh le tabhairt orthu ná scileanna gnó a fheabhsú ar fud na hearnála, bainistíocht inbhuanaithe a dhéanamh ar stoic éisc a bhfuil an-tábhacht ag baint leo chomh maith le tallann a mhealladh agus a choimeád, le súil is acmhainneacht na hearnála seo a mhéadú an oiread agus is féidir chun tacú le pobail cois cósta na hÉireann.

Dúirt an tAire, nuair a bhí sé ag seoladh na Straitéise:

“Tá ríméad orm an straitéis seo a sheoladh, agus ba mhaith liom an obair atá déanta ag na daoine a bhí i mbun a forbartha a mholadh, go háirithe baill na bhFóram Iascaigh Cois Cladaigh a rinne a gcion maidir leis an gcéim shuntasach seo. Sa Straitéis seo aithníonn an Fóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh nach mór tuiscint mhór a bheith lucht na hearnála ar an earnáil Cois Cladaigh agus go neartaítear an earnáil trí lucht na hearnála a thabhairt le chéile agus a chur ag obair i dtreo spriocanna comhchoiteanna a bhaint amach. Tugtar treoirphlean soiléir sa Straitéis don todhchaí.”

In 2017 d'aithin an Fóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh go gcaithfí tús áite a thabhairt d'fhorbairt na straitéise seo d'earnáil iascaigh cois cladaigh na hÉireann. Bunaíodh na Fóraim Iascaigh Cois Cladaigh Náisiúnta agus Réigiúnacha chun "guth" comhtháite a thabhairt chun cinn don earnáil cois cladaigh trí iascairí cois cladaigh a spreagadh lena gcuid fadhbanna iascaireachta a phlé agus chun tionscnaimh a bhfuil tacaíocht acu go forleathan a thabhairt chun cinn. Ó shin i leith, tá tionscnaimh forbartha ag na Fóraim chun todhchaí earnála a bhfuil an-tábhacht ag baint léi do phobail cois cósta a chosaint.

Forbraíodh an Straitéis trí phróiseas leathan agus cuimsitheach, próiseas ina raibh comhchomhairle a bhí dírithe ar an tionscal agus ar chomhchomhairle poiblí níos leithne i gceist leis. Rinne Grúpa Stiúrtha maoirseacht ar fhorbairt na straitéise, Grúpa a raibh baint ag comhpháirtithe tionscail agus Stáit, chomh maith le hionadaithe an Fhóraim Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh leis. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a rinne cómhaoiniú ar fhorbairt na Straitéise faoi Chlár Oibríochta Chiste Eorpach Muirí agus Iascaigh na hÉireann.

Beidh Bord Iascaigh Mhara i gceannas ar chur i bhfeidhm na Straitéise, i gcomhar leis an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh agus an earnáil cois cladaigh. Oibreoidh BIM go dlúth leis an bhFóram chun plean feidhmithe a ullmhú don Straitéis agus chun na cuspóirí agus gníomhartha a dtabharfar tosaíocht dóibh a aithint. Mar chuid den phróiseas seo beifear in ann an tacaíocht airgeadais atá ar fáil faoin gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a dhíriú ar na cláir agus ar na tionscnaimh is mó ina mbainfear an leas is fearr aisti.

CRÍOCH


Nótaí d'eagarthóirí:

Na Fóraim Iascaigh Cois Cladaigh

Tacaíonn gréasán de shé Fhóram Réigiúnacha ar fud chósta na hÉireann leis an bhFóram Náisiúnta Iascaigh Cois Cladaigh. Cuireann toscairí ó na Fóraim Réigiúnacha moltaí réigiúnacha i láthair ag an bhFóram Náisiúnta le go mbeidh an tionscal níos forleithne in ann iad a phlé. Áirítear ina mbaill den Fhóram Réigiúnach iascairí cois cladaigh, lucht leasa comhshaoil, lucht áineasa muirí, lucht turasóireachta muirí agus páirtithe leasmhara muirí eile. Cuirtear deiseanna ar fáil leis na struchtúir freisin chun go mbeidh comhoibriú idir an earnáil iascaireachta cois cladaigh agus a bpobail ar straitéisí inmharthanachta chun go mbeidh an leas is fearr is féidir á bhaint as deiseanna ioncaim ón acmhainn cósta seo.

Déantar na Fóraim Iascaigh Cois Cladaigh a mhaoiniú faoin Scéim Chaomhantais Cois Cladaigh trí na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta in Éirinn 2014-2020 agus arna gcómhaoiniú ag an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh. Tá na Fóraim Iascaigh Cois Cladaigh á n-éascú ag na comhlachtaí reachtúla atá freagrach as iascaigh mhara in Éirinn, is é sin le rá, an Roinn Talmhaíochta , Bia agus Mara, Bord Iascaigh Mhara, An tÚdarás um Chosaint Iascaigh Mhara agus Foras na Mara. Cuireann an Bord Iascaigh Mhara tacaíocht riaracháin ar fáil do na fóraim.

An Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh - Clár Oibríochta

Ghlac an Coimisiúin Eorpach le Clár Oibríochta EMFF 2014-2020 na hÉireann i mí na Nollag 2015 agus sheol an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara é i mí Eanáir 2016. Cuirtear maoiniú €240m ar fáil faoin gClár don earnáil bia mara (iascaigh, dobharshaothrú agus próiseáil bia mara) sa tréimhse 2014 go 2020. Is iad Rialtas na hÉireann agus an tAontas Eorpach a dhéanann cómhaoiniú ar an gClár.

Féach ar naisc chuig an Straitéis thíos: