An nuacht is déanaí maidir leis an mBreatimeacht tugtha ag an Aire Creed ag Cruinniú Choiste Comhairleach na bPáirtithe Leasmhara agus béim leagtha aige ar ullmhacht i leith an Bhreatimeachta
- Foilsithe: 28 Bealtaine 2020
- An t-eolas is déanaí: 28 Bealtaine 2020
Thionóil an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, an 13ú cruinniú de Choiste Comhairleach Pháirtithe Leasmhara an Bhreatimeachta inné.
D'aithin an tAire Creed go bhfuil aird na bpáirtithe leasmhara dírithe le gairid ar thionchar COVID-19 a íoslaghdú agus a mhaolú, ach thapaigh sé an deis lena chur i gcuimhne dóibh:
"gan dearmad a dhéanamh ar na hathruithe atá ar tí tarlú ag deireadh na tréimhse aistrithe mar thoradh ar an mBreatimeacht agus a bheith dírithe air sin."
Dúirt an tAire chomh maith:
"Thug an cruinniú deis dúinn cumarsáid a dhéanamh le páirtithe leasmhara maidir le cúrsaí mar atá siad faoi láthair ó thaobh idirbheartaíochtaí an AE-RA agus ó thaobh Chur i bhFeidhm an Chomhaontaithe Aistarraingthe, lena n-áirítear an Prótacal ar Éirinn/Tuaisceart Éireann. Cibé toradh a bheidh ar na hidirbheartaíochtaí i ndáil le Comhpháirtíocht AE-RA sa Todhchaí, beidh athrú ar chúrsaí trádála, agus beidh athrú mór le déanamh ina leith sin, go háirithe na gnóthaí a bhíonn ag trádáil leis an mBreatain Mhór."
Thug oifigigh Roinne an t-eolas is déanaí do pháirtithe leasmhara maidir leis an réimse leathan oibre atá déanta le bheith ullamh don Bhreatimeacht agus ar an obair bhreise leanúnach a bheidh le déanamh. Moladh arís do pháirtithe leasmhara a iarraidh ar a gcuid ball a bhíonn ag trádáil leis an RA clárú leis an Roinn ionas go bhfaighidh siad faisnéis chuí go díreach, agus clárú leis na Coimisinéirí Ioncaim chun uimhir EORI a fháil.
Cuirfear tús le babhta eile idirbheartaíochtaí idir an RA agus an AE ar an 1 Meitheamh, babhta a mhairfidh seachtain, sula mbeidh Comhdháil Ardleibhéil an AE-RA ar siúl níos déanaí an mhí sin. Déanfar an dul chun cinn atá déanta go dtí seo a mheas ag an bpointe sin. Creideann an tAire agus an Rialtas i gcónaí gur chuir mandáid idirbheartaíochta an AE agus an dréacht-téacs dlí a cuireadh ar fáil bunchloch fhlaithiúil agus chothrom ar fáil ar ar féidir caidreamh nua AE-RA a thógáil uirthi.
Thug oifigigh ón Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, agus ó na Coimisinéirí Ioncaim, an t-eolas is déanaí chomh maith le cuir i láthair mhionsonraithe ar chúrsaí mar atá faoi láthair sna hidirbheartaíochtaí AE-RA, agus ar na Rialacha Tionscnaimh faoi seach.
Mar fhocal scoir dúirt an tAire:
"Molaim do pháirtithe leasmhara a chinntiú go bhfuil a gcuid ball ag leanúint leis an ullmhúchán lena chinntiú go mbeidh siad ullamh go hiomlán le dul i mbun trádála leis an RA nuair a bheidh an t-aistriú déanta."
CRÍOCH