English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An Roinn chun deireadh a chur leis an limistéar faireachais deireanach atá fágtha don Fhliú Éanúil An-Phataigineach

D’fhógair An Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara (DAFM) inniu go gcuirfear deireadh leis an limistéar Faireachais um Fhliú Éanúil An-Phataigineach (HPAI H5N1) deireanach atá fágtha ón Satharn seo chugainn, 22ú Eanáir. Bhí an limistéar lonnaithe i gContae Mhuineacháin agus bhí ceantar beag de Thuaisceart Éireann san áireamh freisin.

Cé go gcuirtear fáilte mhór roimh dheireadh a chur leis na srianta gluaiseachta ar éanlaith chlóis laistigh den limistéar, cuireann an Roinn béim láidir go bhfuil an tír fós sa tréimhse ardriosca maidir le Fliú Éanúil (AI) agus go bhfanfaidh sí amhlaidh go dtí deireadh mhí Aibreáin. Tá básanna éan fiáin fós á dtuairisciú agus tá éin fhiáine fós ag fáil tástálacha dearfacha maidir le AI ar fud na tíre.

Fanfaidh na bearta réamhchúraim gaibhniúcháin agus bithshlándála a thug an Roinn isteach i mí na Samhna 2021 faoin Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe 2013, chun an tionscal éanlaithe chlóis a chosaint, i bhfeidhm. Áirítear orthu sin an ceanglas maidir le gach éanlaith chlóis nó éan gafa a ghaibhniú sa chaoi is nach mbeidh rochtain ag éin fhiáine nó ag ainmhithe eile orthu agus bearta bithshlándála diana a chur i bhfeidhm d’éanlaith chlóis agus d’éin ghafa eile, chomh maith le cosc a chur ar éin a thabhairt le chéile.

Tá bithshlándáil dhian, lena n-áirítear tithíocht nó gaibhniúchán éanlaith, ríthábhachtach chun leathadh an ghalair a mhaolú agus chun ealtaí éanlaith chlóis a chosaint ar fud an oileáin. Iarrtar ar gach coimeádaí éanlaith chlóis leanúint de na caighdeáin bithshlándála is airde a choinneáil chun a n-ealtaí a chosaint agus chun aon amhras faoi ghalar a thuairisciú dá n-oifig tréidliachta réigiúnach áitiúil.

Tá comhairle bithshlándála ar fáil ag an nasc thíos

https://www.gov.ie/en/publication/50ce4-avian-influenza-bird-flu/

CRÍOCH