Cuardaigh ar fad gov.ie

Preasráitis

An tAire Creed ag tabhairt faoina Thríú Misean Trádála Agraibhia chun na Síne

Beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD i mbun misean trádála agraibhia chun na Síne an tseachtain seo ina dtabharfaidh sé cuairt ar thrí chathair; Shang-hai, Béising agus Hohhot.

Dúirt an tAire Michael Creed TD roimh an Misean Trádála:

"Táim an-sásta a bheith i mbun an tríú misean trádála chun na Síne trína ndéanfar an caidreamh tábhachtach atá idir Éire agus an tSín i leith agraibhia a neartú agus a fhorbairt

"Mar chuid den mhisean seo, díreofar ar na caidrimh láidre atá againn cheana le gníomhaireachtaí an Rialtais agus gníomhaireachtaí rialála a neartú, teacht ar an margadh do tháirgí barrthábhachtacha a chur ar aghaidh, agus ar dheiseanna a chur ar fáil do chuideachtaí feola agus déiríochta na hÉireann ach go háirithe chun caidrimh a chothú le comhpháirtithe barrthábhachtacha na Síne."

B'ionann líon iomlán onnmhairí chun na Síne in 2018 agus beagnach €800 milliún, méadú faoi cheathair nach mór ó €200 milliún in 2010, de réir staitisticí trádála CSO (lena n-áirítear onnmhairí nach féidir a ithe ar nós foraoiseacht chomh maith le bia agus deochanna). B'ionann táirgí déiríochta agus 68% (€541 milliún) d'onnmhairí iomlána, bunaithe ar cháil na hÉireann mar phríomhtháirgeoir táirgí déiríochta ardchaighdeán a tháirgtear ar bhealach sábháilte agus inbhuanaithe. Catagóir thábhachtach eile is ea feoil mhuice, ar tháinig méadú €77 milliún ar a luach onnmhairithe an bhliain seo caite.

Ó fógraíodh in Aibreán 2018 go bhfuil rochtain ag earnáil mairteola na hÉireann ar mhargadh na Síne, tá seacht monarcha mairteola ceadaithe anois in Éirinn chun mairteoil a onnmhairiú chun na Síne. Cuireadh tús le mairteoil a onnmhairiú le linn shamhradh 2018 agus onnmhairíodh thart ar €2.8 milliún (1,400 tonna) faoi dheireadh 2018, ina bhfuil acmhainn shuntasach ann fás a dhéanamh amach anseo.

Dúirt an tAire Creed ar deireadh:

“Táim ag súil le teagmháil a dhéanamh le mo chontrapháirtithe sa tSín maidir leis an bpróiseas ceadaithe do roinnt monarchana mairteola eile, chomh maith le cainteanna a thabhairt ar aghaidh ar na céimeanna eile i dtreo rochtain a bheith ag earnáil na caoireola."

Beidh oifigigh shinsearacha ón Roinn Talmhaíochta Bia agus Mara agus ó Bhord Bia in éineacht leis an Aire Creed, chomh maith le rannpháirtíocht ó na cuideachtaí déiríochta agus feola is mó atá againn.

Dúirt Tara McCarthy , Príomhfheidhmeannach Bhord Bia, maidir leis an gcuairt:

"Chomh maith le teagmháil dhíreach idir an dá Rialtas, beidh an-tábhacht ag baint leis an misean trádála seo chun caidrimh thrádála bhuana a fhorbairt idir onnmhaireoirí na hÉireann agus soláthraithe na Síne. Chun béim a leagan ar thábhacht straitéiseach an réigiúin do thionscal bia agus dí na hÉireann, tá breis agus 500 uair de staidéir taighde cáilíochtúil curtha i gcrích ag Bord Bia sa réigiún chun an bealach chun margaidh is brabúsaí a aithint do tháirgeoirí na hÉireann. Chomh maith leis sin, cuidíonn na léargais seo chun eolas a chur ar fáil d'fheachtais tomhaltóra agus trádála leanúnacha dár gcuid sa tSín lena n-áirítear margaíocht ar líne, cuairteanna isteach ó cheannaitheoirí, agus feachtais chómhaoinithe AE, agus trí Origin Green, tá fianaise indeimhnithe againn ar chumas ár dtáirgeoirí agus cumas breis agus 66,000 feirmeoir deimhnithe chun bia a chur ar fáil atá ar ardchaighdeán, sábháilte agus inbhuanaithe.”

Dúirt an tAire Creed ar deireadh:

"Ar aon dul lenár straitéis chomhroinnte Food Wise 2025 maidir le fás inbhuanaithe na hearnála, is tosaíocht de chuid mo Roinne, i ndlúthchomhar le Bord Bia, Ambasáid na hÉireann agus an tionscal agraibhia, rochtain a mhéadú agus onnmhairí chun na Síne a fhorbairt agus a leathnú."

CRÍOCH

Nóta d'eagarthóirí:

Clár

Shang-hai, Dé Luain an 13 Bealtaine

Óstálfaidh an tAire Creed agus an toscaireacht cruinnithe tionscail le custaiméirí barrthábhachtacha na Síne i Shang-hai.

Shang-hai agus Béising, Dé Máirt an 14 Bealtaine agus Dé Céadaoin an 15 Bealtaine

Freastalóidh an tAire Creed ar oscailt oifigiúil SIAL agus Phailliún na hÉireann, i Shang-hai.

Cruinnithe le hAirí/contrapháirtithe i mBéising maidir le rochtain ar an margadh agus comhoibriú teicniúil.

Óstálfaidh an tAire ceiliúradh ar mhairteoil na hÉireann in Ambasáid na hÉireann, Béising.

Hohhot, An Ion-Mhongóil, Déardaoin an 14 Bealtaine

Beidh an tAire i mbun toscaireacht de lucht déiríochta na hÉireann chun bualadh le cuideachtaí déiríochta barrthábhachtacha na Síne.

Is ann don fhoirm seo d’aiseolas, agus sin amháin, a bhaineann leis an leathanach reatha.

Ná cuir faisnéis phearsanta ná airgeadais san áireamh.

Chun gov.ie a fheabhsú, déanfar anailís ar an bhfaisnéis a chuireann tú isteach agus ní thabharfar freagra uirthi ar bhonn indibhidiúil.

Conas mar a bhí d’eispéireas ar an leathanach reatha? (ag teastáil)

Tá 400 carachtar fágtha agat