Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire chun bualadh le heagraíochtaí feirme maidir le híocaíochtaí agus níotráití

Mar aitheantas ar an tábhacht a bhaineann le híocaíochtaí scéime agus uainiú a n-eisiúna d'fheirmeoirí, agus chun uasdátú a thabhairt d'fheirmeoirí maidir leis an bplé a rinneadh le déanaí leis an gCoimisiún Eorpach i dtaca le Maolú Níotráití, tá cuireadh tugtha ag an Aire Charlie McConalogue T.D d'ionadaithe ó gach ceann de na comhlachtaí feirme chuig cruinniú Déardaoin an 7 Meán Fómhair chun an dá cheist a phlé agus chun éisteacht le hábhair imní na bhfeirmeoirí.

Dúirt an tAire McConalogue

“Aithním cé chomh tábhachtach is atá íocaíochtaí d'fheirmeoirí agus i ndáil leis sin, tá gealltanas tugtha againn - trí Chairt na bhFeirmeoirí - go n amharcfar le haghaidh 2024, ar dhátaí íocaíochta a thabhairt ar ais i gcomhréir leis an gclár roimhe seo nuair a bheidh na dúshláin a bhaineann le teicneolaíocht agus riarachán mar thoradh as an gclár nua CBT ar fad socruithe. Ba mhaith liom a chur in iúl arís do na heagraíochtaí feirme go bhfuil an Rialtas agus mo Roinn dírithe go hiomlán ar íocaíochtaí a dhéanamh le feirmeoirí faoi na scéimeanna éagsúla a luaithe is féidir agus leis an líon is mó feirmeoirí is féidir.

Maidir leis na Níotráití, rinne mé cás láidir leis an gCoimisinéir Sinkevicius chun maolú 250 kg/ha na hÉireann a choinneáil go dtí an chéad athbhreithniú eile, thug sé le fios go soiléir nach bhfuil seans ar bith ann go n-amharcfar arís ar an gcinneadh reatha. Tabharfaidh an cruinniú seo deis plé a dhéanamh le heagraíochtaí feirme ar cé chomh tábhachtach is atá sé go ndéanfaidh feirmeoirí a ngabháltais a bhainistiú laistigh de na teorainneacha maolaithe a bheidh i bhfeidhm ón 1 Eanáir an bhliain seo chugainn agus plé a dhéanamh ar an gcúnamh is féidir le mo Roinn a thairiscint”.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat