English

Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Cowen i mbun Cainteanna leis an gCoimisinéir Trádála Phil Hogan agus le hAire Thuaisceart Éireann Edwin Poots

Bhí comhdháil físe ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Barry Cowen TD inniu le Coimisinéir Trádála na hEorpa, Phil Hogan, agus labhair sé ar an bhfón trí ghlaoch comhdhála ar a chomhghleacaí i dTuaisceart Éireann, an tAire Talmhaíochta, Comhshaoil agus Gnóthaí Tuaithe, Edwin Poots MLA. Tionóladh an plé mar chuid de réimse rannpháirtíochtaí an Aire Cowen le príomh-idirghabhálaithe ó ceapadh é. Bhí na hAirí Stáit an Seanadóir Pippa Hackett agus Martin Heydon TD i dteannta an Aire.

Is éard a dúirt an tAire Cowen nuair a bhí cainteanna an lae inniu thart:

"Tá an-áthas orm go raibh deis agam inniu le teagmháil a dhéanamh leis an gCoimisinéir Hogan agus leis an Aire Poots. Dar ndóigh, ba théama comónta sa dá chomhrá cúrsaí Breatimeachta. Bhí comhrá an-tairbheach agam leis an gCoimisinéir Hogan ar chúrsaí mar atá faoi láthair maidir le hidirbheartaíochtaí AE-RA, agus thapaigh mé an deis chun an t-ábhar imní atá ar an tír seo i ndáil le cúraí agraibhia agus iascaigh, lena n-áirítear an tionchar eacnamaíochta a d'fhéadfadh a bheith ann tar éis Nollaig 2020, beag beann ar an toradh a bheidh ar na hidirbheartaíochtaí. Ar an mbealach céanna, bhí an comhrá a bhí agam leis an Aire Poots thar a bheith fiúntach agus labhraíomar faoi shocruithe trádála Thuaidh-Theas tar éis an Bhreatimeachta, prótacal na hÉireann/Thuaisceart Éireann a chur i bhfeidhm, agus na féidearthachtaí atá ann le haghaidh plé níos leithne AE-RA ar an gcaidreamh a bheidh eatarthu amach anseo."

Bhí comhrá tairbheach ag an Aire chomh maith leis an gCoimisinéir Hogan freisin ar an timpeallacht trádála idirnáisiúnta níos leithne, lena n-áirítear an gá atá le bheith ullamh chun freagairt d'aon chur isteach ar an margadh a thiocfadh chun cinn de bharr Chomhaontú Saortrádála an AE-Mercosur, chomh maith le leas a bhaint as deiseanna a thagann chun cinn de bharr forbairtí i ndáil le teacht a bheith ar mhargaí in FTAnna eile. Maidir le cúrsaí AE go ginearálta, thapaigh an tAire an deis chun staid na hÉireann a chur in iúl arís faoi nach mór an uaillmhian níos airde atá ann don chomhshaol agus aeráid tríd an gComhbheartas Talmhaíochta a mheaitseáil le buiséad oiriúnach CAP.

Mar focal scoir dúirt an tAire:

"Bhain mé an-tairbhe as plé an lae inniu, agus bhí sé tairbheach chomh maith go raibh mo chuid comhghleacaithe, an tAire Hackett agus an tAire Heydon iad féin páirteach. Tá sé i gceist againn leanúint den phróiseas rannpháirtíochta seo sna laethanta amach romhainn. Beimid ag casadh le mo chomhghleacaí sa Ríocht Aontaithe amárach, an Rúnaí Stáit George Eustice MP, agus beidh plé ar leithligh againn le Coimisinéir Talmhaíochta an AE, Janusz Wjociechowski agus le hionadaithe ar fheirmeoireacht agus tionscal na hÉireann Déardaoin."

CRÍOCH