An tAire Creed i mbun Misean Trádála Agraibhia chuig an tSeapáin agus chuig Poblacht na Cóiré
- Foilsithe: 10 Meitheamh 2019
- An t-eolas is déanaí: 16 Aibreán 2020
Beidh an tAire Talmhaíochta, Bia agus Mara, Michael Creed TD, i mbun misean trádála agraibhia chuig an tSeapáin agus chuig Poblacht na Cóiré an tseachtain seo. Tá tús áite tugtha don dá thír mar mhargaí ina bhfuil deiseanna suntasacha fáis i leith onnmhairí bia agus dí na hÉireann.
Dúirt an tAire Creed roimh an Misean Trádála:
"Tá ríméad orm a bheith ag dul i mbun an dara misean trádála chuig an tSeapáin agus chuig Poblacht na Cóiré chun naisc idir Éire agus an dá thír seo a neartú agus a fhorbairt maidir le hagraibhia. Cuidíonn Misin Thrádála le caidrimh a fhorbairt idir Rialtais agus idir gnónna agus is féidir leis na caidrimh sin difríocht mhór a dhéanamh i gcás onnmhaireoirí bia agus dí na hÉireann. Tá fíorthábhacht ag baint leis an obair seo i gcomhthéacs an Bhreatimeachta."
An tSeapáin
B'ionann líon iomlán na n-onnmhairí chun na Seapáine in 2018 agus €115 milliún, dhá oiread leibhéal na n-onnmhairí in 2016, de réir staitisticí trádála CSO (lena n-áirítear onnmhairí nach féidir a ithe, foraoiseacht mar shampla, chomh maith le bia agus deochanna). B'ionann onnmhairí muiceola chuig an tSeapáin anuraidh agus €41 milliún; agus b'ionann táirgí déiríochta, cáis chéadair go príomha, agus €40 milliún. Is catagóirí tábhachtacha onnmhairithe eile iad iasc (€14 milliún) agus deochanna (€8 milliún).
B'ionann onnmhairí mairteola chuig an tSeapáin agus €3.6 milliún anuraidh. I ndiaidh malartuithe teicniúla mionsonraithe agus cuairt iniúchta a thabhairt, d'fhógair údaráis na Seapáine an mhí seo caite go bhfuil deireadh curtha leis an srian ar onnmhairí mairteola ó ainmhithe níos sine ná 30 mí, rud a chuireann deiseanna eile fáis ar fáil.
Dúirt an tAire Creed:
"Díreoidh cruinnithe idir an dá Rialtas sa tSeapáin ar iarratas na hÉireann teacht a bheith ar an margadh caoireola, chomh maith leis na deiseanna a thiocfaidh chun cinn don dá thír faoin gComhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíochta AE/an tSeapáin (JEEPA) a fhiosrú. Bliain thar a bheith tábhachtach is ea 2019 maidir leis an gcaidreamh idir Éire agus an tSeapáin toisc go mbeidh na mílte duine de lucht tacaíochta Rugbaí na hÉireann ag triail ar an tír do Chorn an Domhain sa Rugbaí san fhómhar. Tabharfaidh Éire aghaidh ar an tSeapáin sna babhtaí grúpa, rud a chinnteoidh go mbeidh eolas mór ar Éirinn agus a chuirfidh deis ar fáil dúinn gach a bhaineann le hÉirinn ó thaobh bia, turasóireachta agus trádála a chur in iúl lena linn."
Poblacht na Cóiré
Is onnmhaireoir suntasach de tháirgí na hÉireann é Poblacht na Cóiré cheana féin, agus b'ionann onnmhairí in 2018 agus €36 milliún. B'iad muiceoil agus iasc na príomhchatagóirí onnmhairithe.
Dúirt an tAire Creed:
"Ba mhaith liom próifíl na hÉireann mar tháirgeoir bia atá slán agus ar ardchaighdeáin a fhorbairt tuilleadh do mhargadh luachmhar na Cóiré. Le linn cruinnithe idir an dá Rialtas, díreofar ar na chéad chéimeanna eile a chur chun cinn d'fhonn teacht a bheith ag an tír seo ar an margadh mairteola agus éineola."
Roimh an gcuairt, dúirt Príomhfheidhmeannach Bord Bia, Tara McCarthy:
"Táimid chun acmhainní Bord Bia a mhéadú sa tSeapáin agus sa Chóiré Theas chun deiseanna d'onnmhaireoirí agus táirgeoirí na hÉireann a threisiú agus chun an sciar den mhargadh atá acu a fhorbairt. Léiríonn na léargais mhargaidh agus tomhaltóra dúinn go bhfuil bia na hÉireann a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe in áit mhaith chun leas a bhaint as tuiscint atá ag méadú i measc tomhaltóirí ar an tábhacht a bhaineann le bia a tháirgeadh ar bhealach inbhuanaithe. Tríd an misean trádála seo, tabharfar deis dúinn táirgí faoi leith na tíre seo a tháirgtear ar bhealach inbhuanaithe a chur i láthair daoine ag na leibhéil is airde i dtionscal an bhia sa dá thír. Tá meascán de chláir arna dtreorú ag léargais agus deiseanna rannpháirtíochta straitéiseacha do cheannaitheoirí curtha i dtoll a chéile againn an tseachtain seo a thacóidh le cuideachtaí bia agus dí na hÉireann ina gcuid iarrachtaí caidrimh trádála barrthábhachtacha a neartú agus deiseanna nua gnó a chruthú."
Mar fhocal scoir dúirt an tAire Creed:
"ar aon dul lenár straitéis chomhroinnte Food Wise 2025 maidir le fás inbhuanaithe na hearnála, is tosaíocht de chuid mo Roinne, i ndlúthchomhar le Bord Bia, Fiontar Éireann, Ambasáidí na hÉireann i dTóiceo agus i Súl agus earnáil agraibhia na hÉireann ar an iomlán, an teacht atá againn ar an margadh a mhéadú, ár gcuid onnmhairí chuig margaí nua a fhorbairt agus a mhéadú, margaí na Seapáine agus Phoblacht na Cóiré ach go háirithe."
CRÍOCH
Nóta d'eagarthóirí:
Clár
Tóiceo 11 - 12 Meitheamh
- Labhróidh an tAire Creed ag an imeacht ‘Flavours of Ireland’, chun bia agus deochanna ardchaighdeáin na hÉireann a chur chun cinn
- Cruinnithe le custaiméirí barrthábhachtacha na Seapáine
- Cruinniú le Léig Chairdis Pharlaiminte na Seapáine/na hÉireann
- Cruinnithe rialtais maidir le rochtain ar an margadh agus comhar teicniúil
Súl 13 - 14 Meitheamh
- Osclóidh an tAire Creed Seimineár Bord Bia maidir le Déiríocht agus Seimineár AE maidir le Mairteoil agus Muiceoil
- Seolfaidh an tAire ‘Gourmet Ireland Food Week’
- Osclóidh an tAire Creed Seimineár an AE maidir le Mairteoil agus Muiceoil
- Cruinnithe le hAirí/contrapháirtithe maidir le teacht a bheith ar an margadh agus comhoibriú teicniúil