An Lascadh Tailte Neamhdhleathach agus an Gearradh Fálta Neamhdhleathach
- Foilsithe: 3 Márta 2021
- An t-eolas is déanaí: 11 Aibreán 2025
Tá comhairle eisithe ag an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara d’fheirmeoirí agus dá gcomhairleoirí maidir le talamh talmhaíochta agus talamh foraoiseachta atá incháilithe a dhóitear le linn an tséasúir iata - is é sin le rá idir an 1 Márta agus an 31 Lúnasa.
Tá a Córas Rátála i leith Contúirte Dóiteáin dá chuid féin curtha i ngníomh ag an Roinn anois don séasúr agus is í an chomhairle a thugtar ón Roinn ná gur cheart d’úinéirí agus do bhainisteoirí Foraoise pleananna dóiteáin agus teagmhais ábhartha eile a sheiceáil agus a nuashonrú, leithéidí an árachais, toitbhearnaí, pointí rochtana agus pointí uisce, agus conarthaí héileacaptair príobháideacha srl., ionas go mbeifear réidh in am i bhfad roimh chéimeanna ardriosca dóiteáin. Ba cheart d’áitritheoirí tuaithe rioscaí falscaithe dá n-áitribh a mheas agus a ullmhú dá réir.
Ba cheart d’fheirmeoirí agus don phobal i gcoitinne, idir daoine a oibríonn faoin dtuath agus daoine atá ina gcónaí ann araon, a bheith ar an eolas ag an am seo den bhliain faoin damáiste a bhaineann leis an lascadh. Tá sé níos tábhachtaí ná mar a bhí riamh go dtí seo nach ndéanann aon duine tine neamhdhleathach a lasadh faoin tuath toisc go n-atreorófar acmhainní ó na seirbhísí éigeandála dá bharr.
Iarrann an Roinn ar gach duine a úsáideann an tuath a bheith airdeallach, agus aon ghníomhaíocht amhrasach a fheiceann siad a thuairisciú don Gharda Síochána, agus aon tinte neamhrialaithe nó atá ann gan aire tugtha dóibh a thuairisciú láithreach bonn do na Seirbhísí Dóiteáin agus Éigeandála, ach seirbhís 112/999 a úsáid.
Tá an Roinn tar éis feirmeoirí a ath-mheabhrú freisin maidir leis na hiarmhairtí diúltacha atá i gceist leis an talamh a dhó go mídhleathach.
Má dhéanann tú an talamh a dhó tar éis an 1 Márta:
• tá riosca ann go ndéanfar tú a ionchúiseamh,
• ní bheidh an talamh sin incháilithe le híoc faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí, ná faoi scéimeanna limistéarbhunaithe eile,
• d’fhéadfadh laghdú íocaíocht laghdaithe agus pionóis faoin scéim seo agus faoi na scéimeanna eile limistéarbhunaithe, mar shampla an Scéim um Limistéir um Shrianta Nádúrtha, mar thoradh ar thalamh a bheith lasctha go mídhleathach agus a bheith áirithe in iarratas faoi Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí 2021.
• is féidir go bhfágfar nach mbeidh talamh do chomharsana neamh-incháilithe le híocaíocht, chomh maith, dá bharr, agus
• sa chás go bhfuil sé cruthaithe gur lascadh tailte le linn an tséasúir iata, d’fhéadfadh oifigigh de chuid na Roinne an talamh sin a iniúchadh dá bharr.
Ag seo, tá an Roinn ag meabhrú d’fheirmeoirí freisin go bhfuil an séasúr chun fálaithe a ghearradh tar éis dúnadh chomh maith an 1 Márta, agus go mbeidh sé dúnta go dtí an 31 Lúnasa. Tá foráil déanta sa reachtaíocht (alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 arna leasú le halt 46 d’Acht Leasaithe 2000) d’úinéirí talún agus d’údaráis phoiblí aghaidh a thabhairt ar fhálta ag am ar bith den bhliain ar chúiseanna na sábháilteachta ar bhóithre.
Nótaí d’Eagarthóirí:
Tá loscadh fásra á rialú faoi na hAchtanna um Fhiadhúlra. Is cion é faoi Alt 40 den Acht um Fhiadhúlra, 1976 (arna leasú le hAlt 46 den Acht um Fhiadhúlra, 2000) aon fhásra atá ag fás ar aon talamh nach bhfuil á shaothrú ag an am sin a dhó idir an 01 Márta agus an 31 Lúnasa, aon bhliain. Má bheirtear ar dhuine ag dó an fhásra laistigh den tréimhse thoirmiscthe sin, beidh sé faoi dhliteanas go ndéanfadh an Garda Síochána nó an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS) é a ionchúiseamh. Níl aon ról ag an RTBM maidir le hionchúisimh.
Níl talamh a lasctar go mídhleathach incháilithe le híocaíocht faoi na scéimeanna limistéarbhunaithe.
Tá sé de dhualgas ar iarratasóirí ar Scéim na hÍocaíochta Bunúsaí agus scéimeanna limistéarbhunaithe eile an Tras-Chomhlíonadh a chomhlíonadh lena n-áirítear ceanglais maidir leis an lascadh fásra agus an dochar do thalamh ainmnithe a tharlaíonn de thoradh air. Sa chás go bhfaightear amach go raibh iarratasóir freagrach as na riachtanais sin a shárú, trí iniúchadh nó trí Tras-Thuarascáil a fháil ó NPWS, is féidir pionós a bheith gearrtha ar íocaíochtaí atá le híoc faoi na scéimeanna sin.
Meastar talamh a bhfaightear gur dódh é le linn an tséasúir mhionshonraithe nach gceadaítear an lascadh ann a bheith neamh-incháilithe, go huathoibríoch, faoi na scéimeanna tacaíochta éagsúla.
Táthar ag cur fógra i dteachtaireacht téacs chuig feirmeoirí freisin, agus an méid atá luaite ag seo thuas luaite ann.
Is féidir an córas rabhaidh RTBM um dóiteáin foraoise a fháil ag gov.ie - Fire Management (www.gov.ie)
Críoch