English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An cinneadh síneadh a chur le conarthaí GLAS le haghaidh 2022 fógartha ag an Aire McConalogue

Inniu, roinn an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue T.D., tuilleadh sonraí maidir le conas is féidir le feirmeoirí leanúint le páirt a ghlacadh in GLAS le haghaidh 2022. Tá síneadh bliana (i.e. go dtí an 31 Nollaig 2022) á thairiscint d’fheirmeoirí a bhfuil conarthaí GLAS 1, 2 nó 3 acu a rachaidh in éag ar an 31 Nollaig 2021.

Le linn dó tagairt don ráiteas a rinne sé i ndiaidh Bhuiséad 2022 maidir le cothabháil scéimeanna feirmeoireachta tábhachtacha, bhí an méid seo a leanas le rá ag an Aire,

“tá pacáistí eolais eisithe ag mo Roinn anois chuig rannpháirtithe gníomhacha reatha na Scéime Glaise um Chomhshaol Talmhaíochta (GLAS), lena n-áirítear tairiscint síneadh a chur lena gconarthaí GLAS agus na bealaí ina bhféadfaí iarratas a dhéanamh faoin spriocdháta, an 10 Nollaig 2021. Beidh an próiseas cosúil leis an bpróiseas a cuireadh i gcrích anuraidh. Cúis dóchais dom an líon rannpháirtithe a chinn síneadh a chur lena gconarthaí GLAS don bhliain seo, de bhrí gur chiallaigh sé gur leanadh le soláthar na mbuntáistí timpeallachta a fhabhrú i rith na hidirthréimhse roimh CBT nua agus go raibh ioncam leanúnach á fháil ag feirmeoirí. Íoctar thart ar €200m gach bliain le rannpháirtithe GLAS agus dá réir sin baineann tábhacht shuntasach le hinfhaighteacht leanúnach a leithéid sin d’íocaíochtaí d’fheirmeoirí.

"Bhí tús áite á thabhairt agam do na híocaíochtaí feirme fíorthábhachtacha seo. Is den tábhacht é gur féidir slándáil ioncaim a sholáthar do na feirmeoirí atá páirteach in GLAS le linn dúinn a bheith ag aistriú idir cláir CBT."

Ar deireadh thagair an tAire don síneadh atá á chur le roinnt scéimeanna, agus go bhfuil sé beartaithe ag a Roinn tairiscintí a eisiúint ar bhonn seicheamhach,

“Tá tréaniarracht déanta ag mo Roinn próiseas chomh simplí agus is féidir a bhunú, agus roinnt roghanna a chur ar fáil chun iarratas a dhéanamh. Príomhphointe is ea go leanfar le gníomhartha atá curtha i gcrích faoi GLAS ar an 1 Eanáir 2022 rud a chiallaíonn go mb’fhéidir gur mhaith le feirmeoirí a machnamh a dhéanamh anois maidir le cibé acu ar mhaith nó nár mhaith leo tairbhe a bhaint as an tairiscint agus a bheith in ann freagra a thabhairt nuair a fhaightear tairiscint”.

NÓTAÍ DO NA HEAGARTHÓIRÍ

Socruithe maidir le síneadh a chur le conarthaí GLAS

• Tá síneadh bliana (i.e. go dtí an 31 Nollaig 2022) á thairiscint d’fheirmeoirí a bhfuil conarthaí GLAS 1, 2 nó 3 acu a rachaidh in éag ar an 31 Nollaig 2021.

• Seoladh pacáiste eolais tríd an bpost chuig gach rannpháirtí ar an gCéadaoin, an 10 Samhain 2021, inar sonraíodh an tairiscint síneadh a chur leis an tairiscint agus na bealaí a bhféadfaí iarratas a dhéanamh, agus chomh maith leis sin cuireadh sonraí a gconartha GLAS ar fáil agus ciorcláin maidir le hathruithe ar na Téarmaí agus Coinníollacha ábhartha, agus Sonraíochtaí.

• Tá leaganacha nuashonraithe na dTéarmaí agus Coinníollacha ábhartha agus na Sonraíochtaí a bhaineann le gach Tráinse le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne.

• Beidh 2 bhealach inar féidir le rannpháirtithe iarratas a dhéanamh ar shíneadh a chur lena gconradh:

o Trí théacsteachtaireacht: Ar dtús seolfar téacsteachtaireacht chuig gach rannpháirtí atá cláraithe leis an Roinn chun téacsteachtaireachtaí a fháil, agus tabharfar an rogha an freagra ‘DAFM T’ (Tá) nó ‘DAFM N’ (Níl) a sheoladh ar ais. Beidh 72 uair an chloig ag rannpháirtithe ón uair a fhaigheann siad téacsteachtaireacht chun freagra a sheoladh ar ais. Beidh an téacsteachtaireacht seo faighte ag rannpháirtithe cheana féin agus moltar dóibh freagra a sheoladh ar ais chomh luath agus is féidir.

o Is féidir iarratais a sheoladh ar aghaidh trí logáil isteach ar agfood.ie – beidh an suíomh beo ar an Déardaoin, an 18 Samhain 2021; is féidir leis an rannpháirtí nó le gníomhaire atá údaraithe chun feidhmiú ar a s(h)on i ndáil le GLAS iarratas a sheoladh ar aghaidh trí Agfood – is iad ‘tá’ nó ‘níl’ na roghanna atá curtha ar fáil.

• Ba cheart aon fhiosrúcháin a sheoladh chuig rannóg GLAS ag an seoladh ríomhphoist glas@agriculture.gov.ie nó ba cheart glaoch ar an uimhir 053 9163425

• Is é an 10 Nollaig 2021 an dáta deiridh a ghlacfar le freagairtí

Deimhneoidh an Roinn, ar leithligh, na socruithe maidir le conas is féidir le feirmeoirí atá páirteach sa Scéim Feirmeoireachta Orgánaí agus in BDGP iarratas a dhéanamh leanúint ar aghaidh lena rannpháirtíocht

CRÍOCH