English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 - Ár dTodhchaí a Dhaingniú

D’fháiltigh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Charlie McConalogue, TD, in éineacht leis na hAirí Stáit, an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon, TD, roimh sheoladh Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide na hÉireann 2021 inniu. Tugann an Plean breac-chuntas ar chonair chun astuithe gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú 51% in 2030.

Ag tagairt don Phlean, dúirt an tAire McConalogue:

“Is é seo an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide is uaillmhianaí a táirgeadh riamh agus cuireann sé feirmeoirí i gcroílár. Cuideoidh na spriocanna don talmhaíocht le feirmeacha na hÉireann a dhéanamh níos éifeachtaí ó thaobh carbóin de agus le hearnáil agraibhia níos athléimní a thógáil. Tá aithne níos fearr ag feirmeoirí ar an talamh ná atá ag aon duine agus is iadsan is fearr a bheidh in ann ár n-uaillmhianta aeráide a chomhlíonadh. Socraíonn an plean seo spriocanna uaillmhianacha maolaithe aeráide don fheirmeoireacht, ach aithníonn sé freisin seasamh speisialta na hearnála maidir le bia ar ardchaighdeán a tháirgeadh, agus tacú le geilleagar réigiúnach cothrom.

Cuid lárnach de seo go léir is ea a chinntiú go bhfuil earnáil láidir bhríomhar againn agus go gcosnaítear ioncaim feirme. Sin é an fáth go bhfuil beagnach €10 billiún curtha ar fáil agam mar thacaíocht do Phlean Straitéiseach nua CBT sa tréimhse ó 2023 - 2027. Táimid ag tabhairt aghaidh ar thréimhse athraithe inár n-earnáil agus leis an tacaíocht cheart is féidir lenár bhfeirmeoirí an t-athrú seo a threorú".

Socraíonn an Plean seo sprioc ar leithligh freisin don earnáil talamhúsáide, ag aithint an ról is féidir lenár bhforaoisí agus lenár dtalamh a imirt i mbaint carbóin ach ag aithint freisin gur féidir le talamh a bheith ina fhoinse astuithe.

Dúirt an tAire Stáit Pippa Hackett:

“Tá ceapadh carbóin ar cheann de raon seirbhísí tábhachtacha a sholáthraíonn foraoisí atá á mbainistiú go hinbhuanaithe. Aithníonn an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide seo tábhacht na bhforaoisí agus an adhmaid, agus an tionchar dearfach a bhíonn acu ar charbón a cheapadh agus a stóráil. Trí Thionscadal na Coillearnaí táimid ag dul i dteagmháil le saoránaigh chun fís nua a thógáil don earnáil foraoiseachta a chabhróidh le Straitéis Náisiúnta Foraoiseachta a mhúnlú. Tabharfar chun críche é seo sa chéad ráithe de 2022. Táimid ag athbhreithniú an chreata rialála freisin d’fhonn ár gcóras ceadúnaithe a shruthlíniú agus a dhéanamh níos éifeachtaí. Tá reachtaíocht á tabhairt ar aghaidh againn le go mbeidh sé níos éasca d’fheirmeoirí crainn dhúchasacha a phlandáil ar scála beag gan gá le ceadúnas. Tabharfaidh sé sin buntáistí ollmhóra bithéagsúlachta agus leanfaimid orainn, ar ndóigh, ag soláthar tacaíochta airgeadais láidre don earnáil. Mholfainn do gach feirmeoir machnamh dáiríre a dhéanamh ar fhoraoiseacht mar chuid dá bpleananna ar a bhfeirmeacha sna blianta amach romhainn.

Ina theannta sin, is linn carbóin thábhachtacha i dtírdhreach na hÉireann iad ár n-ithreacha. Tá sé de chumas ag astaíochtaí a laghdú trí dhéine bainistíochta laghdaithe ár n-ithreacha móna astaíochtaí GHG ó na hithreacha sin a laghdú go suntasach agus is bealach é chun cur go dearfach lenár n-uaillmhian i leith athrú aeráide.

Tá an Clár Rialtais tiomanta freisin do spriocanna uaillmhianacha chun an limistéar a ndéantar feirmeoireacht air a mhéadú go horgánach, agus táimid ag tacú leis sin le €256 milliún i dtacaíocht airgeadais i bPlean Straitéiseach nua an CBT."

Tá taighde, nuálaíocht theicneolaíoch agus glacadh ríthábhachtach chun na laghduithe ar astuithe sna hearnálacha talmhaíochta agus talamhúsáide a bhaint amach. Dúirt an tAire Stáit, Martin Heydon, TD:

“Beidh monatóireacht, tuairisciú agus fíorú sonraí maidir le sonraí astuithe bunlíne ríthábhachtach do ghníomhaíocht spriocdhírithe ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta agus chun leibhéil cinnteachta san fhardal náisiúnta a mhéadú. Trí theicneolaíocht dhigiteach, aistriú eolais agus oiliúint chomhshaoil a úsáid tá deis againn fíorathrú a chur chun cinn ar fheirmeacha.

Trí Teagasc, tá maoiniú á dhéanamh againn ar mearthaighde maidir le laghdú meatáin, agus is gearr go mbeidh cuid de na réitigh sin réidh le tráchtálú. Cinnteoimid freisin go gcuirfear an fhoghlaim ón taighde nuálach a dhéanaimid sa tír seo ar ais chuig feirmeoirí, d'fhonn a mbunlíne a fheabhsú.

Leanfaimid orainn ag soláthar tacaíochta do Bhord Bia, ionas gur féidir leas a bhaint as gníomh dearfach ar an aeráid chun bia na hÉireann a chur chun cinn mar ardtháirge, tógtha ar chórais bhia inbhuanaithe a tháirgeann bia den chaighdeán is airde."

Mar fhocal scoir, dúirt an tAire McConalogue:

“Tá na tiomantais seo chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú dúshlánach ach tá a fhios agam go bhfuil ár n-earnáil iontach tiomanta don dúshlán. Teastaíonn comhoibriú agus braistint freagrachta roinnte idir saoránaigh, an tionscal agus an Stát chun fíor-thorthaí a bhaint amach. Tá conair shoiléir againn chun muid a thabhairt cuid den bhealach ar an turas ar a bhfuilimid.

Tá a fhios againn freisin go bhfuilimid gar do thráchtálú a dhéanamh ar réitigh theicneolaíocha a thabharfaidh níos faide muid, agus go bhfuil fíor-acmhainneacht ann sruthanna nua ioncaim a fhorbairt chun luach saothair a thabhairt do ghníomhartha a laghdaíonn astuithe carbóin ar fheirmeacha. Leanfaimid orainn ag obair leis na páirtithe leasmhara go léir, ag dul i dteagmháil lenár bhfeirmeoirí, leis an tionscal, le taighdeoirí, le comhairleoirí, leis an tsochaí shibhialta agus leis an rialtas chun réitigh theicneolaíocha agus shamhlacha nua gnó a aithint chun nuálaíocht a spreagadh chun an dúshlán seo a chomhlíonadh."

Nóta d'Eagarthóirí:

Tá an doiciméad Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2021 ar fáil le feiceáil agus/nó le híoslódáil anseo: https://www.gov.ie/en/publication/6223e-climate-action-plan-2021/

CRÍOCH